keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Oibleagáid sonraí táirge agus sonraí seirbhísí gaolmhara a dhéanamh inrochtana don úsáideoir
- Airteagal 4 Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil
- Airteagal 5 Ceart an úsáideora sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe
- Airteagal 6 Oibleagáidí tríú páirtithe a fhaigheann sonraí arna iarraidh sin don úsáideoir
- Airteagal 7 Raon feidhme na hoibleagáide comhroinnte sonraí gnólacht le tomhaltóir agus gnólacht le gnólacht
- Airteagal 8 Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí
- Airteagal 9 Cúiteamh as sonraí a chur ar fáil
- Airteagal 10 Díospóidí a réiteach
- Airteagal 11 Bearta teicniúla cosanta maidir le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh sonraí
- Airteagal 12 Raon feidhme oibleagáidí do shealbhóirí sonraí a bhfuil oibleagáid de bhun dhlí an Aontais orthu sonraí a chur ar fáil
- Airteagal 13 Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile
- Airteagal 14 Oibleagáid sonraí a chur ar fáil ar bhonn riachtanas eisceachtúil
- Airteagal 15 Riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid
- Airteagal 16 Caidreamh le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil do na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais
- Airteagal 17 Iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil
- Airteagal 18 Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí
- Airteagal 19 Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais
- Airteagal 20 Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann
- Airteagal 21 Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtaí staidrimh
- Airteagal 22 Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann
- Airteagal 23 Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach
- Airteagal 24 Raon feidhme na n-oibleagáidí teicniúla
- Airteagal 25 Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach
- Airteagal 26 Oibleagáid faisnéise ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 27 Oibleagáid de mheon macánta
- Airteagal 28 Oibleagáidí trédhearcachta conarthacha maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú
- Airteagal 29 Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile
- Airteagal 30 Gnéithe teicniúla an athraithe
- Airteagal 31 Córas sonrach le haghaidh seirbhísí áirithe próiseála sonraí
- Airteagal 32 Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú
- Airteagal 33 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí
- Airteagal 34 Idir-inoibritheacht chun úsáid chomhthreomhar a bhaint as seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 35 Idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 36 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú
- Airteagal 37 Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí
- Airteagal 38 Ceart chun gearán a dhéanamh
- Airteagal 39 Ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach
- Airteagal 40 Pionóis
- Airteagal 41 Téarmaí conarthacha eiseamláireacha agus clásail chonarthacha chaighdeánacha
- Airteagal 42 Ról EDIB
- Airteagal 43 Bunachair sonraí ina bhfuil sonraí áirithe
- Airteagal 44 Gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear cearta agus oibleagáidí maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí
- Airteagal 45 An tarmligean a fheidhmiú
- Airteagal 46 Nós imeachta coiste
- Airteagal 47 Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2394
- Airteagal 48 Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
- Airteagal 49 Meastóireacht agus athbhreithniú
- Airteagal 50 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS
CAIBIDIL IV
TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR
CAIBIDIL V
SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL
CAIBIDIL VI
AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ
CAIBIDIL VII
ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA
CAIBIDIL VIII
IDIR-INOIBRITHEACHT
CAIBIDIL IX
CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ
CAIBIDIL X
CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE
CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- sonraí 41
- agus 22
- poiblí 14
- comhlacht 12
- airteagal 12
- earnála 11
- fáil 11
- chuid 10
- gcás 10
- bhun 10
- leis 10
- atá 10
- chun 10
- iarraidh 10
- aontais 9
- chur 8
- eorpach 8
- sealbhóir 8
- ceannais 7
- coimisiún 7
- arna 7
- bhfuil 7
- maidir 6
- beidh 6
- shonrú 5
- shonraí 5
- ae / 5
- mír 4
- gcomhréir 4
- tríú 4
- airteagal 4
- pearsanta 4
- pointe 4
- mhíchuí 4
- moill 4
- banc 4
- dtagraítear 4
- lena 4
- eisceachtúil 4
- comhlachtaí 4
- údarás 3
- páirtithe 3
- bunaithe 3
- n-iarraidh 3
- cuirfidh 3
- teicniúla 3
- iarrtar 3
- tharchur 3
- caibidle 3
- chomhlacht 3
Airteagal 17
Iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil
1. Agus sonraí á n-iarraidh de bhun Airteagal 14, déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an méid seo a leanas:
(a) | a shonrú ann na sonraí atá ag teastáil, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid; |
(b) | a léiriú ann go bhfuil na coinníollacha is gá le go mbeidh riachtanas eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 15 chun na críche a bhfuil na sonraí á n-iarraidh comhlíonta; |
(c) | a mhíniú ann cuspóir na hiarrata, úsáid bheartaithe na sonraí a iarradh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ag tríú páirtí i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, fad na húsáide sin, agus, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a ndéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun aghaidh a thabhairt ar an ngá eisceachtúil; |
