search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'thagann' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index thagann:


whereas thagann:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 786

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe, inter alia, maidir le:

(a)

sonraí táirge agus sonraí seirbhíse gaolmhaire a chur ar fáil d’úsáideoir an táirge nasctha nó na seirbhíse gaolmhaire;

(b)

sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoirí sonraí ag sealbhóirí sonraí;

(c)

sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais ag sealbhóirí sonraí, i gcás ina bhfuil géarghá leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích;

(d)

malartú idir seirbhísí próiseála sonraí a éascú;

(e)

coimircí a thabhairt isteach in aghaidh rochtain neamhdhleathach tríú páirtí ar shonraí neamhphearsanta; agus

(f)

caighdeán idir-inoibritheachta a fhorbairt chun rochtain a fháil ar shonraí, sonraí a aistriú agus sonraí a úsáid.

2.   Cumhdaítear leis an Rialachán seo sonraí pearsanta agus neamhphearsanta, lena n-áirítear na cineálacha sonraí seo a leanas, sna comhthéacsanna seo a leanas:

(a)

tá feidhm ag Caibidil II maidir le sonraí, cé is moite d’ábhar, a bhaineann le feidhmíocht, úsáid agus timpeallacht na dtáirgí nasctha agus na seirbhísí gaolmhara;

(b)

tá feidhm ag Caibidil III maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach atá faoi réir oibleagáidí reachtúla maidir le comhroinnt sonraí;

(c)

tá feidhm ag Caibidil IV maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach a ndéantar rochtain orthu agus a úsáidtear ar bhonn conartha idir fiontair;

(d)

tá feidhm ag Caibidil V maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach lena ndírítear ar shonraí neamhphearsanta;

(e)

tá feidhm ag Caibidil VI maidir le haon sonraí agus seirbhísí arna bpróiseáil ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí;

(f)

tá feidhm ag Caibidil VII maidir le haon sonraí neamhphearsanta atá á gcoinneáil san Aontas ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

monaróirí táirgí nasctha a chuirtear ar an margadh san Aontas agus soláthraithe seirbhísí gaolmhara, gan beann ar áit bhunaíochta na monaróirí agus na soláthraithe sin;

(b)

úsáideoirí táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara san Aontas dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

sealbhóirí sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a chuireann sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí san Aontas;

(d)

faighteoirí sonraí san Aontas a gcuirtear sonraí ar fáil dóibh;

(e)

comhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus comhlachtaí de chuid an Aontais a iarrann ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil i gcás ina bhfuil riachtanas eisceachtúil leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích agus i gcás ina soláthraíonn sealbhóirí sonraí na sonraí sin mar fhreagra ar iarraidh mar sin;

(f)

soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a sholáthraíonn seirbhísí mar sin do chustaiméirí san Aontas;

(g)

rannpháirtithe i spásanna sonraí agus díoltóirí feidhmchlár a úsáideann conarthaí cliste agus daoine a mbaineann a dtrádáil, a ngnó nó a ngairm le conarthaí cliste a imscaradh le haghaidh daoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe a fhorghníomhú.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do tháirgí nasctha nó do sheirbhísí gaolmhara, tuigfear go n-áirítear le tagairtí den sórt sin cúntóirí fíorúla freisin, a mhéid a idirghníomhaíonn siad le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le sonraí pearsanta a chosaint, príobháideachas agus rúndacht cumarsáide agus sláine trealaimh teirminéil, ag a mbeidh feidhm maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE, lena n-áirítear cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta agus cearta na n-ábhar sonraí. A mhéid is ábhair sonraí iad úsáideoirí, comhlánóidh na cearta a leagtar síos i gCaibidil II den Rialachán seo cearta rochtana na n-ábhar sonraí agus cearta chun iniomparthacht sonraí faoi Airteagail 15 agus 20 de Rialachán (AE) 2016/679. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó príobháideachas, nó an reachtaíocht náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir leis an dlí sin de chuid an Aontais, agus ag dlí ábhartha an Aontais nó ag an dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas.

6.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le socruithe deonacha malartaithe sonraí idir eintitis phríobháideacha agus phoiblí, go háirithe socruithe deonacha comhroinnte sonraí, agus ní thagann sé roimh na socruithe sin.

Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais ná do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chomhroinnt sonraí, d’úsáid sonraí agus do rochtain ar shonraí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná chun críocha custaim agus cánachais, go háirithe Rialacháin (AE) 2021/784, (AE) 2022/2065 agus (AE) 2023/1543 agus Treoir (AE) 2023/1544, ná do chomhar idirnáisiúnta sa réimse sin. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le bailiú nó comhroinnt sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847, maidir le rochtain ar shonraí ná maidir le húsáid sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847 agus Treoir (AE) 2015/849. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus i gcás ar bith ní dhéantar difear leis d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint nó slándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a gcuireann na Ballstáit de chúram air cúraimí a dhéanamh i ndáil leis na hinniúlachtaí sin, ná ar an gcumhacht atá acu feidhmeanna bunriachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú. Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le riarachán custaim agus cánach nó le sláinte agus sábháilteacht na saoránach.

