search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 18 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 142

 

Airteagal 18

Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí

1.   Cuirfidh sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo na sonraí ar fáil don chomhlacht earnála poiblí iarrthach, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí, agus na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla is gá á gcur san áireamh.

2.   Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta, féadfaidh sealbhóir sonraí iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo a dhiúltú nó a iarraidh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éisiarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus gan moill mhíchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 30 lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil i gcásanna eile ina bhfuil gá eisceachtúil, ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl smacht ag an sealbhóir sonraí ar na sonraí a iarradh;

(b)

go ndearna comhlacht earnála poiblí eile nó an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais iarraidh chomhchosúil chun na críche céanna a thíolacadh roimhe sin agus nár tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi léirscriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1) pointe (c);

(c)

ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

3.   Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 2, pointe (b), léireoidh sé nó sí céannacht an chomhlachta earnála phoiblí nó an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach roimhe sin chun na críche céanna.

4.   I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa sonraí a iarrtar, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a anaithnidiú go cuí, ach amháin má éilíonn comhlíonadh na hiarrata sonraí a chur ar fáil don chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais go nochtfar sonraí pearsanta. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a bhréagainmniú.

5.   I gcás inar mian leis an gcomhlacht earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí a iarradh a sholáthar, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata agus nach féidir an t-ábhar a réiteach trí mhodhnú iomchuí a dhéanamh ar an iarraidh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit, arna ainmniú de bhun Airteagal 37 ina bhfuil sealbhóir sonraí bunaithe.


whereas









keyboard_arrow_down