search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'chinneadh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index chinneadh:


whereas chinneadh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1005

 

Airteagal 4

Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil

1.   I gcás nach féidir leis an úsáideoir rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí ón táirge nasctha ná ón tseirbhís ghaolmhar, cuirfidh sealbhóirí sonraí na sonraí, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha ar gá leo chun na sonraí sin a léiriú agus a úsáid, ar fáil don úsáideoir gan mhoill, agus cuirfidh sé ar fáil iad go héasca, go sábháilte, saor in aisce, i bhformáid atá intuigthe, struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb fhéidir go teicniúil, agus i gcás inarb ionann an caighdeán agus a bhfuil ar fáil don sealbhóir sonraí, go leanúnach agus i bhfíor-am. Déanfar é sin ar bhonn iarraidh shimplí trí mheán leictreonach i gcás inarb fhéidir sin go teicniúil.

2.   Féadfaidh úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí conradh a dhéanamh chun cosc a chur ar an rochtain, an úsáid nó tuilleadh comhroinnt sonraí, i gcás ina mbainfí an bonn de cheanglais slándála an táirge nasctha, mar a leagtar amach i dlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta iad, de bharr na próiseála sin, agus go mbeadh éifeacht dhíobhála thromchúiseach ar shláinte, ar shábháilteacht nó ar shlándáil daoine nádúrtha dá thoradh. Féadfaidh na húdaráis earnála saineolas teicniúil a sholáthar d’úsáideoirí agus do shealbhóirí sonraí sa chomhthéacs sin. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

3.   Féadfaidh an t-úsáideoir, gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhar cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus i ndáil le haon díospóid leis an sealbhóir sonraí, an méid a leanas a dhéanamh maidir leis na srianta nó na toirmisc chonarthacha dá dtagraítear i mír 2:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b); nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

4.   Ní dhéanfaidh sealbhóirí sonraí feidhmiú na roghanna ná na cearta faoin Airteagal seo ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir ar bhealach nach bhfuil neodrach ná trí neamhspleáchas, cinnteoireacht ná roghanna an úsáideora a threascairt ná a lagú trí struchtúr, dearadh, feidhm ná modh oibriúcháin comhéadain dhigitigh úsáideora ná cuid de.

5.   Chun críoch a fhíorú an gcáilíonn duine nádúrtha nó dlítheanach mar úsáideoir chun críocha mhír 1, ní chuirfidh sealbhóir sonraí de cheangal ar an duine sin aon eolas seachas an fhaisnéis a bhfuil gá léi a thabhairt. Ní choimeádfaidh sealbhóir sonraí aon fhaisnéis, go háirithe sonraí loga, maidir le rochtain an úsáideora ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an úsáideora ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.

6.   Déanfar rúin trádála a chaomhnú agus ní nochtfar iad ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an sealbhóir sonraí agus an t-úsáideoir na bearta uile sula nochtfar iad chun a rúndacht a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe. Déanfaidh an sealbhóir sonraí, nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála, ina measc na meiteashonraí ábhartha, agus tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú leis an úsáideoir maidir le gach beart comhréireach teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun rúndacht na sonraí comhroinnte a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe, cuir i gcás na téarmaí conarthacha eiseamláireacha, comhaontuithe rúndachta, prótacail dhiana rochtana, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm na gcód iompair.

7.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá dá dtagraítear i mír 6, nó i gcás nach gcuireann an t-úsáideoir na bearta a comhaontaíodh de bhun mhír 6 chun feidhme ná go mbaineann an t-úsáideoir an bonn de rúndacht na rún trádála, féadfaidh an sealbhóir sonraí comhroinnt na sonraí a shainaithnítear ina rúin trádála a choinneáil siar nó, más amhlaidh an cás, an comhroinnt a chur ar fionraí. Tabharfar bunús cuí le cinneadh an tsealbhóra sonraí agus cuirfear ar fáil i scríbhinn é don úsáideoir gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, tabharfaidh an sealbhóir sonraí fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 á rá go ndearna sé nó sí comhroinnt sonraí a choinneáil siar nó a chur ar fionraí agus sainaithneoidh sé nó sí cé na bearta nár comhaontaíodh ná nár cuireadh chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, cé na rúin trádála ar baineadh an bonn dá rúndacht.

