search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 30 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 180

 

Airteagal 30

Gnéithe teicniúla an athraithe

1.   Maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a bhaineann le hacmhainní ríomhaireachta inscálaithe agus leaisteacha atá teoranta do ghnéithe bonneagair amhail freastalaithe, líonraí agus na hacmhainní fíorúla is gá chun an bonneagar a oibriú, ach nach soláthraíonn rochtain ar na seirbhísí oibriúcháin, ar bhogearraí agus ar fheidhmchláir a stóráiltear, a phróiseáiltear nó a úsáidtear ar bhealach eile ar na heilimintí bonneagair, i gcomhréir le hAirteagal 27, déanfaidh siad gach beart laistigh dá gcumhacht chun a éascú don chustaiméir, tar éis dó malartú chuig seirbhís lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse de ar fáil, go mbainfidh siad coibhéis fheidhmiúil amach in úsáid na seirbhíse próiseála sonraí cinn scríbe. Éascóidh soláthraí foinseach na seirbhísí próiseála sonraí an próiseas malartaithe trí chumais, faisnéis leormhaith, doiciméadacht, tacaíocht theicniúil agus, i gcás inarb iomchuí, na huirlisí is gá a sholáthar.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1, comhéadain oscailte ar fáil go cothrom dá gcustaiméirí uile agus do sholáthraithe cinn scríbe seirbhísí próiseála sonraí lena mbaineann saor in aisce chun an próiseas malartaithe a éascú. Áireofar sna comhéadain sin faisnéis leordhóthanach maidir leis an tseirbhís lena mbaineann chun gur féidir bogearraí a fhorbairt chun cumarsáid a dhéanamh leis na seirbhísí, chun críocha iniomparthachta agus idir-inoibritheachta sonraí.

3.   I gcás seirbhísí próiseála sonraí seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí comhoiriúnacht le sonraíochtaí coiteanna bunaithe ar shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailtecaighdeáin chomhchuibhithe don idir-inoibritheacht 12 mhí ar a laghad tar éis na tagairtí do na sonraíochtaí coiteanna nó do na caighdeáin chomhchuibhithe sin maidir le hidir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí sin a fhoilsiú i lárstóras um chaighdeáin an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí tar éis fhoilsiú na ngníomhartha cur chun feidhme bunúsacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 35(7).

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an clár ar líne dá dtagraítear in Airteagal 26, pointe (b) a nuashonrú i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi mhír 3 den Airteagal seo.

5.   I gcás malartaithe idir sheirbhísí den chineál céanna seirbhíse, nár foilsíodh sonraíochtaí coiteannacaighdeáin chomhchuibhithe don idir-inoibritheachtdtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i lárstóras um chaighdeáin an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagal 35(7), déanfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí, arna iarraidh sin don chustaiméir, na sonraí in-onnmhairithe uile a onnmhairiú i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite.

6.   Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí teicneolaíochtaí nó seirbhísí nua a fhorbairt, sonraí a nochtadh ná sócmhainní digiteacha atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla nó arb ionann iad agus rún ceirde a aistriú chuig custaiméir ná chuig soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí ná slándáil agus sláine seirbhíse an chustaiméara nó an tsoláthraí a chur i mbaol.


whereas









keyboard_arrow_down