(30) Anuas ar nuashonruithe arna gcomhaontú go conarthach, ba cheart don díoltóir nuashonruithe a sholáthar freisin, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, chun a áirithiú go bhfanfaidh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir.
Ba cheart oibleagáid an díoltóra a theorannú chun go gcuimseofar nuashonruithe atá riachtanach chun go gcoinneoidh earraí den sórt sin a gcomhréireacht leis na ceanglais oibiachtúla agus shuibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar síos sa Treoir seo.
Mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe go conarthach ag na páirtithe, níor cheart oibleagáid a bheith ar an díoltóir leaganacha nuashonraithe d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach na n-earraí a sholáthar ná feidhmiúlachtaí earraí a fheabhsú nó a leathnú níos faide ná mar atá sna ceanglais chomhréireachta.
Maidir le nuashonrú arna sholáthar ag an díoltóir nó ag tríú páirtí a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís faoin gconradh díolacháin, má chruthaíonn sé easpa comhréireachta maidir leis an earra ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir as an earra a thabhairt i gcomhréir arís.
Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an tomhaltóir i gcónaí na nuashonruithe sin a shuiteáil.
I gcás ina gcinnfidh an tomhaltóir gan na nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun go gcoinneoidh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a gcomhréireacht, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir ag súil leis go bhfanfaidh na hearraí sin i gcomhréir.
Ba cheart don díoltóir an tomhaltóir a chur an eolas, maidir le cinneadh an tomhaltóra gan nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, go mbeidh tionchar ag an gcinneadh sin ar dhliteanas an díoltóra i ndáil le comhréireacht na ngnéithe sin de na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil na nuashonruithe ábhartha ceaptha lena gcoinneáil i gcomhréir.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear d’oibleagáidí i dtaca le soláthar nuashonruithe slándála a leagtar síos i ndlí eile an Aontais nó i ndlí náisiúnta.
- = -
(33) Faoin Treoir seo, ba cheart oibleagáid a bheith ar an díoltóir earraí a sheachadadh don tomhaltóir atá i gcomhréir tráth an tseachadta.
D’fhéadfadh díoltóirí úsáid a bhaint as comhpháirteanna spártha chun go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáid i dtaca le hearraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann tráth an tseachadta.
Cé nár cheart leis an Treoir seo go dtabharfaí oibleagáid isteach ar dhíoltóirí chun infhaighteacht páirteanna spártha le linn tréimhse ama a áirithiú mar cheanglas oibiachtúil maidir le comhréireacht, níor cheart go ndéanfadh sin difear d’fhorálacha eile i ndlíthe náisiúnta a chuireann oibleagáid ar an díoltóir, ar an táirgeoir nó ar dhaoine eile ar naisc iad de chuid shlabhra na n-idirbheart a áirithiú go bhfuil comhpháirteanna spártha ar fáil nó tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir leis an infhaighteacht sin.
- = -
(38) Níor cheart go ndéanfaí rialú ar bhrí “seachadadh” leis an Treoir seo, ar ina leith ba cheart an rialú sin a fhágáil faoin dlí náisiúnta, go háirithe, tá feidhm aige sin maidir lena fháil amach faoina bhfuil le déanamh ag díoltóir chun go gcomhlíonfaí oibleagáid an díoltóra na hearraí a sheachadadh.
Thairis sin, ba cheart tagairtí do thráth an tseachadta sa Treoir seo a bheith gan dochar do na rialacha maidir le riosca a aistriú dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE agus a chuirtear chun feidhme dá réir sin i ndlí náisiúnta na mBallstát.
- = -
(41) D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil do dhíoltóirí agus an mhuinín fhoriomlán atá ag tomhaltóirí as ceannacháin trasteorann a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le tréimhse a mbíonn an tomhaltóir i dteideal leigheasanna lena linn as aon easpa comhréireachta atá ann ag an tráth atá ábhartha chun comhréireacht a shuí. Ós rud é go ndearna formhór na mBallstát foráil do thréimhse 2 bhliain le linn Treoir 1999/44/CE a bheith á cur chun feidhme agus go measann rannpháirtithe margaidh gur tréimhse réasúnach í sin i gcleachtas, ba cheart an tréimhse sin a choinneáil.
Ba cheart feidhm a bheith ag an tréimhse chéanna i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos faide ná 2 bhliain, áfach, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal leigheasanna as aon easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama ar lena linn a bheidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh.
Chun solúbthacht a áirithiú do na Ballstáit chun an leibhéal cosanta do thomhaltóirí a mhéadú ina ndlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh saoirse ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí ama níos faide do dhliteanas an díoltóra ná na tréimhsí a leagtar síos sa Treoir seo.
- = -