8.   In imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an sealbhóir sonraí ar sealbhóir rúin trádála é nó í a léiriú gur rídhócha go ndéanfar damáiste tromchúiseach eacnamaíoch dó nó di de bharr rúin trádála a nochtadh, d’ainneoin na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil a ghlac an t-úsáideoir de bhun mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an sealbhóir sonraí sin iarraidh ar rochtain ar na sonraí sonracha atá i gceist a dhiúltú ar bhonn cás ar chás. Beidh bunús cuí leis an léiriú sin bunaithe ar eilimintí oibiachtúla, go háirithe in-fhorfheidhmitheacht na cosanta ar rúin trádála i dtríú tíortha, cineál agus leibhéal rúndachta na sonraí a iarrtar, agus uathúlacht agus úrnuacht an táirge nasctha, agus soláthrófar é i scríbhinn don úsáideoir gan moill mhíchuí. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun na míre seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

9.   Gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh úsáideoir ar mian leis nó léi agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh sealbhóra sonraí comhroinnt sonraí a dhiúltú, a choinneáil siar nó a chur ar fionraí de bhun mhíreanna 7 agus 8 an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b), a chinnfidh, gan moill mhíchuí, an gcuirtear tús le comhroinnt sonraí nó an leantar de agus na coinníollacha faoina gcuirtear tús leis; nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

10.   Ní úsáidfidh an t-úsáideoir na sonraí a fuarthas de bhun iarraidh dá dtagraítear i mír 1 chun táirge nasctha a fhorbairt a bheidh in iomaíocht leis an táirge nasctha as ar tháinig na sonraí, ná ní chomhroinnfear na sonraí le tríú páirtí agus an cuspóir sin aige nó aici, ná ní úsáidfidh sé nó sí na sonraí sin chun léargas a fháil ar staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an mhonaróra ná, más infheidhme, an sealbhóir sonraí.

11.   Ní úsáidfidh an t-úsáideoir modhanna comhéigneacha ná ní mhí-úsáidfidh sé nó sí bearnaí i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí atá ann chun na sonraí a chosaint chun rochtain a fháil ar shonraí.

12.   I gcás nach ábhar sonraí é nó í an t-úsáideoir a bhfuil a sonraí pearsanta á n-iarraidh, ní chuirfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a úsáid ar fáil don úsáideoir ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí maidir le próiseáil faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 den Rialachán sin agus coinníollacha Airteagal 5(3) den Treoir 2002/58/CE.

13.   Is iad sonraí neamhphearsanta a bhfuil fáil orthu go héasca ar bhonn conartha leis an úsáideoir an t-aon chineál sonraí a úsáidfidh sealbhóir sonraí. Ní úsáidfidh sealbhóir sonraí sonraí den sórt sin chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an úsáideora ná ar úsáid an úsáideora ar aon bhealach eile, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an úsáideora sin ar na margaí ina bhfuil an t-úsáideoir gníomhach.

14.   Ní chuirfidh sealbhóirí sonraí sonraí neamhphearsanta ar fáil do thríú páirtithe chun críocha tráchtála ná neamhthráchtála seachas ar mhaithe lena gconarthaí leis an úsáideoir a chomhlíonadh. Cuirfidh sealbhóirí sonraí, i gcás inarb ábhartha, ceangal conartha ar thríú páirtithe gan tuilleadh sonraí a fhaightear uathu a chomhroinnt.

Airteagal 10

Díospóidí a réiteach

1.   Beidh rochtain ag úsáideoirí, sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12) chomh maith le díospóidí i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le sonraí a chur ar fáil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus Caibidil IV. agus maidir leis an mbealach trédhearcach a bhaineann leis na sonraí sin a chur ar fáil.

2.   Cuirfidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí na táillí, nó na sásraí a úsáidtear chun na táillí a chinneadh, in iúl do na páirtithe lena mbaineann sula n-iarrfaidh na páirtithe sin cinneadh.

3.   I gcás díospóidí a tharchuirtear chuig comhlacht um réiteach díospóidí de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12), i gcás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an úsáideora nó an fhaighteora sonraí, is faoin sealbhóir sonraí a bheidh sé na táillí uile a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí a íoc agus is faoisean a bheidh sé aon chostais réasúnacha a thabhaigh sé i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc leis an úsáideoir nó an faighteoir sonraí sin. I gcás ina chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an tsealbhóra sonraí, ní bheidh de cheangal ar an úsáideoir ná ar an bhfaighteoir sonraí aon táille ná costas a d’íoc an sealbhóir sonraí ná atá le híoc aige nó aici i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc, cé is moite de chás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí gur go follasach a ghníomhaigh an t-úsáideoir nó an faighteoir sonraí de mheon mímhacánta.

