search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 11 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 189

 

Airteagal 11

Bearta teicniúla cosanta maidir le húsáid neamhúdaraithenochtadh sonraí

1.   Féadfaidh sealbhóir sonraí bearta cosanta teicniúla iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear conarthaí cliste agus criptiú, chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí a chosc, lena n-áirítear meiteashonraí, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 4, 5, 6, 8 agus 9, chomh maith leis na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil. Ní dhéanfaidh na bearta cosanta teicniúla sin idirdhealú idir faighteoirí sonraí ná ní chuirfidh siad bac ar cheart an úsáideora cóip, aisghabháil, úsáidrochtain a fháil ar shonraí, sonraí a sholáthar do thríú páirtithe de bhun Airteagal 5 ná aon cheart de chuid tríú páirtí faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní dhéanfaidh úsáideoirí, tríú páirtithe ná faighteoirí sonraí bearta cosanta teicniúla den sórt sin a athrú ná a bhaint ach amháin má chomhaontaíonn an sealbhóir sonraí leis sin.

2.   Sna himthosca dá dtagraítear i mír 3, comhlíonfaidh an tríú páirtí nó an faighteoir sonraí, gan moill mhíchuí, iarrataí an tsealbhóra sonraí agus, i gcás inarb infheidhme agus i gcás nach iad an duine céanna iad, iarrataí ón sealbhóir rúin trádála nó ón úsáideoir chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na sonraí a chuir an sealbhóir sonraí ar fáil agus aon chóipeanna díobh a scriosadh;

(b)

deireadh a chur le táirgeadh, tairiscint nó cur ar an margadh nó úsáid earraí, sonraí díorthacha nó seirbhísí arna dtáirgeadh ar bhonn an eolais a fhaightear trí na sonraí sin, nó earraí sáraitheacha a allmhairiú, a onnmhairiú nó a stóráil chun na gcríoch sin, agus aon earraí sáraitheacha a scriosadh, i gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidh úsáid neamhdhleathach na sonraí sin dochar suntasach don sealbhóir sonraí, don sealbhóir rún trádála nó don úsáideoir nó i gcás nach mbeadh an beart sin díréireach i bhfianaise leasanna an tsealbhóra sonraí, an tsealbhóra rún trádála nó an úsáideora;

(c)

an t-úsáideoir a chur ar an eolas faoi úsáid neamhúdaraithenochtadh na sonraí agus na bearta a glacadh chun deireadh a chur le húsáid neamhúdaraithenochtadh na sonraí;

(d)

cúiteamh a thabhairt don pháirtí atá thíos le mí-úsáidnochtadh na sonraí sin a bhfuarthas rochtain orthu nó a úsáideadh go neamhdhleathach.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas déanta ag tríú páirtí nó ag faighteoir sonraí.

(a)

chun críocha sonraí a fháil lena rinneadh faisnéis bhréagach a sholáthar do shealbhóir sonraí, úsáid a bhaint as modhanna meabhlacha nó comhéigneacha nó mí-úsáid a bhaint as bearnaí follasacha i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí a ceapadh chun na sonraí a chosaint;

(b)

úsáid bainte as sonraí a cuireadh ar fáil chun críoch neamhúdaraithe, lena n-áirítear táirge nasctha atá in iomaíocht leis a fhorbairt de réir bhrí Airteagal 6(2), pointe (e),

(c)

sonraí a nochtadh go neamhdhleathach do pháirtí eile,

(d)

gan na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a comhaontaíodh de bhun Airteagal 5(9) a choimeád, nó,

(e)

bearta cosanta teicniúla arna gcur i bhfeidhm ag an sealbhóir sonraí a athrú nó a bhaint, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, gan comhaontú an tsealbhóra sonraí;

4.   Beidh feidhm ag mír 2 freisin i gcás ina n-athraíonn nó ina mbainfidh úsáideoir bearta cosanta teicniúla arna gcur i bhfeidhm ag an sealbhóir sonraínach gcoimeádann sé na bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna nglacadh ag an úsáideoir i gcomhaontú leis an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, le sealbhóir na rún trádála, murab é nó í an sealbhóir sonraí é nó í, chun rúin trádála a chaomhnú, agus beidh feidhm ag an méid sin maidir le haon pháirtí eile a fhaigheann na sonraí ón úsáideoir trí shárú ar an Rialachán seo.

5.   I gcás ina sáraíonn an faighteoir sonraí Airteagal 6(2), pointí (a) agus (b), beidh na cearta céanna ag úsáideoirí agus atá ag sealbhóirí sonraí faoi mhír 2 den Airteagal seo.


whereas









keyboard_arrow_down