keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Oibleagáid sonraí táirge agus sonraí seirbhísí gaolmhara a dhéanamh inrochtana don úsáideoir
- Airteagal 4 Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil
- Airteagal 5 Ceart an úsáideora sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe
- Airteagal 6 Oibleagáidí tríú páirtithe a fhaigheann sonraí arna iarraidh sin don úsáideoir
- Airteagal 7 Raon feidhme na hoibleagáide comhroinnte sonraí gnólacht le tomhaltóir agus gnólacht le gnólacht
- Airteagal 8 Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí
- Airteagal 9 Cúiteamh as sonraí a chur ar fáil
- Airteagal 10 Díospóidí a réiteach
- Airteagal 11 Bearta teicniúla cosanta maidir le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh sonraí
- Airteagal 12 Raon feidhme oibleagáidí do shealbhóirí sonraí a bhfuil oibleagáid de bhun dhlí an Aontais orthu sonraí a chur ar fáil
- Airteagal 13 Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile
- Airteagal 14 Oibleagáid sonraí a chur ar fáil ar bhonn riachtanas eisceachtúil
- Airteagal 15 Riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid
- Airteagal 16 Caidreamh le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil do na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais
- Airteagal 17 Iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil
- Airteagal 18 Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí
- Airteagal 19 Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais
- Airteagal 20 Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann
- Airteagal 21 Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtaí staidrimh
- Airteagal 22 Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann
- Airteagal 23 Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach
- Airteagal 24 Raon feidhme na n-oibleagáidí teicniúla
- Airteagal 25 Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach
- Airteagal 26 Oibleagáid faisnéise ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 27 Oibleagáid de mheon macánta
- Airteagal 28 Oibleagáidí trédhearcachta conarthacha maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú
- Airteagal 29 Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile
- Airteagal 30 Gnéithe teicniúla an athraithe
- Airteagal 31 Córas sonrach le haghaidh seirbhísí áirithe próiseála sonraí
- Airteagal 32 Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú
- Airteagal 33 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí
- Airteagal 34 Idir-inoibritheacht chun úsáid chomhthreomhar a bhaint as seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 35 Idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 36 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú
- Airteagal 37 Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí
- Airteagal 38 Ceart chun gearán a dhéanamh
- Airteagal 39 Ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach
- Airteagal 40 Pionóis
- Airteagal 41 Téarmaí conarthacha eiseamláireacha agus clásail chonarthacha chaighdeánacha
- Airteagal 42 Ról EDIB
- Airteagal 43 Bunachair sonraí ina bhfuil sonraí áirithe
- Airteagal 44 Gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear cearta agus oibleagáidí maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí
- Airteagal 45 An tarmligean a fheidhmiú
- Airteagal 46 Nós imeachta coiste
- Airteagal 47 Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2394
- Airteagal 48 Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
- Airteagal 49 Meastóireacht agus athbhreithniú
- Airteagal 50 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS
CAIBIDIL IV
TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR
CAIBIDIL V
SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL
CAIBIDIL VI
AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ
CAIBIDIL VII
ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA
CAIBIDIL VIII
IDIR-INOIBRITHEACHT
CAIBIDIL IX
CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ
CAIBIDIL X
CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE
CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- sonraí 49
- agus 45
- rialachán 21
- maidir 19
- leis 13
- ae / 12
- aontais 11
- feidhm 11
- dlí 10
- seirbhísí 9
- chun 8
- lena 8
- chur 8
- caibidil 6
- náisiúnta 6
- aontas 6
- gcás 6
- fáil 6
- nasctha 6
- faoi 5
- haon 5
- rochtain 5
- shonraí 5
- cearta 5
- soláthraithe 5
- pearsanta 5
- dhéantar 5
- háirithe 5
- n-áirítear 5
- neamhphearsanta 4
- beann 4
- conarthaí 4
- próiseála 4
- gaolmhara 4
- idir 4
- ghníomhartha 4
- atá 4
- gcrích 4
- sealbhóirí 4
- síos 4
- difear 3
- dochar 3
- phríobháideach 3
- earnáil 3
- cosaint 3
- bhaineann 3
- arna 3
- leagtar 3
- táirge 3
- socruithe 3
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe, inter alia, maidir le:
(a) | sonraí táirge agus sonraí seirbhíse gaolmhaire a chur ar fáil d’úsáideoir an táirge nasctha nó na seirbhíse gaolmhaire; |
(b) | sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoirí sonraí ag sealbhóirí sonraí; |
(c) | sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais ag sealbhóirí sonraí, i gcás ina bhfuil géarghá leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích; |
(d) | malartú idir seirbhísí próiseála sonraí a éascú; |
(e) | coimircí a thabhairt isteach in aghaidh rochtain neamhdhleathach tríú páirtí ar shonraí neamhphearsanta; agus |
(f) | caighdeán idir-inoibritheachta a fhorbairt chun rochtain a fháil ar shonraí, sonraí a aistriú agus sonraí a úsáid. |
2. Cumhdaítear leis an Rialachán seo sonraí pearsanta agus neamhphearsanta, lena n-áirítear na cineálacha sonraí seo a leanas, sna comhthéacsanna seo a leanas:
