search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 8 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 205

 

Airteagal 8

Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh

1.   Áiritheoidh agus léireoidh an geatóir go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo. Beidh na bearta atá á gcur chun feidhme ag an ngeatóir chun comhlíonadh na nAirteagal sin a áirithiú éifeachtach maidir le cuspóirí an Rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach. Áiritheoidh an geatóir go gcomhlíonann cur chun feidhme na mbeart sin an dlí infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, Treoir 2002/58/CE, reachtaíocht maidir le cibearshlándáil, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht táirgí, agus na riachtanais inrochtaineachta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó gheatóir de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tús a chur le himeachtaí de bhun Airteagal 20.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 a chomhlíonadh go héifeachtach. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin laistigh de 6 mhí ó imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Agus tús á chur le himeachtaí aige ar a thionscnamh féin ar mhaithe le himchéimniú, de bhun Airteagal 13, féadfaidh bearta den sórt sin a bheith bainteach leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7.

3.   Féadfaidh geatóir a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun próisis chun a chinneadh maidir leis na bearta atá beartaithe ag an ngeatóir sin a chur chun feidhmeatá curtha chun feidhme aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 6 agus 7 an mbeidh siad éifeachtach chun cuspóir na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach in imthosca sonracha an gheatóra. Beidh lánrogha ag an gCoimisiún agus cinneadh á dhéanamh aige an rachaidh sé i mbun próisis den sórt sin, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na córa comhionainne, na comhréireachta agus an dea-riaracháin.

San iarraidh uaidh, soláthróidh an geatóir aighneacht réasúnaithe chun na bearta atá sé i gceist aige a chur chun feidhmeatá curtha chun feidhme aige a mhíniú. Thairis sin, soláthróidh an geatóir leagan neamhrúnda dá aighneacht réasúnaithe is ceadmhach a roinnt le tríú páirtithe de bhun mhír 6.

4.   Tá míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.

5.   D’fhonn an cinneadh faoi mhír 2 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir laistigh de 3 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh faoi Airteagal 20. Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún na bearta atá sé a bheartú a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.

6.   Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú go héifeachtach le tráchtanna a dhéanamh, foilseoidh an Coimisiún, agus a réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 5 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar na bearta a mheasann sé a dhéanfaidh sé, nó a mheasann sé ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

7.   Agus na bearta faoi mhír 2 á sonrú aige, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil na bearta éifeachtach maidir le cuspóirí an Rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach, agus go bhfuil siad comhréireach in imthosca sonracha an gheatóra agus na seirbhíse ábhartha.

8.   Chun na hoibleagáidí faoi Airteagal 6(11) agus (12) a shonrú, déanfaidh an Coimisiún a mheas freisin an áirithíonn na bearta atá beartaithe nó atá curtha chun feidhme nach bhfuil aon éagothroime ó thaobh cearta agus oibleagáidí ar úsáideoirí gnó agus nach dtugann na bearta féin buntáiste don gheatóir, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó.

9.   Maidir le himeachtaí de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh iad a oscailt an athuair sa chás:

(a)

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu; nó

(b)

gur bunaíodh an cinneadh ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach; nó

(c)

nach bhfuil na bearta mar atá sonraithe sa chinneadh éifeachtach.


whereas









keyboard_arrow_down