4.   Beidh rochtain ag custaiméirí agus ag soláthraithe seirbhísí um phróiseáil sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach i ndáil le sáruithe ar chearta custaiméirí agus ar oibleagáidí soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagail 23 go 31.

5.   Déanfaidh an Ballstát inar bunaíodh an comhlacht um réiteach díospóidí, arna iarraidh sin don chomhlacht sin, an comhlacht sin a dheimhniú, i gcás inar léirigh sé go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé neamhchlaonta agus neamhspleách, agus tá sé lena chuid cinntí a eisiúint i gcomhréir le rialacha nós imeachta atá soiléir, cóir, agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

go bhfuil an saineolas is gá aige, go háirithe i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, cúiteamh san áireamh, agus i ndáil le sonraí a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach, rud a chuirfidh ar chumas an chomhlachta na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinneadh go héifeachtach;

(c)

go bhfuil rochtain éasca air trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí;

(d)

go bhfuil sé in ann a cinntí a ghlacadh ar bhealach atá tapa, éifeachtúil, costéifeachtach, i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóide arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

7.   Diúltóidh comhlacht um réiteach díospóidí déileáil le hiarraidh chun díospóid a réiteach a tugadh os comhair comhlachta eile um réiteach díospóidí nó os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit.

8.   Tabharfaidh comhlacht um réiteach díospóidí an fhéidearthacht do pháirtithe barúlacha a thabhairt taobh istigh d'achar réasúnta ama maidir le ceisteanna a thug na páirtithe sin os comhair an chomhlachta sin cheana. Sa chomhthéacs sin, cuirfear aighneachtaí an pháirtí eile ina ndíospóid agus aon ráitis ó shaineolaithe ar fáil do gach páirtí i ndíospóid. Tabharfar an fhéidearthacht do na páirtithe barúlacha a thabhairt maidir leis na haighneachtaí agus na ráitis sin.

9.   Glacfaidh comhlacht um réiteach díospóidí a chinneadh maidir le hábhar a tharchuirfear chuige laistigh de 90 lá tar éis dó iarraidh de bhun mhíreanna 1 agus 4 a fháil.. Is i scríbhinn nó ar mheán marthanach a bheidh an cinneadh sin agus beidh ráiteas ar na cúiseanna atáthar ag tacú le gach cinneadh ag gabháil leis an gcinneadh sin.

10.   Déanfaidh comhlachtaí um réiteach díospóidí na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí. Áireofar sna tuarascálacha bliantúla sin an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas go háirithe:

(a)

comhiomlánú thorthaí na ndíospóidí;

(b)

an meánam a tógadh chun díospóidí a réiteach;

(c)

na cúiseanna is coitianta le díospóidí.

11.   D’fhonn malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú, féadfaidh comhlacht poiblí um réiteach díospóidí a chinneadh moltaí a chur san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 maidir le conas is féidir fadhbanna a sheachaint nó a réiteach.

12.   Ní bheidh cinneadh an chomhlachta um réiteach díospóide ina cheangal ar na páirtithe ach amháin más rud é gur thoiligh na páirtithe go sainráite lena chineál ceangailteach sula gcuirfear tús leis na himeachtaí um réiteach díospóide.

13.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do cheart na bpáirtithe leigheas éifeachtach a lorg os comhair cúirte ná binse de chuid Ballstáit.

Airteagal 13

Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile

1.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí nó an dliteanas agus na leigheasanna i leith sárú nó foirceannadh oibleagáidí a bhaineann le sonraí agus a d’fhorchuir fiontar go haontaobhach ar fhiontar eile, ní bheidh sé ina cheangal ar an bhfiontar deiridh sin más rud é go bhfuil sé éagórach.

2.   Ní mheasfar gur téarma éagórach téarma conarthach a léiríonn forálacha sainordaitheacha dhlí an Aontais, nó forálacha de dhlí an Aontais a mbeadh feidhm acu mura rialaigh na téarmaí conarthacha an t-ábhar.

3.   Tá téarma conarthach éagórach más de chineál é a n-imíonn a úsáid go mór ó dhea-chleachtas tráchtála maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, a bheadh contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil.

