keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- comhréireachta 16
- agus 12
- díoltóir 9
- chun 8
- tomhaltóir 8
- hearraí 7
- easpa 6
- leis 5
- thabhairt 5
- gcomhréir 4
- deisiú 4
- fhoirceannadh 4
- dteideal 4
- leigheasanna 4
- airteagal 4
- conradh 3
- díolacháin 3
- cheart 3
- dhéanamh 3
- gcás 3
- maidir 3
- mbeadh 3
- leigheas 3
- atá 3
- gcrích 3
- laghdú 3
- hairteagal 3
- cuspóir 2
- comhréireach 2
- fháil 2
- ndéanfaidh 2
- coinníollacha 2
- nach 2
- rannchuidiú 2
- féadfaidh 2
- treoir 2
- athsholáthar 2
- bpraghas 2
- himthosca 2
- lena 2
- mura 2
- féadfaidh 2
- shuntasach 2
- dodhéanta 2
- t-athsholáthar 2
- bheith 2
- gcuirfeadh 2
- costais 2
- bheadh 2
- chur 2
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóir
Is é is cuspóir don Treoir seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ach, ag an am céanna, foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí trí rialacha comhchoiteanna a leagan síos i ndáil le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích idir díoltóirí agus tomhaltóirí, go háirithe rialacha maidir le comhréireacht na n-earraí leis an gconradh, leigheasanna i gcás easpa comhréireachta den chineál sin, na modúlachtaí le haghaidh fheidhmiú na leigheasanna sin, agus ráthaíochtaí tráchtála.
Airteagal 13
Leigheasanna ar easpa comhréireachta
1. I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith curtha chun comhréireachta, nó laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2. Chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear:
(a) | an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann; |
(b) | tábhacht na heaspa comhréireachta; agus |
(c) | an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthair gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir. |
3. Féadfaidh an díoltóir diúltú na hearraí a thabhairt chun comhréireachta dá mbeadh deisiú agus athsholáthar dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an díoltóir, agus na himthosca uile á gcur san áireamh lena n-áirítear iad a luaitear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.
4. Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 15 nó i dteideal an conradh díolacháin a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 16 sna cásanna seo a leanas:
(a) | ní dhearna an díoltóir an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích nó, i gcás inarb infheidhme, an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3), nó dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo; |
(b) | is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta; |
(c) | tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghas nó leis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh; nó |
(d) | tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nó gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir. |
5. Ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh mura bhfuil ach mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé an mioneaspa comhréireachta atá i gceist.
6. Beidh sé de cheart ag an tomhaltóir íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an díoltóir oibleagáidí an díoltóra a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha agus na modúlachtaí a chinneadh inar féidir leis an tomhaltóir an cheart chun an íocaíocht a choinneáil siar a fheidhmiú.
7. Féadfaidh na Ballstáit a rialú cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag rannchuidiú an tomhaltóra leis an easpa comhréireachta ar cheart an tomhaltóra chun leigheasanna agus méid an tionchair sin.
whereas