(a) | tá feidhm ag Caibidil II maidir le sonraí, cé is moite d’ábhar, a bhaineann le feidhmíocht, úsáid agus timpeallacht na dtáirgí nasctha agus na seirbhísí gaolmhara; |
(b) | tá feidhm ag Caibidil III maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach atá faoi réir oibleagáidí reachtúla maidir le comhroinnt sonraí; |
(c) | tá feidhm ag Caibidil IV maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach a ndéantar rochtain orthu agus a úsáidtear ar bhonn conartha idir fiontair; |
(d) | tá feidhm ag Caibidil V maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach lena ndírítear ar shonraí neamhphearsanta; |
(e) | tá feidhm ag Caibidil VI maidir le haon sonraí agus seirbhísí arna bpróiseáil ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí; |
(f) | tá feidhm ag Caibidil VII maidir le haon sonraí neamhphearsanta atá á gcoinneáil san Aontas ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí. |
3. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) | monaróirí táirgí nasctha a chuirtear ar an margadh san Aontas agus soláthraithe seirbhísí gaolmhara, gan beann ar áit bhunaíochta na monaróirí agus na soláthraithe sin; |
(b) | úsáideoirí táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara san Aontas dá dtagraítear i bpointe (a); |
(c) | sealbhóirí sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a chuireann sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí san Aontas; |
(d) | faighteoirí sonraí san Aontas a gcuirtear sonraí ar fáil dóibh; |
(e) | comhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus comhlachtaí de chuid an Aontais a iarrann ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil i gcás ina bhfuil riachtanas eisceachtúil leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích agus i gcás ina soláthraíonn sealbhóirí sonraí na sonraí sin mar fhreagra ar iarraidh mar sin; |
(f) | soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a sholáthraíonn seirbhísí mar sin do chustaiméirí san Aontas; |
(g) | rannpháirtithe i spásanna sonraí agus díoltóirí feidhmchlár a úsáideann conarthaí cliste agus daoine a mbaineann a dtrádáil, a ngnó nó a ngairm le conarthaí cliste a imscaradh le haghaidh daoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe a fhorghníomhú. |
4. I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do tháirgí nasctha nó do sheirbhísí gaolmhara, tuigfear go n-áirítear le tagairtí den sórt sin cúntóirí fíorúla freisin, a mhéid a idirghníomhaíonn siad le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar.
5. Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le sonraí pearsanta a chosaint, príobháideachas agus rúndacht cumarsáide agus sláine trealaimh teirminéil, ag a mbeidh feidhm maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE, lena n-áirítear cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta agus cearta na n-ábhar sonraí. A mhéid is ábhair sonraí iad úsáideoirí, comhlánóidh na cearta a leagtar síos i gCaibidil II den Rialachán seo cearta rochtana na n-ábhar sonraí agus cearta chun iniomparthacht sonraí faoi Airteagail 15 agus 20 de Rialachán (AE) 2016/679. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó príobháideachas, nó an reachtaíocht náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir leis an dlí sin de chuid an Aontais, agus ag dlí ábhartha an Aontais nó ag an dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas.
6. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le socruithe deonacha malartaithe sonraí idir eintitis phríobháideacha agus phoiblí, go háirithe socruithe deonacha comhroinnte sonraí, agus ní thagann sé roimh na socruithe sin.
Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais ná do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chomhroinnt sonraí, d’úsáid sonraí agus do rochtain ar shonraí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná chun críocha custaim agus cánachais, go háirithe Rialacháin (AE) 2021/784, (AE) 2022/2065 agus (AE) 2023/1543 agus Treoir (AE) 2023/1544, ná do chomhar idirnáisiúnta sa réimse sin. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le bailiú nó comhroinnt sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847, maidir le rochtain ar shonraí ná maidir le húsáid sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847 agus Treoir (AE) 2015/849. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus i gcás ar bith ní dhéantar difear leis d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint nó slándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a gcuireann na Ballstáit de chúram air cúraimí a dhéanamh i ndáil leis na hinniúlachtaí sin, ná ar an gcumhacht atá acu feidhmeanna bunriachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú. Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le riarachán custaim agus cánach nó le sláinte agus sábháilteacht na saoránach.
7. Leis an Rialachán seo, comhlánaítear cur chuige féinrialála Rialachán (AE) 2018/1807 trí oibleagáidí atá infheidhme go ginearálta maidir le malartú néalríomhaireachta a chur leis.
8. Ní dochar an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais agus do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Treoracha 2001/29/CE, 2004/48/CE, agus (AE) 2019/790.
9. Leis an Rialachán seo, comhlánaítear dlí an Aontais agus ní dochar é do dhlí an Aontais arb é is aidhm dó leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, agus a sláinte, a sábháilteacht agus a leasanna eacnamaíocha a chosaint, go háirithe Treoracha 93/13/CEE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE
10. Ní chuirtear bac, leis an Rialachán seo, ar chonarthaí deonacha comhroinnte sonraí dleathacha a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cómhalartach, ar conarthaí iad lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
whereas