4.   Go háirithe, beidh téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3, más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach maidir le gníomhartha intinneacha nó le mórfhaillí a eisiamh nó a theorannú;

(b)

maidir leis an bpáirtí ar a ndearnadh an téarma a fhorchur go haontaobhach i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, na leigheasanna atá ar fáil don pháirtí sin a eisiamh nó maidir le dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, an dliteanas sin a eisiamh;

(c)

an ceart eisiach a thabhairt don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an gconradh nó aon téarma conarthach a léirmhíniú.

5.   Glacfar leis go bhfuil téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3 más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

srian míchuí a chur le leigheasanna i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha nó dliteanais i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, nó dliteanas an fhiontair ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach a leathnú;

(b)

go dtugtar cead don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach sonraí an pháirtí chonarthaigh eile a rochtain agus a úsáid ar bhealach a dhéanfadh dochar suntasach do leasanna dlisteanacha an pháirtí chonarthaigh eile, go háirithe nuair a bheidh sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna sonraí sin nó atá faoi chosaint ag rúin trádála nó ag cearta maoine intleachtúla;

(c)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a úsáid le linn thréimhse an chonartha, nó úsáid na sonraí sin a theorannú a mhéid nach bhfuil an páirtí sin i dteideal na sonraí sin a úsáid, a ghabháil, a rochtain nó a rialú nó luach na sonraí sin a shaothrú ar bhealach leordhóthanach;

(d)

cosc a chur ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach comhaontú a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnach;

(e)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach cóip de na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a fháil le linn thréimhse an chonartha nó laistigh de thréimhse réasúnta tar éis fhoirceannadh an chonartha;

(f)

maidir leis an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach, a chumasú don pháirtí sin an conradh a fhoirceannadh ar ghearrfhógra míréasúnta agus aird á tabhairt ar aon féidearthacht réasúnach an pháirtí chonarthaigh eile athrú go seirbhís mhalartach inchomparáide agus an dochar airgeadais a dhéanann an foirceannadh sin, ach amháin i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh;

(g)

a chur ar chumas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun an praghas a shonraítear sa chonradh a athrú go substaintiúil nó aon choinníoll substainteach eile a bhaineann le cineál, formáid, cáilíocht nó cainníocht na sonraí atá le comhroinnt, i gcás nach sonraítear sa chonradh aon chúis bhailí agus gan cheart an pháirtí eile an conradh a fhoirceannadh i gcás athrú den sórt sin.

Ní dhéanfaidh pointe (g) den chéad fhomhír difear do théarmaí lena bhforchoimeádann an páirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach an ceart chun téarmaí conartha a athrú go haontaobhach d’fhad neamhchinntithe, ar choinníoll gur sonraíodh cúis bhailí le hathruithe aontaobhacha den sórt sin sa chonradh, go gceanglaítear ar an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach fógra réasúnach a thabhairt don pháirtí conarthach eile maidir le haon athrú beartaithe den sórt sin, agus go bhfuil sé de shaoirse ag an bpáirtí conarthach eile an conradh a fhoirceannadh gan aon chostas i gcás athraithe.

6.   Measfar téarma conarthach a bheith forchurtha go haontaobhach de réir bhrí an Airteagail seo más rud é gur sholáthair páirtí conarthach amháin é agus nach raibh an páirtí conarthach eile in ann tionchar a imirt ar a inneachar in ainneoin iarracht a dhéanamh é a chaibidil. An páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach, tá sé d'ualach air a chruthú nach ndearnadh an téarma sin a fhorchur go haontaobhach. Ní fhéadfaidh an páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach faoi chonspóid argóint a dhéanamh gur téarma éagórach é an téarma conarthach.

7.   I gcás inar féidir an téarma conarthach éagórach a dhealú ón gcuid eile de théarmaí an chonartha, beidh na téarmaí atá fágtha ceangailteach.

8.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le téarmaí conarthacha lena sainítear príomhábhar an chonartha ná i ndáil le leordhóthanacht an phraghais, mar a bhí i gcoinne na sonraí a soláthraíodh sa mhalartú.

9.   Ní bheidh na páirtithe i gconradh a chumhdaítear le mír 1 cur i bhfeidhm an Airteagail seo a eisiamh, maolú air ná a éifeachtaí a athrú.

CAIBIDIL V

SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

Airteagal 25

Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach

1.   Maidir le cearta an chustaiméara agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhísí próiseála sonraí i ndáil le malartú idir soláthraithe na seirbhísí sin nó, i gcás inarb infheidhme, chuig bonneagar TFC san áitreabh, leagfar amach go soiléir iad i gconradh i scríbhinn. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an conradh sin ar fáil don chustaiméir sula síneofar an conradh ar bhealach a scaoileann leis an gcustaiméir an conradh a stóráil agus a atáirgeadh.

