search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 35 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 179

 

Airteagal 35

Idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí

1.   Maidir le sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí:

(a)

bainfear amach leo, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, coibhéis fheidhmiúil idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse;

(b)

cuirfear feabhas leo ar iniomparthacht sócmhainní digiteacha idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;

(c)

éascófar leo, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, coibhéis fheidhmiúil idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúladtagraítear in Airteagal 30(1) lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse;

(d)

ní dhéanfar leo dochar do shlándáil ná do shláine seirbhísí próiseála sonraí agus sonraí;

(e)

beidh siad deartha ar bhealach a fhágann go bhféadfar dul chun cinn teicniúil a dhéanamh agus feidhmeanna nua agus nuálaíocht a chur san áireamh i seirbhísí próiseála sonraí.

2.   Maidir le sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí, tabharfar leo aghaidh leordhóthanach ar an méid seo a leanas:

(a)

gnéithe néal-idir-inoibritheachta na h-idir-inoibritheachta iompair, na h-idir-inoibritheachta comhréirí, na h-idir-inoibritheachta sonraíséimeantacha, na h-idir-inoibritheachta iompraíochta agus na h-idir-inoibritheachta beartas;

(b)

gnéithe iniomparthachta sonraí néil na hiniomparthachta comhréirí sonraí, na hiniomparthachta sonraí séimeantachaagus na hiniomparthachta beartais sonraí;

(c)

gnéithe feidhmchláir néil na hiniomparthachta comhréirí feidhmchláir, na hiniomparthachta treorach feidhmchláir, na hiniomparthachta meiteashonraí feidhmchláir, na hiniomparthachta iompraíochta feidhmchláir agus na hiniomparthachta beartais feidhmchláir.

3.   Comhlíonfaidh sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

4.   Tar éis caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta agus Eorpacha agus tionscnaimh féinrialála ábhartha á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh bunaithe ar shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte lena gcumhdófar na ceanglais bhunriachtanacha uile a leagtar síos i míreanna 1 agus 2.

6.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhmedtagraítear i mír 5 den Airteagal seo á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na n-údarás inniúil ábharthadtagraítear in Airteagal 37(5), pointe (h) agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

7.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

8.   Chun críche Airteagal 30(3), foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe agus do shonraíochtaí coiteanna i gcomhair idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí i lárstóras um chaighdeáin de chuid an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí.

9.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhmedtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).


whereas









keyboard_arrow_down