(d) | a shonrú ann, más féidir, cathain a mheastar go scriosfaidh na páirtithe uile a bhfuil rochtain acu orthu na sonraí; |
(e) | údar maith a thabhairt le rogha an tsealbhóra sonraí ar a bhfuil an iarraidh dírithe; |
(f) | a shonrú ann aon chomhlacht earnála poiblí eile, nó an Coimisiún, Banc Ceannais Eorpach nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus na tríú páirtithe a bhfuiltear ag súil go roinnfear na sonraí a iarrtar leo; |
(g) | i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, a shonrú ann aon bhearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá agus is comhréireach chun prionsabail cosanta sonraí agus coimircí is gá a chur chun feidhme, amhail bréagainmniú, agus cibé an féidir leis an sealbhóir sonraí anaithnidiú a chur i bhfeidhm sula gcuirfear na sonraí ar fáil; |
(h) | luafar an fhoráil dlí lena leithdháiltear ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail agus atá ábhartha maidir leis na sonraí a iarraidh; |
(i) | an spriocdháta a shonrú faoina gcuirfear na sonraí ar fáil agus an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) faoina bhféadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó féachaint leis an iarraidh a mhodhnú; |
(j) | a dhícheall a dhéanamh chun go gcomhlíonfar an iarraidh ar shonraí a mbeidh dliteanas na sealbhóirí sonraí i leith sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta mar thoradh uirthi a sheachaint. |
2. Maidir le hiarraidh ar shonraí arna déanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méid seo a leanas i gceist léi:
(a) | déanfar i scríbhinn í agus cuirfear in iúl iad i bhfriotal soiléir, gonta agus simplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí; |
(b) | beidh sí sonrach maidir leis an gcineál sonraí a iarrtar agus comhfhreagróidh sí do shonraí ag a bhfuil rialú ag sealbhóir na sonraí tráth an iarratais; |
(c) | beidh sí comhréireach leis an riachtanas eisceachtúil atá ann agus beidh údar cuí léi, maidir le gráinneacht agus méid na sonraí a iarrtar agus maidir le minicíocht rochtana na sonraí arna n-iarraidh; |
(d) | urramóidh sí aidhmeanna dlisteanacha an tsealbhóra sonraí, beidh sí tiomanta cosaint rún trádála a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 19(3), agus an costas agus iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil; |
(e) | bainfidh sí le sonraí neamhphearsanta, agus sa chás amháin go léirítear nach leor sin chun freagairt don ghá eisceachtúil atá le sonraí a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (a), sonraí pearsanta faoi ainm bréige a iarraidh agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le déanamh chun na sonraí a chosaint a bhunú; |
(f) | cuirfidh sí an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi na pionóis a bheidh le forchur de bhun Airteagal 40 ag an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 i gcás neamh-chomhlíonadh na hiarrata; |
(g) | i gcás inarb é comhlacht de chuid na hearnála poiblí a dhéanann an iarraidh, déanfar í a tharchur chuig an gcomhordaitheoir sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 37, de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí iarrthach bunaithe, agus cuirfidh sé an iarraidh ar fáil go poiblí ar líne gan moill mhíchuí mura rud é go measann an comhordaitheoir sonraí go gcruthófaí le foilsiú den sórt sin riosca don tslándáil phoiblí; |
(h) | i gcás ina ndéanann an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an iarraidh, cuirfear í ar fáil ar líne gan moill mhíchuí; |
(i) | i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, tabharfar fógra gan moill mhíchuí don údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí bunaithe. |
Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí an Aontais an Coimisiún ar an eolas faoina n-iarrataí.
3. Ní chuirfidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, ná comhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo ar fáil lena n-athúsáid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2022/868 nó Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/1024. Ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) 2022/868 ná ag Treoir (AE) 2019/1024 maidir leis na sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo.
4. Le mír 3 den Airteagal seo, ní chuirtear bac ar an gcomhlacht earnála poiblí, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach ná ar chomhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo a mhalartú le comhlacht earnála poiblí eile nó leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais d’fhonn na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur i gcrích, mar a shonraítear san iarraidh i gcomhréir le mír 1, pointe (f), den Airteagal seo, ná na sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí i gcás ina ndearna sé, trí bhíthin comhaontú atá ar fáil go poiblí, cigireachtaí teicniúla nó feidhmeanna eile a tharmligean don tríú páirtí sin. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá ar na comhlachtaí earnála poiblí de bhun Airteagal 19, go háirithe coimircí chun rúndacht rún trádála a chaomhnú, freisin maidir leis na tríú páirtithe sin. I gcás ina ndéanann an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí gan moill mhíchuí.
5. I gcás ina mheasann an sealbhóir sonraí gur sáraíodh a chearta faoin gCaibidil seo trí shonraí a tharchur nó a chur ar fáil, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.
6. Forbróidh an Coimisiún teimpléad samplach d’iarrataí de bhun an Airteagail seo.
whereas