2.   Gan dochar do Threoir (AE) 2019/770, áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

clásail lena gceadaítear don chustaiméir, arna iarraidh sin dó, malartú chuig seirbhís próiseála sonraí a thairgeann soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí nó na sonraí agus na sócmhainní digiteacha in-onnmhairithe uile a phortáil chuig bonneagar TFC san áitreabh, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná an idirthréimhse uasta éigeantach 30 lá féilire, a thosófar tar éis na huastréimhse fógra dá dtagraítear i bpointe (d), ar lena linn a bhfuil an conradh seirbhíse fós infheidhme agus ar lena linn a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an méid seo a leanas:

(i)

cúnamh réasúnach a sholáthar don chustaiméir agus do na tríú páirtithe atá údaraithe ag an gcustaiméir sa phróiseas malartaithe;

(ii)

gníomhú le cúram cuí chun leanúnachas gnó a chothabháil, agus leanúint de na feidhmeanna nó na seirbhísí faoin gconradh a sholáthar;

(iii)

faisnéis shoiléir a sholáthar maidir le rioscaí aitheanta do leanúnachas i soláthar na bhfeidhmeanna nó na seirbhísí ar thaobh sholáthraí foinseach na seirbhísí próiseála sonraí;

(iv)

a áirithiú go gcoinneofar ardleibhéal slándála le linn an phróisis malartaithe, go háirithe slándáil na sonraí le linn a n-aistrithe agus slándáil leanúnach na sonraí le linn na tréimhse aisghabhála a shonraítear i bpointe (g), i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(b)

oibleagáid ar sholáthraí na seirbhísí próiseála sonraí tacú le straitéis scoir an chustaiméara atá ábhartha do na seirbhísí atá ar conradh, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a sholáthar;

(c)

clásal ina sonraítear go measfar an conradh a bheith foirceanta agus go dtabharfar fógra don chustaiméir faoin bhfoirceannadh, i gceann de na cásanna seo a leanas:

(i)

i gcás inarb infheidhme, ar an bpróiseas malartaithe a thabhairt chun críche go rathúil;

(ii)

i ndeireadh na huastréimhse fógra dá dtagraítear i mír (d), i gcás nach mian leis an gcustaiméir athrú ach a shonraí in-onnmhairithe agus sócmhainní digiteacha a scriosadh ar fhoirceannadh seirbhíse;

(d)

uastréimhse fógra chun an próiseas malartaithe a thionscnamh, tréimhse nach faide ná dhá mhí;

(e)

sonraíocht uileghabhálach ar na catagóirí uile sonraí agus sócmhainní feidhmchláir is féidir a phortáil le linn an phróisis malartaithe, lena n-áirítear, ar a laghad, na sonraí uile in-onnmhairithe;

(f)

sonraíocht uileghabhálach ar chatagóirí sonraí a bhaineann go sonrach le feidhmiú inmheánach sheirbhís próiseála sonraí an tsoláthraí atá le díolmhú ó na sonraí in-onnmhairithe faoi phointe (e) den mhír seo i gcás ina bhfuil riosca ann go sárófar rúin trádála an tsoláthraí, ar choinníoll nach gcuireann díolúintí den sórt sin bac ná moill ar an bpróiseas aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 23, pointe (c);

(g)

íostréimhse 30 lá féilire ar a laghad chun sonraí a aisghabháil, ag tosú tar éis fhoirceannadh na hidirthréimhse a comhaontaíodh idir an custaiméir agus an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí, i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo, agus mír 4;

(h)

clásal lena ráthaítear léirscriosadh iomlán na sonraí in-onnmhairithe agus na sócmhainní digiteacha arna nginiúint go díreach ag an gcustaiméir, nó a bhaineann leis an gcustaiméir go díreach, tar éis dhul in éag na tréimhse aisghabhála dá dtagraítear i bpointe (g) nó tar éis dul in éag tréimhse chomhaontaithe mhalartach ar dháta is déanaí ná dáta éagtha na tréimhse aisghabhála dá dtagraítear i bpointe (g), ar choinníoll go bhfuil an próiseas malartaithe curtha i gcrích go rathúil;

(i)

muirir mhalartaithe a fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 29.

