search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'eisiamh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index eisiamh:


whereas eisiamh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 548

 

Airteagal 7

Raon feidhme na hoibleagáide comhroinnte sonraí gnólacht le tomhaltóir agus gnólacht le gnólacht

1.   Ní bheidh feidhm ag oibleagáidí na Caibidle seo maidir le sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirgí nasctha a mhonaraítear nó a dheartar ná maidir le seirbhísí gaolmhara arna soláthar ag micrifhiontar ná fiontar beag, ar choinníoll nach bhfuil fiontar comhpháirtíochta ná fiontar nasctha ag an bhfiontar sin de réir bhrí Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE nach gcáilíonn mar mhicrifhiontar ná mar fhiontar beag agus i gcás nach bhfuil an micrifhiontar ná an fiontar beag ar fochonradh chun táirge nasctha a mhonarú ná a dhearadh ná seirbhís ghaolmhar a sholáthar.

Beidh feidhm ag an méid sin maidir le sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirgí nasctha arna monarú ag fiontar a cháiligh mar fhiontar meánmhéide faoi Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ar feadh tréimhse níos lú ná bliain amháin, agus maidir le táirgí nasctha ar feadh tréimhse bliana ón dáta a chuir fiontar meánmhéide ar an margadh iad.

2.   Aon téarma conarthach lena ndéantar, chun aimhleasa an úsáideora, feidhmiú chearta an úsáideora faoin gCaibidil seo a eisiamh, maolú orthu ná a éifeacht a athrú, ní bheidh sé ina cheangal ar an úsáideoir.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS

Airteagal 9

Cúiteamh as sonraí a chur ar fáil

1.   Aon chúiteamh a chomhaontófar idir sealbhóir sonraí agus faighteoir sonraí as sonraí a chur ar fáil i gcaidreamh gnólacht le gnólacht, beidh sé neamh-idirdhealaitheach agus réasúnach, agus féadfar corrlach a áireamh ann.

2.   Agus aon chúiteamh á socrú acu, cuirfidh sealbhóir na sonraí agus faighteoir na sonraí an méid seo a leanas san áireamh, go háirithe:

(a)

na costais arna dtabhú chun na sonraí a chur ar fáil, go háirithe na costais is gá chun na sonraí a fhormáidiú, a scaipeadh trí mhodhanna leictreonacha agus a stóráil;

(b)

infheistíochtaí i mbailiú agus i dtáirgeadh sonraí, i gcás inarb infheidhme, ag cur san áireamh ar rannchuidigh na páirtithe eile leis na sonraí atá i dtrácht a fháil, a ghiniúint nó a bhailiú.

3.   D’fhéadfadh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 a bheith ag brath freisin ar mhéid, ar fhormáid agus ar chineál na sonraí.

4.   I gcás inar FBM é an faighteoir sonraí, nó eagraíocht taighde neamhbhrabúis agus i gcás nach bhfuil fiontair chomhpháirtíochta ná fiontair nasctha nach gcáilíonn mar FBManna ag faighteoir sonraí den sórt sin, ní sháróidh aon chúiteamh a chomhaontaítear na costais dá dtagraítear i mír 2, pointe (a).

5.   Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte le cúiteamh réasúnach a ríomh, agus comhairle an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí (EDIB) dá dtagraítear in Airteagal 42 á cur san áireamh.

6.   Leis an Airteagal seo, ní chuirfear bac ar dhlí eile de chuid an Aontais ná ar reachtaíocht náisiúnta eile a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le heisiamh a dhéanamh ar chúiteamh as sonraí a chur ar fáil nó as cúiteamh níos ísle a sholáthar.

7.   Soláthróidh an sealbhóir sonraí faisnéis don fhaighteoir sonraí ina leagfar amach an bonn le haghaidh ríomh an chúitimh agus beidh sé sin mionsonraithe go leordhóthanach ionas gur féidir leis an bhfaighteoir sonraí measúnú a dhéanamh go bhfuil ceanglais mhír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglais mhíreanna 1 go 4 á gcomhlíonadh.

Airteagal 12

Raon feidhme oibleagáidí do shealbhóirí sonraí a bhfuil oibleagáid de bhun dhlí an Aontais orthu sonraí a chur ar fáil

1.   Beidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás, i gcaidreamh gnólacht le gnólacht, ina mbeidh oibleagáid ar an sealbhóir sonraí faoi Airteagal 5 nó faoi dhlí an Aontais is infheidhme nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí.

