keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Oibleagáid sonraí táirge agus sonraí seirbhísí gaolmhara a dhéanamh inrochtana don úsáideoir
- Airteagal 4 Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil
- Airteagal 5 Ceart an úsáideora sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe
- Airteagal 6 Oibleagáidí tríú páirtithe a fhaigheann sonraí arna iarraidh sin don úsáideoir
- Airteagal 7 Raon feidhme na hoibleagáide comhroinnte sonraí gnólacht le tomhaltóir agus gnólacht le gnólacht
- Airteagal 8 Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí
- Airteagal 9 Cúiteamh as sonraí a chur ar fáil
- Airteagal 10 Díospóidí a réiteach
- Airteagal 11 Bearta teicniúla cosanta maidir le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh sonraí
- Airteagal 12 Raon feidhme oibleagáidí do shealbhóirí sonraí a bhfuil oibleagáid de bhun dhlí an Aontais orthu sonraí a chur ar fáil
- Airteagal 13 Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile
- Airteagal 14 Oibleagáid sonraí a chur ar fáil ar bhonn riachtanas eisceachtúil
- Airteagal 15 Riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid
- Airteagal 16 Caidreamh le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil do na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais
- Airteagal 17 Iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil
- Airteagal 18 Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí
- Airteagal 19 Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais
- Airteagal 20 Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann
- Airteagal 21 Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtaí staidrimh
- Airteagal 22 Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann
- Airteagal 23 Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach
- Airteagal 24 Raon feidhme na n-oibleagáidí teicniúla
- Airteagal 25 Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach
- Airteagal 26 Oibleagáid faisnéise ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 27 Oibleagáid de mheon macánta
- Airteagal 28 Oibleagáidí trédhearcachta conarthacha maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú
- Airteagal 29 Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile
- Airteagal 30 Gnéithe teicniúla an athraithe
- Airteagal 31 Córas sonrach le haghaidh seirbhísí áirithe próiseála sonraí
- Airteagal 32 Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú
- Airteagal 33 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí
- Airteagal 34 Idir-inoibritheacht chun úsáid chomhthreomhar a bhaint as seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 35 Idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 36 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú
- Airteagal 37 Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí
- Airteagal 38 Ceart chun gearán a dhéanamh
- Airteagal 39 Ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach
- Airteagal 40 Pionóis
- Airteagal 41 Téarmaí conarthacha eiseamláireacha agus clásail chonarthacha chaighdeánacha
- Airteagal 42 Ról EDIB
- Airteagal 43 Bunachair sonraí ina bhfuil sonraí áirithe
- Airteagal 44 Gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear cearta agus oibleagáidí maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí
- Airteagal 45 An tarmligean a fheidhmiú
- Airteagal 46 Nós imeachta coiste
- Airteagal 47 Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2394
- Airteagal 48 Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
- Airteagal 49 Meastóireacht agus athbhreithniú
- Airteagal 50 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS
CAIBIDIL IV
TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR
CAIBIDIL V
SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL
CAIBIDIL VI
AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ
CAIBIDIL VII
ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA
CAIBIDIL VIII
IDIR-INOIBRITHEACHT
CAIBIDIL IX
CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ
CAIBIDIL X
CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE
CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- sonraí 54
- ciallaíonn 43
- agus 31
- lena 26
- próiseála 21
- táirge 16
- atá 14
- duine 14
- úsáid 14
- trí 14
- nasctha 14
- seirbhíse 13
- bhfuil 11
- n-áirítear 11
- chun 11
- seirbhísí 10
- arna 10
- seirbhís 9
- leis 9
- soláthraí 9
- airteagal 9
- aontais 9
- shainmhínítear 8
- rialachán 8
- céanna 7
- nádúrtha 7
- fáil 7
- sealbhóir 6
- ‘sonraí 6
- bhaineann 6
- rochtain 6
- seachas 6
- níos 6
- ae / 6
- sonraí’ 6
- faoi 6
- dlítheanach 5
- amháin 5
- chineál 5
- cumarsáide 5
- tríú 5
- gcomhréir 5
- eile 5
- gcás 4
- tseirbhís 4
- feidhmeanna 4
- pointe 4
- ábhartha 4
- páirtí 4
- dlí 4
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn ‘sonraí’ aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifid fuaime, amhairc nó closamhairc; |
(2) | ciallaíonn ‘meiteashonraí’ tuairisc struchtúrtha ar ábhar nó úsáid na sonraí lena n-éascaítear aimsiú nó úsáid na sonraí sin; |
(3) | ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(4) | ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta; |
(5) | ciallaíonn ‘táirge nasctha’ earra a fhaigheann, a ghineann nó a bhailíonn sonraí a bhaineann lena úsáid nó lena thimpeallacht, agus atá in ann sonraí táirge a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí, trí rochtain fhisiceach nó trí rochtain ar ghaireas, agus nach é a phríomhfheidhm sonraí a stóráil, a phróiseáil ná a tharchur thar ceann aon pháirtí seachas an t-úsáideoir; |
(6) | ciallaíonn ‘seirbhís ghaolmhar’ seirbhís dhigiteach, seachas seirbhís cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear bogearraí, atá nasctha leis an táirge tráth an cheannaigh, an chíosa nó an léasa ar bhealach a gcuirfeadh éagmais na seirbhíse sin cosc ar an táirge nasctha ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a bhí ag an táirge a dhéanamh, nó atá nasctha ina dhiaidh sin leis an táirge ag an monaróir nó ag tríú páirtí chun cur le feidhmeanna an táirge nasctha, iad a uasdátú nó a oiriúnú; |
(7) | ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí nó ar thacair sonraí, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh, nó trí mhodhanna eile lena gcur ar fáil, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú; |
(8) | ciallaíonn ‘seirbhís próiseála sonraí’ seirbhís dhigiteach a sholáthraítear do chustaiméir agus lena gcumasaítear rochtain uileláithreach agus rochtain ar líonra ar éileamh ar chomhthiomsú comhroinnte d’acmhainní ríomhaireachta inchumraithe, inscálaithe agus leaisteach de chineál láraithe, dáilte nó an-dáilte, ar féidir iad a sholáthar go tapa agus a scaoileadh leis an méid is lú iarracht bhainistíochta nó idirghníomhaíocht soláthraithe seirbhíse; |
(9) | ciallaíonn ‘cineál céanna seirbhíse’ tacar seirbhísí próiseála sonraí a bhfuil an príomhchuspóir céanna, an tsamhail seirbhíse próiseála sonraí céanna agus na príomhfheidhmeanna céanna acu; |
(10) | ciallaíonn ‘seirbhís idirghabhála sonraí’ seirbhís idirghabhála sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2022/868; |
(11) | ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(12) | ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil táirge nasctha acu nó ar aistríodh ar bhonn conarthach cearta sealadacha chuig an duine sin chun an táirge nasctha sin a úsáid, nó a fhaigheann seirbhísí gaolmhara; |
(13) | ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil sé de cheart ag an duine sin nó a bhfuil an oibleagáid ar an duine sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, sonraí a úsáid agus a chur ar fáil, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil comhaontú conarthach ina leith ann, sonraí táirge nó sonraí seirbhíse gaolmhaire a d’aisghabh nó a ghin an duine sin le linn seirbhís ghaolmhar a sholáthar; |
(14) | ciallaíonn ‘faighteoir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach, ag gníomhú chun críocha a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, seachas úsáideoir táirge nasctha nó seirbhíse gaolmhaire, a gcuireann an sealbhóir sonraí na sonraí ar fáil dó, lena n-áirítear tríú páirtí tar éis iarraidh a fháil ón úsáideoir ar an sealbhóir sonraí nó i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais; |