3.   Áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1, clásail lena bhforáiltear go bhféadfaidh an custaiméir fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí próiseála sonraí maidir lena chinneadh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh ar fhoirceannadh na huastréimhse fógra dá dtagraítear i mír 2, pointe (d):

(a)

athrú chuig soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí, agus sa chás sin soláthróidh an custaiméir na sonraí is gá maidir leis an soláthraí sin;

(b)

mhalartú chuig bonneagar TFC san áitreabh;

(c)

a shonraí in-onnmhairithe agus a shócmhainní digiteacha a scrios.

4.   I gcás nach bhfuil an idirthréimhse uasta éigeantach dá bhforáiltear i mír 2, pointe (a) indéanta go teicniúil, tabharfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí fógra don chustaiméir laistigh de 14 lá oibre tar éis an iarraidh ar mhalartú a dhéanamh, agus tabharfaidh sé údar cuí don neamh-indéantacht theicniúil agus léireoidh sé idirthréimhse mhalartach, nach mbeidh níos faide ná 7 mí. I gcomhréir le mír 1, áiritheofar leanúnachas iomlán seirbhíse ar feadh na hidirthréimhse malartaí.

5.   Gan dochar do mhír 4, áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1, clásail lena dtugtar an ceart don chustaiméir síneadh a chur leis an idirthréimhse uair amháin ar feadh tréimhse a mheasann an custaiméir a bheith níos iomchuí chun a chríocha féin.

Airteagal 32

Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta leordhóthanacha teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla uile, lena n-áirítear conarthaí, chun cosc a chur ar rochtain agus aistriú rialtais idirnáisiúnta nó tríú tír ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 nó 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas cúirte tríú thír nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar sholáthraí seirbhísí próiseála sonraí aistriú ó shonraí neamhphearsanta san Aontas nó na sonraí neamhphearsanta sin a nochtadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ní aithneofar é ná ní bheidh sé in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú mar sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb é comhlacht rochtana sonraí sláinte, úsáideoirí sonraí seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse thríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír chun sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus más rud é, dá gcomhlíonfaí an cinneadh sin, go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, ní dhéanfaidh an t-údarás sin na sonraí sin a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt ach amháin más fíor an méid seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

Féadfaidh seolaí an chinnidh nó an bhreithiúnais tuairim a iarraidh ar an gcomhlacht nó ar an údarás náisiúnta ábhartha atá inniúil ar chomhar idirnáisiúnta in ábhair dhlíthiúla, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, go háirithe nuair a mheasann sé go bhféadfadh baint a bheith ag an gcinneadh le rúin ceirde agus le sonraí eile atá íogair ó thaobh na tráchtála de chomh maith le hinneachar a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla nó leis an aistriú. Féadfaidh an comhlacht náisiúnta ábhartha nó an t-údarás náisiúnta ábhartha dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Má mheasann an seolaí go bhféadfadh an cinneadh nó an breithiúnas cur isteach ar leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát, iarrfaidh sé tuairim an chomhlachta náisiúnta ábhartha nó an údaráis inniúil náisiúnta a bhfuil an inniúlacht ábhartha acu chun a chinneadh an mbaineann na sonraí arna n-iarraidh le leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát. Mura mbeidh freagra faighte ag an seolaí laistigh de mhí amháin, nó más é conclúid na tuairime ón gcomhlacht nó ón údarás sin nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, féadfaidh an seolaí an iarraidh ar aistriú nó ar rochtain ar shonraí neamhphearsanta a dhiúltú ar na forais sin.

Tabharfaidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, comhairle agus cúnamh don Choimisiún i ndáil le treoirlínte a fhorbairt maidir le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 nó i mír 3, soláthróidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an t-íosmhéid sonraí is incheadaithe mar fhreagairt ar iarraidh, ar bhonn léirmhíniú réasúnta an tsoláthraí nó an chomhlachta nó an údaráis náisiúnta ábhartha dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, ar an iarraidh sin.

5.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an custaiméir ar an eolas gurb ann d’iarraidh ó údarás tríú tír rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh sé an iarraidh sin, seachas i gcásanna ina bhfónann an iarraidh chun críocha fhorghníomhú an dlí agus a fhad is gá sin chun éifeachtacht na gníomhaíochta forghníomhaithe dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

IDIR-INOIBRITHEACHT

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 29(7) agus Airteagal 33(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 11 Eanáir 2024.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 29(7) agus Airteagal 33(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó dáta níos faide anonn a shonraítear ann. Ní dhéanfar leis difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 29(7) nó Airteagal 33(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas









keyboard_arrow_down