search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 31 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 109

 

Airteagal 31

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíochtpionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas domhanda laethúil sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur in aghaidh an lae ar ghnóthais, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, agus ar chomhlachais ghnóthas, arna ríomh ón dáta a socraíodh leis an gcinneadh sin, chun iallach a chur orthu:

(a)

na bearta a shonraigh an Coimisiún de bhun cinneadh faoi Airteagal 8(2) a chomhlíonadh;

(b)

an cinneadh de bhun Airteagal 18(1) a chomhlíonadh;

(c)

faisnéis atá ceart agus iomlán a sholáthar laistigh den teorainn ama a cheanglaítear de bharr iarrata ar fhaisnéis arna déanamh de bhun Airteagal 21;

(d)

rochtain ar shonraí, ar algartaim agus ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 21(3) a áirithiú agus míniúcháin orthu sin a sholáthar de réir mar a cheanglaítear le cinneadh de bhun Airteagal 21;

(e)

géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 23;

(f)

cinneadh lena n-ordaítear bearta idirlinne a dhéanamh de bhun Airteagal 24 a chomhlíonadh;

(g)

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25(1) a chomhlíonadh;

(h)

cinneadh de bhun Airteagal 29(1) a chomhlíonadh.

2.   I gcás inar shásaigh na gnóthais, nó na comhlachais ghnóthas, an oibleagáid a bhí beartaithe a fhorfheidhmiú leis an íocaíocht phionósach thréimhsiúil, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena socraítear méid deifnídeach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla ag figiúr atá níos ísle ná mar a bheadhfaoin gcinneadh bunaidh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).


whereas









keyboard_arrow_down