search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 29 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 117

 

Airteagal 29

Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile

1.   Ón 12 Eanáir 2027, ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí aon mhuirir mhalartaithe ar an gcustaiméir ar an bpróiseas malartaithe.

2.   Ón 11 Eanáir 2024 go dtí an 12 Eanáir 2027 féadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí muirir mhalartaithe laghdaithe a fhorchur ar an gcustaiméir as an bpróiseas malartaithe.

3.   Ní rachaidh na muirir mhalartaithe laghdaithedtagraítear i mír 2 thar na costais a thabhaíonn an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí a bhfuil nasc díreach acu leis an bpróiseas malartaithe lena mbaineann.

4.   Sula ndéanfaidh siad conradh le custaiméir, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí faisnéis shoiléir ar fáil don chustaiméir ionchasach maidir leis na táillí caighdeánacha seirbhíse agus na pionóis luathfhoirceannta a d’fhéadfaí a fhorchur, chomh maith leis na muirir mhalartaithe laghdaithe a d’fhéadfaí a fhorchur le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2.

5.   I gcás inarb ábhartha, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí faisnéis ar fáil do chustaiméir maidir le seirbhísí próiseála sonraí lena mbaineann malartú an-chasta nó an-chostasach nó seirbhísí a bhfuil sé dodhéanta aistriú ina leith gan cur isteach suntasach ar ailtireacht na sonraí, na sócmhainní digiteacha nó na seirbhíse.

6.   I gcás inarb infheidhme, cuirfidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 ar fáil go poiblí do chustaiméirí trí roinn thiomnaithesuíomh gréasáin nó ar aon bhealach eile atá inrochtana go héasca.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shásra faireacháin a bhunú don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar mhuirir mhalartaithe, arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí ar an margadh chun a áirithiú go ndéanfar na muirir mhalartaithe a tharraingt siar agus a laghdú, de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na spriocdhátaí a leagtar síos sna míreanna sin.


whereas









keyboard_arrow_down