(2) Foráiltear le hAirteagal 26(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an tAontas bearta a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, ar ann dó limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéanfar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú.
Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí trí bhíthin bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh.
Is é is aidhm leis an Treoir seo an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus iomaíocht fiontar a chur chun cinn, agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta á háirithiú.
- = -
(3) Ba cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bheith mar bhonn don mhéid sin, chun fíormhargadh aonair digiteach a bhaint amach, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais idirbheart a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”).
- = -
(5) Tá margadh i gcomhair earraí atá ag méadú tar éis eascairt as forbairt theicneolaíoch, arb earraí iad a ionchorpraíonn ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha nó atá idirnasctha leo sin.
Mar thoradh ar líon méadaitheach na ngléasanna sin agus an glacadh leo atá ag fás i measc tomhaltóirí, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go bhfuil ardleibhéal cosanta ar fáil do thomhaltóirí agus chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú a mhéid a bhaineann leis na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí i ndáil le díolacháin na dtáirgí den chineál sin.
Chuideodh deimhneacht dlí le hiontaoibh na dtomhaltóirí agus na díoltóirí a threisiú.
- = -
(6) Tá rialacha an Aontais is infheidhme maidir le díolacháin earraí fós ilroinnte, cé go ndearnadh comhchuibhiú iomlán cheana féin, le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar na rialacha a bhaineann le dálaí seachadta agus, a mhéid a bhaineann le cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh, ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach agus an ceart chun tarraingt siar.
Tá príomhghnéithe conarthacha eile, amhail critéir chomhréireachta, na leigheasanna ar an easpa comhréireachta leis an gconradh agus na príomh-mhodúlachtaí a bhaineann lena bhfeidhmiú, faoi réir comhchuibhiú íosta faoi Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) faoi láthair.
Ceadaíodh do na Ballstáit dul níos faide ná caighdeáin an Aontais agus rialacha a thabhairt isteach nó a chothabháil lena n-áiritheofaí leibhéal cosanta don tomhaltóir atá níos airde fós a bhaint amach.
Agus é sin á dhéanamh acu, ghníomhaigh siad ar ghnéithe éagsúla agus ar leibhéil ghníomhaíochta éagsúla.
Dá bhrí sin, tá éagsúlacht shuntasach ann sa lá atá inniu idir na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 1999/44/CE ó thaobh gnéithe fíor-riachtanacha de, amhail ordlathas na leigheasanna a bheith ann nó as.
- = -
(8) Cé go mbíonn leibhéal ard cosanta á theachtadh ag tomhaltóirí tráth a mbíonn siad ag ceannach ón gcoigríoch, mar thoradh ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 593/2008, bíonn tionchar diúltach ag an ilroinnt dlí freisin ar an leibhéal muiníne a bhíonn ag tomhaltóirí as idirbhearta trasteorann.
Cé go gcuireann roinnt tosca leis an drochiontaoibh sin, tá éiginnteacht maidir le príomhchearta conarthacha ar cheann de mhórchúiseanna imní na dtomhaltóirí.
Bíonn an éiginnteacht sin ann gan beann ar na tomhaltóirí a bheith á gcosaint, nó gan a bheith, le rialacha éigeantacha dhlí na gconarthaí i dtaca le tomhaltóirí ina mBallstát féin sa chás ina ndíríonn díoltóirí a gcuid gníomhaíochtaí trasteorann orthu, agus bíonn sí ann gan beann ar chonarthaí trasteorann a bheith á dtabhairt i gcrích, nó gan a bheith, ag tomhaltóirí le díoltóirí gan gníomhaíochtaí tráchtála a bheith á bhfeidhmiú ag an díoltóir sin i mBallstát an tomhaltóra.
- = -
(10) Leis an Treoir seo, níor cheart go gcumhdófaí na rialacha is infheidhme maidir le díolacháin earraí, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ach amháin a mhéid a bhaineann siad leis na príomhghnéithe conarthacha a bhfuil gá leo chun na bacainní sa mhargadh inmheánach a bhaineann le dlí na gconarthaí a shárú.
Chun na críche sin, ba cheart comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na ceanglais maidir le comhréireacht, na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí i gcás easpa comhréireachta idir na hearraí agus an conradh, agus ar na príomh-mhodúlachtaí a bhaineann le feidhmiú na leigheasanna sin agus ba cheart an leibhéal cosanta do tomhaltóirí a mhéadú le hais an leibhéil dá bhforáiltear i dTreoir 1999/44/CE.
Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, bheadh sé níos éasca do ghnólachtaí, go háirithe FMBanna, a gcuid táirgí a thairiscint ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile.
Bainfidh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán.
- = -
(41) D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil do dhíoltóirí agus an mhuinín fhoriomlán atá ag tomhaltóirí as ceannacháin trasteorann a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le tréimhse a mbíonn an tomhaltóir i dteideal leigheasanna lena linn as aon easpa comhréireachta atá ann ag an tráth atá ábhartha chun comhréireacht a shuí. Ós rud é go ndearna formhór na mBallstát foráil do thréimhse 2 bhliain le linn Treoir 1999/44/CE a bheith á cur chun feidhme agus go measann rannpháirtithe margaidh gur tréimhse réasúnach í sin i gcleachtas, ba cheart an tréimhse sin a choinneáil.
Ba cheart feidhm a bheith ag an tréimhse chéanna i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos faide ná 2 bhliain, áfach, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal leigheasanna as aon easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama ar lena linn a bheidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh.
Chun solúbthacht a áirithiú do na Ballstáit chun an leibhéal cosanta do thomhaltóirí a mhéadú ina ndlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh saoirse ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí ama níos faide do dhliteanas an díoltóra ná na tréimhsí a leagtar síos sa Treoir seo.
- = -
(46) Ba cheart a lamháil do na Ballstáit forálacha a chothabháil nó a thabhairt isteach lena sonraítear, chun leas a bhaint as cearta an tomhaltóra, nach mór don tomhaltóir an díoltóir a chur ar an eolas faoi easpa comhréireachta faoi cheann tréimhse nach lú ná 2 mhí ón dáta ar ar thug an tomhaltóir an easpa comhréireacha sin faoi deara.
Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit leibhéal cosanta níos airde a áirithiú don tomhaltóir mura dtabharfaidh siad isteach oibleagáid den sórt sin.
- = -
(70) Ós rud é, maidir le cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh aonair trí dhul i ngleic ar bhealach comhsheasmhach le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí i ndáil le díolacháin earraí trasteorann san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc nach bhfuil gach Ballstát go leithleach in ann dul i ngleic leis an ilroinnt dhlíthiúil atá ann cheana trí chomhleanúnachas idir a dlí agus dlí Ballstát eile a dheimhniú.
Is fearr is féidir cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, trí phríomhbhacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí a bhaint trí chomhchuibhiú iomlán.
Dá bhrí sin, d’fhonn cuspóirí na Treorach a bhaint amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
- = -