(32) Tá sé tábhachtach marthanacht earraí níos faide a áirithiú ionas go mbainfear amach pátrúin tomhaltais níos inbhuanaithe agus geilleagar ciorclach.
Ar an gcaoi chéanna, tá sé fíor-riachtanach earraí neamh-chomhlíontacha a choinneáil amach as margadh an Aontais tríd an bhfaireachas margaidh a neartú agus trí na dreasachtaí cuí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun go méadófar an iontaoibh as feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Chun na gcríoch sin, is í reachtaíocht tháirge-shonrach an Aontais an modh is iomchuí chun ceanglais maidir le marthanacht agus ceanglais eile atá bainteach le táirgí a thabhairt isteach i ndáil le cineálacha sonracha táirgí nó grúpaí sonracha táirgí, agus critéir oiriúnaithe á n-úsáid chun na críche sin.
Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir a bheith comhlántach leis na cuspóirí a leantar i reachtaíocht shonrach Aontais den sórt sin i dtaca le táirgí, agus ba cheart go n-áireofaí marthanacht inti mar chritéar oibiachtúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht earraí.
Ba cheart go dtagródh marthanacht sa Treoir seo do chumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a éilítear agus a bhfeidhmíocht a choinneáil trí ghnáthúsáid.
Chun go mbeidh earraí i gcomhréir, ba cheart go mbeadh marthanacht ag gabháil leo ar gnách é d’earraí den saghas céanna agus ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil léi go réasúnach i bhfianaise chineál na n-earraí sonracha, lena n-áirítear an gá féideartha go ndéanfaí cothabháil réasúnach ar na hearraí, amhail iniúchadh tráthrialta nó athrú scagairí i ngluaisteán, agus aon ráiteas poiblí a dhéanann aon duine ar nasc é de chuid shlabhra na n-idirbheart nó a dhéantar thar ceann an duine sin.
Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú gach cúinse ábhartha eile, amhail praghas na n-earraí agus déine nó minicíocht na húsáide a bhainfeadh an tomhaltóir as na hearraí.
Thairis sin, a mhéid a chuirtear faisnéis shonrach maidir le marthanacht in iúl in aon ráiteas réamhchonarthach ar cuid den chonradh díolacháin é, ba cheart don tomhaltóir a bheith in ann brath uirthi mar chuid de na ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta.
- = -
(43) Maidir le gnéithe áirithe, d’fhéadfadh údar cuí a bheith le caitheamh le hearraí athláimhe ar bhealach difriúil.
Cé go dtugann tréimhse dhliteanais nó teorann 2 bhliain nó níos faide leasanna an díoltóra agus an tomhaltóra le chéile de ghnáth, d’fhéadfadh sé go mbeadh cás eile i gceist maidir le hearraí athláimhe.
Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit na páirtithe a chumasú chun teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse dhliteanais nó teorann ghiorraithe d’earraí den sórt sin.
Tríd an gceist sin a fhágáil faoi chomhaontú conarthach idir na páirtithe, méadaítear an tsaoirse chonartha agus áirithítear gur cheart an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi chineál an earra mar earra athláimhe agus faoin tréimhse dhliteanais nó teorann ghiorraithe.
Níor cheart, áfach, tréimhse chomhaontaithe de réir conradh den sórt sin a bheith níos giorra ná 1 bliain amháin.
- = -
(52) I gcásanna áirithe d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh a fhoirceannadh láithreach.
I gcás ina bhfuil gníomhaíocht déanta ag an díoltóir chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta ach go dtagann easpa comhréireachta chun cinn ina dhiaidh sin, ba cheart a fhionnadh go hoibiachtúil cibé acu ba cheart nó nár cheart don tomhaltóir glacadh le hiarrachtaí breise ag an díoltóir maidir leis na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh amhail cineál agus luach na n-earraí, chomh maith le nádúr agus suntasacht na heaspa comhréireachta.
Go háirithe, le haghaidh earraí costasacha agus casta d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann a lamháil don díoltóir a iarracht eile a dhéanamh an easpa comhréireachta a leigheas.
Ba cheart a chur san áireamh freisin an amhlaidh gur féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta nó nach féidir, mar shampla toisc go dtagann an fhadhb chéanna chun cinn faoi dhó.
Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an easpa comhréireachta a bheith de chineál tromchúiseach sa chaoi nach féidir leis an tomhaltóir muinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta.
D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag an easpa comhréireachta ar chumas an tomhaltóra gnáthúsáid a bhaint as na hearraí agus nuair nach féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige go leigheasfaí an fhadhb trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar.
- = -
(69) I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (10), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.
I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a thraschur.
- = -