search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 36 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 280

 

Airteagal 36

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú

1.   Díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar, leis na conarthaí cliste sin, na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

stóinseacht agus rialú rochtana, chun a áirithiú go bhfuil an conradh cliste deartha chun sásraí rialaithe rochtana agus leibhéal an-ard stóinseachta a thairiscint chun earráidí feidhmiúla a sheachaint agus chun ionramháil ag tríú páirtithe a sheasamh;

(b)

foirceannadh agus briseadh sábháilte, chun a áirithiú go bhfuil sásra ann chun deireadh a chur le forghníomhú leanúnach na n-idirbheart agus go n-áirítear sa chonradh cliste feidhmeanna inmheánacha lenar féidir an conradh a athshocrú nó a threorú chun an oibríocht a stopadh nó a bhriseadh, go háirithe chun forghníomhú tionóisceach amach anseo a sheachaint;

(c)

cartlannú agus leanúnachas sonraí chun a áirithiú go mbeidh féidearthacht ann, in imthosca inar gá conradh cliste a fhoirceannadh nó a dhíghníomhachtú, na sonraí idirbhirt, an loighice agus cód chonartha chliste a chartlannú chun taifead a choinneáil ar na hoibríochtaí a rinneadh ar na sonraí san am a chuaigh thart (in-iniúchóireacht);

(d)

rialú rochtana, chun a áirithiú go ndéantar conradh cliste a chosaint trí bhíthin sásraí rialaithe rochtana diana ag na sraitheanna rialachais agus ag na sraitheanna conartha cliste; agus

(e)

comhsheasmhacht, chun comhsheasmhacht a áirithiú le téarmaí an chomhaontaithe comhroinnte sonraí a chuirtear i gcrích leis an gconradh cliste.

2.   Díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, déanfaidh sé measúnú comhréireachta d’fhonn na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus, ar chomhlíonadh na gceanglas sin, eiseoidh sé dearbhú comhréireachta AE.

3.   Tríd an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, maidir leis an díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, beidh sé freagrach as na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh.

4.   Toimhdeofar conradh cliste lena gcomhlíontar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na codanna ábhartha díobh a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin nó le codanna díobh.

5.   Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus;

(i)

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii)

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

nach gcomhlíontar na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

7.   Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhmedtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 6 den Airteagal seo comhlíonta.

8.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhmedtagraítear i mír 6 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

9.   Maidir le díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste a imscaradh do dhaoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, lena gcomhlíontar na sonraíochtaí arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhmedtagraítear i mír 6 nó le codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.

10.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí é don Choimisiún chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhmedtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

11.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

CAIBIDIL IX

CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ


whereas









keyboard_arrow_down