search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 15 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 130

 

Airteagal 15

Riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid

1.   Beidh gá eisceachtúil le sonraí áirithe a úsáid de réir bhrí na Caibidle seo teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de agus measfar gurb ann dó amháin in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuilleis na sonraí a iarrtar chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus nach bhfuil an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ná comhlacht de chuid an Aontais in ann na sonraí sin a fháil ar bhealaí malartacha ar bhealach tráthúil agus éifeachtach faoi choinníollacha coibhéiseacha;

(b)

in imthosca nach gcumhdaítear le pointe (a) agus a mhéid a bhaineann le sonraí neamhphearsanta amháin, sna cásanna seo a leanas:

(i)

comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais ag gníomhú ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agussonraí sonracha sainaitheanta aige, ar sonraí iad a chuireann cosc air cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chomhlíonadh, dá bhforáiltear go sainráite sa dlí, amhail staidrimh oifigiúla a tháirgeadh nó maolú nó téarnamh ó éigeandáil phoiblí; agus

(ii)

go bhfuil gach modh eile atá ar fáilídithe ag an gcomhlacht earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais chun na sonraí sin a fháil, lena n-áirítear sonraí neamhphearsanta a cheannach ar an margadh trí rátaí margaidh a thairiscint, nó trí bhrath ar oibleagáidí atá ann cheana maidir le sonraí a chur ar fáiltrí bhearta reachtacha nua a ghlacadh lena bhféadfaí infhaighteacht thráthúil na sonraí a ráthú.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointe (b), maidir le micrifhiontair ná fiontair bheaga.

3.   Ní bheidh feidhm leis an oibleagáid a léiriú nach raibh an comhlacht earnála poiblí in ann sonraí neamhphearsanta a fháil trína gceannach ar an margadh i gcás inarb é an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail staidreamh oifigiúil a tháirgeadh agus i gcás nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta sonraí den sórt sin a cheannach.


whereas









keyboard_arrow_down