(1) Chun go bhfanfaidh an tAontas iomaíoch ar na margaí domhanda, ní mór dó feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla atá á dtabhairt sa lá atá inniu ann ag geilleagar atá á thiomáint ag an teicneolaíocht níos mó ná riamh.
Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, leagtar síos creat cuimsitheach lena n-éascaítear comhtháthú na gné digití sa mhargadh inmheánach.
Téann an chéad cholún den Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach i ngleic leis an ilroinnt sa trádáil laistigh den Aontas trí aghaidh a thabhairt ar na bacainní móra uile atá roimh fhorbairt na ríomhthráchtála trasteorann, arb ionann í agus an chuid is suntasaí de dhíolacháin earraí gnólacht le tomhaltóir trasteorann.
- = -
(2) Foráiltear le hAirteagal 26(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an tAontas bearta a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, ar ann dó limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéanfar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú.
Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí trí bhíthin bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh.
Is é is aidhm leis an Treoir seo an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus iomaíocht fiontar a chur chun cinn, agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta á háirithiú.
- = -
(4) Is príomhthiománaí don fhás laistigh den mhargadh inmheánach í an ríomhthráchtáil.
Tá a hacmhainn fáis, áfach, i bhfad ó bheith á saothrú go hiomlán.
Chun iomaíocht an Aontais a neartú agus dlús a chur leis an bhfás, ní mór don Aontas gníomhú go tapa agus gníomhaithe eacnamaíocha a spreagadh chun an acmhainn iomlán a chuireann an margadh inmheánach ar fáil a scaoileadh.
Ní féidir acmhainn iomlán an mhargaidh inmheánaigh a scaoileadh ach amháin mura mbeidh rochtain rianúil ag na rannpháirtithe margaidh uile ar dhíolacháin earraí trasteorann, lena n-áirítear idirbhearta ríomhthráchtála.
Tá rialacha dhlí na gconarthaí a ndéanann rannpháirtithe margaidh idirbhearta a thabhairt i gcrích ar a mbonn ar na príomhthosca a mhúnlaíonn na cinntí a dhéanann gnólachtaí i dtaca le hearraí a thairiscint ar bhonn trasteorann.
Bíonn tionchar ag na rialacha sin freisin ar thoilteanas na dtomhaltóirí glacadh leis an gcineál sin ceannaigh agus iontaoibh a bheith acu as.
- = -
(32) Tá sé tábhachtach marthanacht earraí níos faide a áirithiú ionas go mbainfear amach pátrúin tomhaltais níos inbhuanaithe agus geilleagar ciorclach.
Ar an gcaoi chéanna, tá sé fíor-riachtanach earraí neamh-chomhlíontacha a choinneáil amach as margadh an Aontais tríd an bhfaireachas margaidh a neartú agus trí na dreasachtaí cuí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun go méadófar an iontaoibh as feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Chun na gcríoch sin, is í reachtaíocht tháirge-shonrach an Aontais an modh is iomchuí chun ceanglais maidir le marthanacht agus ceanglais eile atá bainteach le táirgí a thabhairt isteach i ndáil le cineálacha sonracha táirgí nó grúpaí sonracha táirgí, agus critéir oiriúnaithe á n-úsáid chun na críche sin.
Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir a bheith comhlántach leis na cuspóirí a leantar i reachtaíocht shonrach Aontais den sórt sin i dtaca le táirgí, agus ba cheart go n-áireofaí marthanacht inti mar chritéar oibiachtúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht earraí.
Ba cheart go dtagródh marthanacht sa Treoir seo do chumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a éilítear agus a bhfeidhmíocht a choinneáil trí ghnáthúsáid.
Chun go mbeidh earraí i gcomhréir, ba cheart go mbeadh marthanacht ag gabháil leo ar gnách é d’earraí den saghas céanna agus ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil léi go réasúnach i bhfianaise chineál na n-earraí sonracha, lena n-áirítear an gá féideartha go ndéanfaí cothabháil réasúnach ar na hearraí, amhail iniúchadh tráthrialta nó athrú scagairí i ngluaisteán, agus aon ráiteas poiblí a dhéanann aon duine ar nasc é de chuid shlabhra na n-idirbheart nó a dhéantar thar ceann an duine sin.
Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú gach cúinse ábhartha eile, amhail praghas na n-earraí agus déine nó minicíocht na húsáide a bhainfeadh an tomhaltóir as na hearraí.
Thairis sin, a mhéid a chuirtear faisnéis shonrach maidir le marthanacht in iúl in aon ráiteas réamhchonarthach ar cuid den chonradh díolacháin é, ba cheart don tomhaltóir a bheith in ann brath uirthi mar chuid de na ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta.
- = -
(70) Ós rud é, maidir le cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh aonair trí dhul i ngleic ar bhealach comhsheasmhach le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí i ndáil le díolacháin earraí trasteorann san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc nach bhfuil gach Ballstát go leithleach in ann dul i ngleic leis an ilroinnt dhlíthiúil atá ann cheana trí chomhleanúnachas idir a dlí agus dlí Ballstát eile a dheimhniú.
Is fearr is féidir cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, trí phríomhbhacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí a bhaint trí chomhchuibhiú iomlán.
Dá bhrí sin, d’fhonn cuspóirí na Treorach a bhaint amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
- = -