2.   Téarma conarthach i gcomhaontú um chomhroinnt sonraí lena ndéantar, chun aimhleasa páirtí amháin, nó, i gcás inarb infheidhme, chun aimhleasa an úsáideora, cur i bhfeidhm na Caibidle seo a eisiamh, lena ndéantar maolú air nó a éifeacht a athrú, ní bheidh an téarma conarthach sin ina cheangal ar an bpáirtí sin.

CAIBIDIL IV

TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR

Airteagal 13

Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile

1.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí nó an dliteanas agus na leigheasanna i leith sárú nó foirceannadh oibleagáidí a bhaineann le sonraí agus a d’fhorchuir fiontar go haontaobhach ar fhiontar eile, ní bheidh sé ina cheangal ar an bhfiontar deiridh sin más rud é go bhfuil sé éagórach.

2.   Ní mheasfar gur téarma éagórach téarma conarthach a léiríonn forálacha sainordaitheacha dhlí an Aontais, nó forálacha de dhlí an Aontais a mbeadh feidhm acu mura rialaigh na téarmaí conarthacha an t-ábhar.

3.   Tá téarma conarthach éagórach más de chineál é a n-imíonn a úsáid go mór ó dhea-chleachtas tráchtála maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, a bheadh contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil.

4.   Go háirithe, beidh téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3, más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach maidir le gníomhartha intinneacha nó le mórfhaillí a eisiamh nó a theorannú;

(b)

maidir leis an bpáirtí ar a ndearnadh an téarma a fhorchur go haontaobhach i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, na leigheasanna atá ar fáil don pháirtí sin a eisiamh nó maidir le dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, an dliteanas sin a eisiamh;

(c)

an ceart eisiach a thabhairt don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an gconradh nó aon téarma conarthach a léirmhíniú.

5.   Glacfar leis go bhfuil téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3 más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

srian míchuí a chur le leigheasanna i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha nó dliteanais i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, nó dliteanas an fhiontair ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach a leathnú;

(b)

go dtugtar cead don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach sonraí an pháirtí chonarthaigh eile a rochtain agus a úsáid ar bhealach a dhéanfadh dochar suntasach do leasanna dlisteanacha an pháirtí chonarthaigh eile, go háirithe nuair a bheidh sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna sonraí sin nó atá faoi chosaint ag rúin trádála nó ag cearta maoine intleachtúla;

(c)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a úsáid le linn thréimhse an chonartha, nó úsáid na sonraí sin a theorannú a mhéid nach bhfuil an páirtí sin i dteideal na sonraí sin a úsáid, a ghabháil, a rochtain nó a rialú nó luach na sonraí sin a shaothrú ar bhealach leordhóthanach;

(d)

cosc a chur ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach comhaontú a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnach;

(e)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach cóip de na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a fháil le linn thréimhse an chonartha nó laistigh de thréimhse réasúnta tar éis fhoirceannadh an chonartha;

(f)

maidir leis an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach, a chumasú don pháirtí sin an conradh a fhoirceannadh ar ghearrfhógra míréasúnta agus aird á tabhairt ar aon féidearthacht réasúnach an pháirtí chonarthaigh eile athrú go seirbhís mhalartach inchomparáide agus an dochar airgeadais a dhéanann an foirceannadh sin, ach amháin i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh;

(g)

a chur ar chumas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun an praghas a shonraítear sa chonradh a athrú go substaintiúil nó aon choinníoll substainteach eile a bhaineann le cineál, formáid, cáilíocht nó cainníocht na sonraí atá le comhroinnt, i gcás nach sonraítear sa chonradh aon chúis bhailí agus gan cheart an pháirtí eile an conradh a fhoirceannadh i gcás athrú den sórt sin.

Ní dhéanfaidh pointe (g) den chéad fhomhír difear do théarmaí lena bhforchoimeádann an páirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach an ceart chun téarmaí conartha a athrú go haontaobhach d’fhad neamhchinntithe, ar choinníoll gur sonraíodh cúis bhailí le hathruithe aontaobhacha den sórt sin sa chonradh, go gceanglaítear ar an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach fógra réasúnach a thabhairt don pháirtí conarthach eile maidir le haon athrú beartaithe den sórt sin, agus go bhfuil sé de shaoirse ag an bpáirtí conarthach eile an conradh a fhoirceannadh gan aon chostas i gcás athraithe.

