search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 10 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 255

 

Airteagal 10

Díospóidí a réiteach

1.   Beidh rochtain ag úsáideoirí, sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12) chomh maith le díospóidí i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le sonraí a chur ar fáil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus Caibidil IV. agus maidir leis an mbealach trédhearcach a bhaineann leis na sonraí sin a chur ar fáil.

2.   Cuirfidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí na táillí, nó na sásraí a úsáidtear chun na táillí a chinneadh, in iúl do na páirtithe lena mbaineann sula n-iarrfaidh na páirtithe sin cinneadh.

3.   I gcás díospóidí a tharchuirtear chuig comhlacht um réiteach díospóidí de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12), i gcás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an úsáideora nó an fhaighteora sonraí, is faoin sealbhóir sonraí a bheidh sé na táillí uile a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí a íoc agus is faoisean a bheidh sé aon chostais réasúnacha a thabhaigh sé i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc leis an úsáideoir nó an faighteoir sonraí sin. I gcás ina chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an tsealbhóra sonraí, ní bheidh de cheangal ar an úsáideoir ná ar an bhfaighteoir sonraí aon táille ná costas a d’íoc an sealbhóir sonraíatá le híoc aige nó aici i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc, cé is moite de chás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí gur go follasach a ghníomhaigh an t-úsáideoir nó an faighteoir sonraí de mheon mímhacánta.

4.   Beidh rochtain ag custaiméirí agus ag soláthraithe seirbhísí um phróiseáil sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach i ndáil le sáruithe ar chearta custaiméirí agus ar oibleagáidí soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagail 23 go 31.

5.   Déanfaidh an Ballstát inar bunaíodh an comhlacht um réiteach díospóidí, arna iarraidh sin don chomhlacht sin, an comhlacht sin a dheimhniú, i gcás inar léirigh sé go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé neamhchlaonta agus neamhspleách, agus tá sé lena chuid cinntí a eisiúint i gcomhréir le rialacha nós imeachta atá soiléir, cóir, agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

go bhfuil an saineolas is gá aige, go háirithe i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, cúiteamh san áireamh, agus i ndáil le sonraí a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach, rud a chuirfidh ar chumas an chomhlachta na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinneadh go héifeachtach;

(c)

go bhfuil rochtain éasca air trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí;

(d)

go bhfuil sé in ann a cinntí a ghlacadh ar bhealach atá tapa, éifeachtúil, costéifeachtach, i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóide arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

7.   Diúltóidh comhlacht um réiteach díospóidí déileáil le hiarraidh chun díospóid a réiteach a tugadh os comhair comhlachta eile um réiteach díospóidí nó os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit.

8.   Tabharfaidh comhlacht um réiteach díospóidí an fhéidearthacht do pháirtithe barúlacha a thabhairt taobh istigh d'achar réasúnta ama maidir le ceisteanna a thug na páirtithe sin os comhair an chomhlachta sin cheana. Sa chomhthéacs sin, cuirfear aighneachtaí an pháirtí eile ina ndíospóid agus aon ráitis ó shaineolaithe ar fáil do gach páirtí i ndíospóid. Tabharfar an fhéidearthacht do na páirtithe barúlacha a thabhairt maidir leis na haighneachtaí agus na ráitis sin.

9.   Glacfaidh comhlacht um réiteach díospóidí a chinneadh maidir le hábhar a tharchuirfear chuige laistigh de 90 lá tar éis dó iarraidh de bhun mhíreanna 1 agus 4 a fháil.. Is i scríbhinn nó ar mheán marthanach a bheidh an cinneadh sin agus beidh ráiteas ar na cúiseanna atáthar ag tacú le gach cinneadh ag gabháil leis an gcinneadh sin.

10.   Déanfaidh comhlachtaí um réiteach díospóidí na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí. Áireofar sna tuarascálacha bliantúla sin an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas go háirithe:

(a)

comhiomlánú thorthaí na ndíospóidí;

(b)

an meánam a tógadh chun díospóidí a réiteach;

(c)

na cúiseanna is coitianta le díospóidí.

11.   D’fhonn malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú, féadfaidh comhlacht poiblí um réiteach díospóidí a chinneadh moltaí a chur san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 maidir le conas is féidir fadhbanna a sheachaint nó a réiteach.

12.   Ní bheidh cinneadh an chomhlachta um réiteach díospóide ina cheangal ar na páirtithe ach amháin más rud é gur thoiligh na páirtithe go sainráite lena chineál ceangailteach sula gcuirfear tús leis na himeachtaí um réiteach díospóide.

13.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do cheart na bpáirtithe leigheas éifeachtach a lorg os comhair cúirte ná binse de chuid Ballstáit.


whereas









keyboard_arrow_down