search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 42 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 93

 

Airteagal 42

Ról EDIB

Tacóidh EDIB arna bhunú ag an gCoimisiún mar shainghrúpa de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2022/868, ina ndéanfar ionadaíocht d’údaráis inniúla, le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt d’údaráis inniúla i bhforfheidhmiú Chaibidlí II, III, V agus VII;

(b)

comhar idir údaráis inniúla a éascú trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú chun faisnéis a mhalartú go héifeachtúil a bhaineann le forfheidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí faoi Chaibidlí II, III agus V i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear comhordú maidir le pionóis a shocrú;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

cé acu a iarrfarnach n-iarrfar go ndréachtófaí caighdeáin chomhchuibhithedtagraítear in Airteagal 33(4), Airteagal 35(4) agus Airteagal 36(5);

(ii)

ullmhú na ngníomhartha cur chun feidhmedtagraítear in Airteagal 33(5), Airteagal 35(5) agus (8) agus Airteagal 36(6);

(iii)

ullmhú na ngníomhartha tarmligthedtagraítear in Airteagal 29(7) agus Airteagal 33(2); agus

(iv)

glacadh na dtreoirlínte lena leagtar síos creataí idir-inoibritheacha do chaighdeáin agus cleachtais choiteanna maidir le feidhmiú spásanna coiteanna Eorpacha sonraí dá dtagraítear in Airteagal 33(11).

CAIBIDIL X

CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE


whereas









keyboard_arrow_down