(15) | ciallaíonn ‘sonraí táirge’ sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirge nasctha ar sonraí iad a dhear an monaróir le bheith in-aisghafa, trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí, trí nasc fisiceach nó trí rochtain ar ghaireas, ag úsáideoir, sealbhóir sonraí nó tríú páirtí, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an monaróir; |
(16) | ciallaíonn ‘sonraí seirbhíse gaolmhaire’ sonraí lena léirítear digitiú gníomhaíochtaí úsáideoirí nó imeachtaí a bhaineann leis an táirge nasctha, arna dtaifeadadh d’aon ghnó ag an úsáideoir nó a ghintear mar sheachtháirge ghníomhaíocht an úsáideora le linn don soláthraí seirbhís ghaolmhar a sholáthar; |
(17) | ciallaíonn ‘sonraí atá ar fáil go héasca’ sonraí táirge agus sonraí seirbhíse gaolmhaire a fhaigheann sealbhóir sonraí go dleathach nó ar féidir le sealbhóir sonraí a fháil go dleathach ón táirge nasctha nó ón tseirbhís ghaolmhar, gan iarracht dhíréireach lena bhfuil níos mó ná oibríocht shimplí i gceist; |
(18) | ciallaíonn ‘rún trádála’ rún trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943; |
(19) | ciallaíonn ‘sealbhóir rúin trádála’ sealbhóir rúin trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/943; |
(20) | ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(21) | ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge nasctha lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; |
(22) | ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge nasctha a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair; |
(23) | ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch nach mbaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin; |
(24) | ciallaíonn ‘fiontar’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, maidir le conarthaí agus cleachtais a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le ceird, gnó, ealaín nó gairm an duine sin; |
(25) | ciallaíonn ‘fiontar beag’ fiontar beag mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE; |
(26) | ciallaíonn ‘micrifhiontar’ micrifhiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE; |
(27) | ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna mbunú le nó de bhun gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach, CFAE nó an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach; |
(28) | ciallaíonn ‘comhlacht earnála poiblí’ údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla na mBallstát agus comhlachtaí faoi rialú dhlí poiblí na mBallstát, nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den chineál sin nó ag comhlacht amháin nó níos mó den chineál sin; |
(29) | ciallaíonn ‘éigeandáil phoiblí’ staid eisceachtúil, atá teoranta ó thaobh ama de, amhail éigeandáil sláinte poiblí, éigeandáil a eascraíonn as tubaistí nádúrtha, chomh maith le mórthubaiste de dheasca daoine, lena n-áirítear mórtheagmhas cibearshlándála, a dhéanann difear diúltach do dhaonra an Aontais nó do dhaonra Ballstáit ina iomláine nó cuid de, agus lena bhfuil riosca go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha marthanacha aici ar dhálaí maireachtála nó ar chobhsaíocht eacnamaíoch, ar chobhsaíocht airgeadais, nó díghrádú substaintiúil agus láithreach sócmhainní eacnamaíocha san Aontas nó sa Bhallstát ábhartha agus a chinntear nó a dhearbhaítear go hoifigiúil i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta; |
(30) | ciallaíonn ‘custaiméir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil caidreamh conarthach ag an duine sin le soláthraí seirbhísí próiseála sonraí chun seirbhís próiseála sonraí amháin nó níos mó a úsáid; |
(31) | ciallaíonn ‘cúntóirí fíorúla’ bogearraí lenar féidir éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad sin atá bunaithe ar ionchur fuaime, ionchur scríofa, gothaí nó gluaisne, agus a dhéanann, bunaithe ar na héilimh, na cúraimí nó na ceisteanna sin, rochtain ar sheirbhísí eile a sholáthar nó feidhmeanna na dtáirgí nasctha a rialú; |
