search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 17 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 115

 

Airteagal 17

Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), nó chun na croísheirbhísí ardáin a shainaithint atá le liostú sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9). Féachfaidh an Coimisiún lena imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dátadtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). D’fhonn a imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach a chinneadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Le linn imscrúdú margaidh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún iarracht na réamhchinntí uaidh a chur in iúl don ghnóthas lena mbaineann a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige laistigh de 6 mhí ón dátadtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún an measann sé, ar bhonn sealadach, gur iomchuí go ndéanfaí an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), agus go ndéanfaí, ar bhonn sealadach, na croísheirbhísí ardáin ábhartha a liostú de bhun Airteagal 3(9).

3.   I gcás ina sásaíonn an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2), ach go bhfuil argóintí a bhfuil bunús leordhóthanach leo curtha in iúl aige i gcomhréir le hAirteagal 3(5) a thug amhras ar an toimhde in Airteagal 3(2), déanfaidh an Coimisiún iarracht an t-imscrúdú margaidh a thabhairt i gcrích laistigh de 5 mhí ón dátadtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

I gcás den sórt sin, féachfaidh an Coimisiún lena réamhchinntí de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chur in iúl don ghnóthas lena mbaineann laistigh de 3 mhí ón dátadtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

4.   Nuair a ainmníonn an Coimisiún gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), ar gnóthas é nach mbaineann tairbhe go fóill as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí, ach go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath, féadfaidh sé a fhógairt nach mbeidh infheidhme maidir leis an ngeatóir sin ach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(3) go (6) agus Airteagal 6(4), (7), (9), (10) agus (13), mar a shonraítear sa chinneadh ainmniúcháin. Fógróidh an Coimisiún nach mbeidh infheidhme ach amháin na hoibleagáidí sin atá iomchuí agus riachtanach chun cosc a chur ar an ngeatóir suíomh daingnithe marthanach a bhaint amach ina chuid oibríochtaí ar bhealach atá éagórach. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar ainmniú den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4.


whereas









keyboard_arrow_down