6.   Measfar téarma conarthach a bheith forchurtha go haontaobhach de réir bhrí an Airteagail seo más rud é gur sholáthair páirtí conarthach amháin é agus nach raibh an páirtí conarthach eile in ann tionchar a imirt ar a inneachar in ainneoin iarracht a dhéanamh é a chaibidil. An páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach, tá sé d'ualach air a chruthú nach ndearnadh an téarma sin a fhorchur go haontaobhach. Ní fhéadfaidh an páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach faoi chonspóid argóint a dhéanamh gur téarma éagórach é an téarma conarthach.

7.   I gcás inar féidir an téarma conarthach éagórach a dhealú ón gcuid eile de théarmaí an chonartha, beidh na téarmaí atá fágtha ceangailteach.

8.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le téarmaí conarthacha lena sainítear príomhábhar an chonartha ná i ndáil le leordhóthanacht an phraghais, mar a bhí i gcoinne na sonraí a soláthraíodh sa mhalartú.

9.   Ní bheidh na páirtithe i gconradh a chumhdaítear le mír 1 cur i bhfeidhm an Airteagail seo a eisiamh, maolú air ná a éifeachtaí a athrú.

CAIBIDIL V

SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

Airteagal 49

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa mheastóireacht sin, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cásanna a mheasfar a bheith ina staideanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil chun críoch Airteagal 15 den Rialachán seo agus chun Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcleachtas, go háirithe an taithí maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo ag comhlachtaí earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag comhlachtaí de chuid an Aontais; líon agus toradh na n-imeachtaí arna dtabhairt don údarás inniúil faoi Airteagal 18(5) maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo, arna dtuairisciú ag na húdaráis inniúla; tionchar oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh; tionchar sásraí deonacha um chomhroinnt sonraí, amhail na sásraí sin arna gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí altrúchais ó thaobh sonraí de a aithnítear faoi Rialachán (AE) 2022/868, maidir le cuspóirí Chaibidil V den Rialachán seo a bhaint amach, agus ról na sonraí pearsanta i gcomhthéacs Airteagal 15 den Rialachán seo, lena n-áirítear éabhlóid na dteicneolaíochtaí chun príobháideachas a fheabhsú;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar úsáid sonraí sa gheilleagar, lena n-áirítear ar nuálaíocht sonraí, ar chleachtais um luach airgid a chur ar shonraí agus ar sheirbhísí idirghabhála sonraí, chomh maith le comhroinnt sonraí laistigh de na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(c)

inrochtaineacht agus úsáid catagóirí agus cineálacha éagsúla sonraí;

(d)

catagóirí áirithe fiontar a eisiamh mar thairbhithe faoi Airteagal 5;

(e)

easpa aon tionchair ar chearta maoine intleachtúla;

(f)

an tionchar ar rúin trádála, lena n-áirítear ar an gcosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach, chomh maith le tionchar an tsásra lena gceadaítear don sealbhóir sonraí diúltú d’iarraidh an úsáideora faoi Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(11), agus aon athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/943, á chur san áireamh, a mhéid is féidir;

(g)

an bhfuil an liosta de théarmaí conarthacha éagóracha dá dtagraítear in Airteagal 13 cothrom le dáta i bhfianaise cleachtais nua ghnó agus luas tapa na nuálaíochta margaidh;

(h)

athruithe ar chleachtais chonarthacha soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí agus cé acu is leor nó nach leor an méid sin chun Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(i)

an laghdú ar mhuirir arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí don phróiseas malartaithe, i gcomhréir le muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile de bhun Airteagal 29;

(j)

idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá ábhartha don gheilleagar sonraí;

(k)

rochtain rialtais neamhdhleathach ar shonraí neamhphearsanta a chosc;

(l)

éifeachtúlacht an chórais forfheidhmiúcháin a cheanglaítear faoi Airteagal 37;

(m)

tionchar an Rialacháin seo ar FBManna i ndáil lena n-acmhainneacht nuálaíochta agus le hinfhaighteacht seirbhísí próiseála sonraí d’úsáideoirí san Aontas agus an t-ualach a bhaineann le hoibleagáidí nua a chomhlíonadh.

2.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar thionchar Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35, go háirithe maidir le praghsáil agus éagsúlacht na seirbhísí próiseála sonraí a thairgtear laistigh den Aontas, le béim ar leith ar sholáthraithe ar FBManna iad.

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ullmhú.

4.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.


whereas









keyboard_arrow_down