(32) | ciallaíonn ‘sócmhainní digiteacha’ eilimintí i bhfoirm dhigiteach, lena n-áirítear feidhmchláir, a bhfuil an ceart úsáide ag an gcustaiméir lena n-aghaidh, go neamhspleách ar an gcaidreamh conarthach leis an tseirbhís próiseála sonraí a bhfuil sé beartaithe aige nó aici athrú uaithi; |
(33) | ciallaíonn ‘bonneagar TFC san áitreabh’ bonneagar TFC agus acmhainní ríomhaireachta atá faoi úinéireacht, ar cíos nó ar léas ag an gcustaiméir, atá lonnaithe i lárionad sonraí an chustaiméara féin agus atá á n-oibriú ag an gcustaiméir nó ag tríú páirtí; |
(34) | ciallaíonn ‘malartú’ an próiseas a bhaineann le soláthraí foinseach seirbhísí próiseála sonraí, custaiméir seirbhíse próiseála sonraí agus, i gcás inarb ábhartha, soláthraí seirbhísí próiseála sonraí cinn scríbe, lena n-athraíonn custaiméir seirbhíse próiseála sonraí ó sheirbhís próiseála sonraí amháin a úsáid go seirbhís próiseála sonraí eile den chineál céanna seirbhíse a úsáid, nó go seirbhís eile, arna tairgeadh ag soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí, nó go bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear trí na sonraí a asbhaint, a chlaochlú agus a uaslódáil; |
(35) | ciallaíonn ‘muirir imeachta sonraí’ táillí aistrithe sonraí a ghearrtar ar chustaiméirí as a gcuid sonraí a bhaint tríd an líonra ó bhonneagar TFC soláthraí seirbhísí próiseála sonraí chuig córas soláthraí éagsúil nó chuig bonneagar TFC san áitreabh; |
(36) | ciallaíonn ‘muirir mhalartaithe’ muirir, seachas táillí seirbhíse caighdeánacha nó pionóis luathfhoirceannta, arna ngearradh ag soláthraí seirbhisí próiseála sonraí ar chustaiméir as na gníomhaíochtaí a shainordaítear leis an Rialachán seo maidir le malartú go córas soláthraí éagsúil nó go bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear muirir imeachta sonraí; |
(37) | ciallaíonn ‘coibhéis fheidhmiúil’ íosleibhéal feidhmiúlachta a athbhunú, ar bhonn shonraí in-onnmhairithe agus shócmhainní digiteacha an chustaiméara, i dtimpeallacht seirbhíse nua próiseála sonraí den chineál céanna seirbhíse tar éis an phróisis malartaithe, i gcás ina soláthraíonn an tseirbhís próiseála sonraí cinn scríbe toradh atá inchomparáide den chuid is mó mar fhreagairt ar an ionchur céanna le haghaidh feidhmiúlacht chomhroinnte arna soláthar don chustaiméir faoin gconradh; |
(38) | ciallaíonn ‘sonraí in-onnmhairithe’, chun críoch Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 35, na sonraí ionchuir agus aschuir, lena n-áirítear meiteashonraí, a ghintear go díreach nó go hindíreach, nó a chomhghineann an custaiméir, tríd an úsáid a bhaineann sé as an tseirbhís próiseála sonraí, cé is moite d’aon sócmhainní nó sonraí atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla, nó arb ionann iad agus rún trádála, de chuid sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí nó de chuid tríú páirtithe; |
(39) | ciallaíonn ‘conradh cliste’ ríomhchlár a úsáidtear chun comhaontú nó cuid de chomhaontú a chur i gcrích go huathoibríoch, trí sheicheamh taifead sonraí leictreonacha a úsáid agus lena n-áirithítear a sláine agus cruinneas a n-ordaithe chróineolaíoch; |
(40) | ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ dhá cheann nó níos mó de spásanna sonraí nó de líonraí, córais, táirgí nasctha, feidhmchláir, seirbhísí próiseála sonraí nó comhpháirteanna cumarsáide a bheith in ann sonraí a mhalartú agus a úsáid chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh; |
(41) | ciallaíonn ‘sonraíocht idir-inoibritheachta oscailte’ sonraíocht theicniúil i réimse na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá dírithe ar fheidhmíocht maidir le hidir-inoibritheacht a bhaint amach idir seirbhísí próiseála sonraí; |
(42) | ciallaíonn ‘sonraíochtaí coiteanna’ doiciméad, seachas caighdeán, ina bhfuil réitigh theicniúla lena gcuirtear modh ar fáil chun ceanglais agus oibleagáidí áirithe arna mbunú faoin Rialachán seo a chomhlíonadh; |
(43) | ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; |
CAIBIDIL II
COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT
whereas