search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 7 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 95

 

Airteagal 7

Raon feidhme na hoibleagáide comhroinnte sonraí gnólacht le tomhaltóir agus gnólacht le gnólacht

1.   Ní bheidh feidhm ag oibleagáidí na Caibidle seo maidir le sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirgí nasctha a mhonaraítear nó a dheartar ná maidir le seirbhísí gaolmhara arna soláthar ag micrifhiontarfiontar beag, ar choinníoll nach bhfuil fiontar comhpháirtíochta ná fiontar nasctha ag an bhfiontar sin de réir bhrí Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE nach gcáilíonn mar mhicrifhiontar ná mar fhiontar beag agus i gcás nach bhfuil an micrifhiontar ná an fiontar beag ar fochonradh chun táirge nasctha a mhonarú ná a dhearadh ná seirbhís ghaolmhar a sholáthar.

Beidh feidhm ag an méid sin maidir le sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirgí nasctha arna monarú ag fiontar a cháiligh mar fhiontar meánmhéide faoi Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ar feadh tréimhse níos lú ná bliain amháin, agus maidir le táirgí nasctha ar feadh tréimhse bliana ón dáta a chuir fiontar meánmhéide ar an margadh iad.

2.   Aon téarma conarthach lena ndéantar, chun aimhleasa an úsáideora, feidhmchearta an úsáideora faoin gCaibidil seo a eisiamh, maolú orthu ná a éifeacht a athrú, ní bheidh sé ina cheangal ar an úsáideoir.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS


whereas









keyboard_arrow_down