keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Ainmniú geatóirí
- Airteagal 4 Athbhreithniú ar stádas geatóirí
- Airteagal 5 Oibleagáidí geatóirí
- Airteagal 6 Oibleagáidí do gheatóirí a bhféadfaí sonrú breise a dhéanamh orthu faoi Airteagal 8
- Airteagal 7 Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir
- Airteagal 8 Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh
- Airteagal 9 Fionraí
- Airteagal 10 Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí
- Airteagal 11 Tuairisciú
- Airteagal 12 Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú
- Airteagal 13 Frith-imchéimniú
- Airteagal 14 An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
- Airteagal 15 Oibleagáid maidir le hiniúchadh
- Airteagal 16 Imscrúdú margaidh a thionscnamh
- Airteagal 17 Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú
- Airteagal 18 Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach
- Airteagal 19 Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua
- Airteagal 20 Imeachtaí a thionscnamh
- Airteagal 21 Iarrataí ar fhaisnéis
- Airteagal 22 An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil
- Airteagal 23 Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh
- Airteagal 24 Bearta eatramhacha
- Airteagal 25 Gealltanais
- Airteagal 26 Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta
- Airteagal 27 Faisnéis ó thríú páirtithe
- Airteagal 28 Feidhm chomhlíonta
- Airteagal 29 Neamhchomhlíonadh
- Airteagal 30 Fíneálacha
- Airteagal 31 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
- Airteagal 32 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
- Airteagal 33 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
- Airteagal 34 An ceart chun éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad
- Airteagal 35 Tuairisciú bliantúil
- Airteagal 36 Rúndacht ghairmiúil
- Airteagal 37 Comhar leis na húdaráis náisiúnta
- Airteagal 38 Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta
- Airteagal 39 Comhar leis na cúirteanna náisiúnta
- Airteagal 40 An grúpa ardleibhéil
- Airteagal 41 Iarraidh ar imscrúdú margaidh
- Airteagal 42 Caingne ionadaíocha
- Airteagal 43 Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú
- Airteagal 44 Cinntí a fhoilsiú
- Airteagal 45 Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais
- Airteagal 46 Forálacha cur chun feidhme
- Airteagal 47 Treoirlínte
- Airteagal 48 Caighdeánú
- Airteagal 49 An tarmligean a fheidhmiú
- Airteagal 50 An nós imeachta coiste
- Airteagal 51 Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
- Airteagal 52 Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
- Airteagal 53 Athbhreithniú
- Airteagal 54 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 14
- coimisiún 14
- airteagal 9
- margaidh 7
- leis 6
- maidir 6
- bhfuil 6
- dhéanamh 6
- chun 6
- gcás 6
- bhun 6
- geatóir 5
- imscrúdú 5
- gheatóir 4
- lena 4
- ghlacadh 4
- leigheasanna 4
- airteagal 4
- comhréireach 4
- leagtar 4
- réamhchinntí 4
- córasach 4
- laistigh 4
- dtagraítear 3
- leigheas 3
- riachtanach 3
- neamhchomhlíonadh 3
- sórt 3
- neamhchomhlíonta 3
- síneadh 3
- chur 3
- cinneadh 3
- gcomhréir 3
- síos 3
- mhí 3
- tráchtanna 2
- leasmhara 2
- tríú 2
- chun 2
- arna 2
- mhír 2
- réamh-mheasann 2
- faoi 2
- thionchar 2
- spriocdháta 2
- iúl 2
- réasúnta 2
- áirithiú 2
- chórasaigh 2
- ardáin 2
Airteagal 18
Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach
1. Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh an raibh geatóir ag gabháil do neamhchomhlíonadh córasach. Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú margaidh sin a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). I gcás ina léirítear san imscrúdú margaidh gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir coimeádta, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforchuirtear aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar gheatóir den sórt sin atá comhréireach agus riachtanach chun comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
2. Féadfar a áireamh sa leigheas arna fhorchur i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a mhéid go bhfuil leigheas den chineál sin comhréireach agus riachtanach chun cothroime nó inchoimhlinteacht a chóiméad nó a athbhunú faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh, toirmeasc, ar feadh tréimhse theoranta, a chur ar an ngeatóir comhchruinniú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir leis na croísheirbhísí ardáin, nó na seirbhísí eile a sholáthraítear san earnáil dhigiteach nó seirbhísí a chumasaíonn bailiú sonraí atá faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh.
3. Measfar go raibh geatóir páirteach i neamhchomhlíonadh córasach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, i gcás inar eisigh an Coimisiún trí cinn ar a laghad de chinntí neamhchomhlíonta de bhun Airteagal 29 in aghaidh geatóra maidir le ceann ar bith dá chroísheirbhísí ardáin laistigh de thréimhse 8 mbliana sular glacadh an cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh de bharr go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun an Airteagail seo.
4. Cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí uaidh, míneoidh an Coimisiún an réamh-mheasann sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo á sásamh agus cén leigheas a réamh-mheasann sé a bheith riachtanach agus comhréireach.
5. Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú le tráchtanna a dhéanamh go héifeachtach, foilseoidh an Coimisiún, agus tráth a bheidh réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 4 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda fhoilsiú ar an gcás agus ar na leigheasanna a mheasann sé a fhorchuirfidh sé. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.
6. I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo trí ghealltanais arna dtabhairt geatóir de bhun Airteagal 25 a dhéanamh ceangailteach, foilseoidh sé achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar phríomhinneachar na ngealltanas. Féadfaidh tríú páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta ama a shocróidh an Coimisiún.
7. Féadfaidh an Coimisiún, agus an t-imscrúdú margaidh ar siúl, síneadh a chur lena fhad ama i gcás ina bhfuil bonn cirt le síneadh den sórt sin ar fhorais oibiachtúla agus ina bhfuil sé comhréireach. D’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm ag an síneadh maidir leis an spriocdháta faoina gcaithfidh an Coimisiún a réamhchinntí a eisiúint, nó maidir leis an spriocdháta chun glacadh leis an gcinneadh deiridh. Ní rachaidh fad iomlán an tsínidh nó na síntí de bhun na míre seo thar 6 mhí.
8. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an geatóir a chuid oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar na leigheasanna a fhorchuireann sé i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Beidh an Coimisiún i dteideal na leigheasanna sin a mhodhnú má fhaigheann sé, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh, nach bhfuil siad éifeachtach.
whereas