7.   Leis an Rialachán seo, comhlánaítear cur chuige féinrialála Rialachán (AE) 2018/1807 trí oibleagáidí atá infheidhme go ginearálta maidir le malartú néalríomhaireachta a chur leis.

8.   Ní dochar an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais agus do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Treoracha 2001/29/CE, 2004/48/CE, agus (AE) 2019/790.

9.   Leis an Rialachán seo, comhlánaítear dlí an Aontais agus ní dochar é do dhlí an Aontais arb é is aidhm dó leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, agus a sláinte, a sábháilteacht agus a leasanna eacnamaíocha a chosaint, go háirithe Treoracha 93/13/CEE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE

10.   Ní chuirtear bac, leis an Rialachán seo, ar chonarthaí deonacha comhroinnte sonraí dleathacha a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cómhalartach, ar conarthaí iad lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 33

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí

1.   Rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile, comhlíonfaidh siad na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas chun idir-inoibritheacht sonraí, sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí, chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a éascú, ar creataí idir-inoibritheacht sainchuspóireacha nó earnála nó trasearnála do chaighdeáin agus do chleachtais choiteanna iad chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a fhorbairt:

(a)

I gcás inarb infheidhme, déanfar tuairisc leordhóthanach ar inneachar an tacair sonraí, ar shrianta úsáide, ar cheadúnais, ar mhodheolaíocht bailithe sonraí, ar cháilíocht agus ar neamhchinnteacht sonraí i bhformáid mheaisín-inléite ionas go mbeidh an faighteoir in ann na sonraí a aimsiú, a rochtain agus a úsáid;

(b)

I gcás go mbeidh fáil orthu, déanfar tuairisc ar struchtúir sonraí, formáidí sonraí, stóir focal, scéimeanna aicmithe, tacsanomaíochtaí agus códliostaí ar bhealach comhsheasmhach atá ar fáil go poiblí;

(c)

déanfar tuairisc leordhóthanach ar na modhanna teicniúla chun rochtain a fháil ar na sonraí, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, mar aon lena dtéarmaí úsáide agus cáilíocht a seirbhíse le gur féidir sonraí a rochtain agus a tharchur go huathoibríoch idir páirtithe, lena n-áirítear go leanúnach, in oll-íoslódáil, nó i bhfíor-am, i bhformáid mheaisín-inléite i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus nach gcuireann sé isteach ar dhea-fheidhmiú an táirge nasctha;

(d)

i gcás inarb infheidhme, soláthrófar na modhanna chun idir-inoibritheacht uirlisí a chumasú chun feidhmiú comhaontuithe comhroinnte sonraí a uathoibriú, amhail conarthaí cliste.

D’fhéadfadh cineál cineálach a bheith ag baint leis na ceanglais sin nó d’fhéadfadh baint a bheith acu le hearnálacha ar leith, agus an t-idirghaol le ceanglais a thagann ó dhlí eile de chuid an Aontais nó ó dhlí náisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, i ndáil leis na ceanglais sin nach féidir, de bharr a gcineáil, an éifeacht bheartaithe a bheith acu mura ndéanfar iad a shonrú tuilleadh i ngníomhartha dlí ceangailteacha de chuid an Aontais agus chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh a léiriú i gceart.

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún comhairle EDIB i gcomhréir le hAirteagal 42, pointe (c)(iii) san áireamh.

3.   Measfar go bhfuil rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, agus a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin choimhchuibhithe sin nó le codanna díobh.

4.   Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú a chomhlíonann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus:

(i)

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii)

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

6.   Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 5 den Airteagal seo comhlíonta.

7.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

8.   Na rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na sonraíochtaí coiteanna a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 nó codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.

9.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún chun críche a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, nó codanna díobh a chumhdaíonn na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

10.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

11.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh agus an togra ó EDIB á chur san áireamh aige i gcomhréir le hAirteagal 30, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/868 lena leagtar síos creataí idir-inoibritheacha do chaighdeáin agus cleachtais choiteanna maidir le feidhmiú spásanna coiteanna sonraí Eorpacha.

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.

Airteagal 43

Bunachair sonraí ina bhfuil sonraí áirithe

Ní bheidh feidhm ag an gceart sui generis dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 96/9/CE nuair a fhaightear sonraí ó tháirge nasctha nó ó sheirbhís ghaolmhar nó a ghintear le táirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe maidir le hAirteagail 4 agus 5 de.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas









keyboard_arrow_down