search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 31 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 76

 

Airteagal 31

Córas sonrach le haghaidh seirbhísí áirithe próiseála sonraí

1.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 23, pointe (d), Airteagal 29 agus Airteagal 30(1) agus (3) maidir le seirbhísí próiseála sonraí ar saincheapadh formhór na bpríomhghnéithe díobh chun freastal ar riachtanais shonracha custaiméara aonair nó i gcás inar forbraíodh na comhpháirteanna uile chun críocha custaiméara aonair, agus i gcás nach dtairgtear na seirbhísí próiseála sonraí sin ar scála leathan tráchtála trí chatalóg seirbhíse sholáthraithe na seirbhísí próiseála sonraí.

2.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir le seirbhísí próiseála sonraí a sholáthraítear mar leagan neamhtháirgthe chun críocha tástála agus meastóireachta agus ar feadh tréimhse teoranta ama.

3.   Sula dtabharfar conradh i gcrích maidir le soláthar na seirbhísí próiseála sonraídtagraítear san Airteagal seo, cuirfidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an custaiméir ionchasach ar an eolas faoi oibleagáidí na Caibidle seo nach bhfuil feidhm acu maidir leis.

CAIBIDIL VII

ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA


whereas









keyboard_arrow_down