search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 6 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 144

 

Airteagal 6

Oibleagáidí tríú páirtithe a fhaigheann sonraí arna iarraidh sin don úsáideoir

1.   Ní dhéanfaidh tríú páirtí na sonraí a chuirtear ar fail dó nó di de bhun Airteagal 5 a phróiseáil ach amháin chun críocha agus faoina coinníollacha arna gcomhaontú leis an úsáideoir agus faoi réir dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta lena n-áirítear cearta an duine is ábhar do na sonraí a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta. Scriosfaidh an tríú páirtí na sonraí nuair nach mbeidh gá leo a thuilleadh chun na críche a comhaontaíodh, mura gcomhaontaítear a mhalairt leis an úsáideoir maidir le sonraí neamhphearsanta.

2.   Ní dhéanfaidh an tríú páirtí an méid seo a leanas:

(a)

feidhmiú roghannacearta úsáideoirí faoi Airteagal 5 a dhéanamh ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint d’úsáideoirí ar bhealach nach bhfuil neodrach, ná tríd an úsáideoir a chomhéigniú, a mheabhlú ná a chúbláil, ná trí neamhspleáchas, trí chinnteoireacht ná trí roghanna an úsáideora a threascairt ná a lagú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin comhéadan digiteach úsáideora, ná cuid de;

(b)

d’ainneoin Airteagal 22(2), pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/679, úsáid a bhaint as na sonraí a fhaigheann sé nó sí le haghaidh próifíliú a dhéanamh, ach amháin más gá sin chun an tseirbhís a iarrann an t-úsáideoir a sholáthar;

(c)

na sonraí a fhaigheann sé nó sí a chur ar fáil do thríú páirtí, ach amháinchuirtear na sonraí ar fáil ar bhonn conartha leis an úsáideoir, agus ar choinníoll go ndéanfaidh an tríú páirtí eile na bearta uile is gá arna gcomhaontú idir sealbhóir na sonraí agus an tríú páirtí chun rúndacht rún trádála a chaomhnú;

(d)

na sonraí a fhaigheann sé a chur ar fáil do ghnóthas atá ainmnithe ina gheatóir de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1925;

(e)

na sonraí a fhaigheann sé a úsáid chun táirge a fhorbairt a théann in iomaíocht leis an táirge nasctha as a dtagann na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu ná a chomhroinneann na sonraí le tríú páirtí eile chun na críche sin; ní úsáidfidh tríú páirtithe ach oiread sonraí táirge neamhphearsantasonraí seirbhíse gaolmhaire a chuirtear ar fáil dóibh chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar sócmhainní ná ar na modhanna táirgthe atá ag sealbhóir na sonraí agus ar an úsáid a bhaineann sé as;

(f)

na sonraí a fhaigheann sé nó sí a úsáid ar bhealach a mbeidh drochthionchar ag na sonraí ar shlándáil an táirge nasctha ná na seirbhíse gaolmhair;

(g)

neamhaird a thabhairt ar na bearta sonracha atá comhaontaithe aige le sealbhóir sonraí ná le sealbhóir na rún trádála de bhun Airteagal 5(9) agus an bonn a bhaint ó rúndacht rún trádála;

(h)

cosc a chur ar an úsáideoir ar tomhaltóir é, lena n-áirítear ar bhonn conartha, na sonraí a fhaigheann sé nó sí a chur ar fáil do pháirtithe eile.


whereas









keyboard_arrow_down