search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 5 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 338

 

Airteagal 5

Ceart an úsáideora sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe

1.   Arna iarraidh sin d’úsáideoir, nó do pháirtí atá ag gníomhú thar ceann úsáideora, cuirfidh an sealbhóir sonraí sonraí ar fáil go héasca, chomh maith leis na meiteashonraí ábhartha is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid, do thríú páirtí, gan aon mhoill mhíchuí, den cháilíocht chéanna agus atá ar fáil don sealbhóir sonraí, go héasca, go slán, saor in aisce don úsáideoir, i bhformáid chuimsitheach, struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb fhéidir go teicniúil, go leanúnach agus i bhfíor-am. Cuirfidh an sealbhóir sonraí na sonraí ar fáil don tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le sonraí atá ar fail go héasca i gcomhthéacs táirgí nasctha, substaintí ná próisis nua nár cuireadh ar an margadh go fóill a thástáil ach amháin má cheadaítear a n-úsáid ag tríú páirtí go conarthach.

3.   Aon ghnóthas a ainmníodh mar gheatóir, de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1925, ní tríú páirtí incháilithe é faoin Airteagal seo agus dá bhrí sin:

(a)

úsáideoir a shireadh nó a dhreasú ar bhonn tráchtála ar aon bhealach, lena n-áirítear trí chúiteamh airgeadaíochta nó aon chúiteamh eile a sholáthar, chun sonraí a chur ar fáil do cheann dá sheirbhísí a fuair an t-úsáideoir de bhun iarraidh faoi Airteagal 4(1);

(b)

úsáideoir a shireadh nó a dhreasú ar bhonn tráchtála chun iarraidh ar an sealbhóir sonraí a chur ar fáil do cheann dá sheirbhísí de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

(c)

sonraí a fháil ó úsáideoir a fuair an t-úsáideoir de bhun iarraidh faoi Airteagal 4(1).

4.   Chun críoch a fhíorú an gcáilíonn duine nádúrtha nó dlítheanach mar úsáideoir nó mar thriú páirtí chun críocha mhír 1, ní chuirfear de cheangal ar an úsáideoir ná ar an tríú páirtí aon eolas seachas an fhaisnéis a bhfuil gá léi a thabhairt. Ní choimeádfaidh sealbhóirí sonraí aon fhaisnéis maidir le rochtain an tríú páirtí ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an tríú páirtí ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.

5.   Ní úsáidfidh an tríú páirtí modhanna comhéigneacha ná ní mhí-úsáidfidh sé nó sí bearnaí i mbonneagar teicniúil sealbhóra sonraí a dearadh chun na sonraí a chosaint chun rochtain a fháil ar shonraí.

6.   Ní bhainfidh an sealbhóir sonraí úsáid as sonraí atá ar fáil go héasca chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an tríú páirtí ná ar úsáid an tríú páirtí ar aon bhealach eile, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an tríú páirtí sna margaí ina bhfuil an tríú páirtí gníomhach, murar thug an tríú páirtí cead leis an úsáid sin agus mura bhfuil an deis theicniúil aige nó aici an cead sin a tharraingt siar go héasca tráth ar bith.

7.   I gcás nach ábhar sonraí é nó í an t-úsáideoir a bhfuil a sonraí pearsanta á n-iarraidh, ní chuirfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nasctha ná seirbhís ghaolmhar a úsáid,, ar fáil don triú páirtí ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí maidir le próiseáil faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 den Rialachán sin agus Airteagal 5(3) de Threoir 2002/58/CE.

8.   Mura dtagann an sealbhóir sonraí agus an tríú páirtí ar chomhaontú maidir le socruithe maidir leis na sonraí a tharchur, ní chuirfidh sé bac, cosc ná cur isteach ar fheidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus, go háirithe, ar an gceart ar iniomparthacht sonraí faoi Airteagal 20 den Rialachán sin.

9.   Déanfar rúin trádála a chaomhnú agus ní nochtfar iad ach do thríú páirtithe ach amháin a mhéid a bhfuil fíorghá le nochtadh den sórt sin chun an cuspóir a comhaontaíodh idir an t-úsáideoir agus an tríú páirtí a chomhlíonadh. Déanfaidh an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála, lena n-áirítear sna meiteashonraí ábhartha, a shainaithint, agus tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú leis an tríú páirtí maidir le gach beart comhréireach teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun rúndacht na sonraí comhroinnte a chaomhnú, amhail na téarmaí conarthacha eiseamláireacha, comhaontuithe rúndachta, prótacail dhiana rochtana, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm na gcód iompair.

10.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo, nó i gcás nach gcuireann an tríú páirtí na bearta a comhaontaíodh de bhun mhír 9 den Airteagal seo chun feidhme ná go mbaineann sé nó sí an bonn de rúndacht na rún trádála, féadfaidh an sealbhóir sonraí comhroinnt na sonraí a shainaithnítear ina rúin trádála a choinneáil siar nó, más amhlaidh an cás, an comhroinnt a chur ar fionraí. Tabharfar bunús cuí le cinneadh shealbhóir na sonraí agus cuirfear ar fáil i scríbhinn é don tríú páirtí gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, tabharfaidh an sealbhóir sonraí fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 á rá go ndearna sé nó sí comhroinnt sonraí a choinneáil siar nó a chur ar fionraí agus sainaithneoidh sé nó sí cé na bearta nár comhaontaíodhnár cuireadh chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, cé na rúin trádála ar baineadh an bonnrúndacht.

11.   In imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an sealbhóir sonraí ar sealbhóir rúin trádála é nó í a léiriú gur rídhócha go ndéanfar damáiste tromchúiseach eacnamaíoch dó nó di de bharr rúin trádála a nochtadh, d’ainneoin na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil arna ndéanamh ag an tríú páirtí de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh an sealbhóir sonraí sin iarraidh ar rochtain ar na sonraí sonracha atá i gceist a dhiúltú ar bhonn cás ar chás. Beidh bunús cuí leis an léiriú sin, ar bhonn eilimintí oibiachtúla, go háirithe in-fhorfheidhmitheacht na cosanta ar rúin trádála i dtríú tíortha, cineál agus leibhéal rúndachta na sonraí arna n-iarraidh, agus uathúlacht agus úrnuacht an táirge nasctha, agus soláthrófar é i scríbhinn don triú páirtí gan moill mhíchuí. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun na míre seo, tabharfaidh sé nó sí fógra don údarás inniúil náisiúnta arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

12.   Gan dochar don cheart sásamh a lorg ag céim ar bith os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh tríú páirtí ar mian leis nó léi agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh sealbhóra sonraí maidir le comhroinnt sonraí de bhun míreanna 10 agus 11 a dhiúltú, a choinneáil siar nó a chur ar fionraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b), a chinnfidh, gan moill mhíchuí, ar cheart tús a chur leis an gcomhroinnt sonraí agus na coinníollacha faoina gcuirfear tús leis sin; nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí maidir leis an ábhar a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

13.   Ní dhéanfaidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 dochar do chearta na n-ábhar sonraí de bhun dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.


whereas









keyboard_arrow_down