search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 40 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 124

 

Airteagal 40

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 12 Meán Fómhair 2025, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh. Déanfaidh an Coimisiún nuashonrú tráthrialta agus cothabháil tráthrialta ar chlár poiblí, a mbeidh rochtain éasca air, de na bearta sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na moltaí ó EDIB agus na critéir neamh-uileghabhálacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an páirtí sáraitheach chun an damáiste a rinne an sárú a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an páirtí sáraitheach roimhe sin;

(d)

na sochair airgeadais a ghnóthaigh an páirtí sáraitheach, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir na sochair nó na caillteanais sin a shuí go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith imthosca an cháis;

(f)

láimhdeachas bliantúil an pháirtí sháraithigh sa bhliain airgeadais roimhe sin san Aontas.

4.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus V den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méiddtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

5.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil V den Rialachán seo, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, laistigh de raon feidhme a inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus suas leis an méiddtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.


whereas









keyboard_arrow_down