(7) Is féidir leis na difríochtaí atá ann faoi láthair dochar a dhéanamh do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí.
De bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá ceangal ar ghnólachtaí a dhíríonn a gcuid gníomhaíochtaí ar thomhaltóirí i mBallstáit eile rialacha éigeantacha dhlí na gconarthaí do thomhaltóirí atá i bhfeidhm sa tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir a chur san áireamh.
Toisc nach ionann na rialacha sin i ngach Ballstát, d’fhéadfadh sé go mbeadh costais bhreise le hiompar ag na gnólachtaí.
Dá thoradh sin, is iomaí gnólacht a bhféadfadh sé gurbh fhearr leo leanúint den trádáil intíre nó gan onnmhairiú a dhéanamh ach chuig Ballstát nó dhó.
Is é an toradh a bhíonn ar an rogha sin maidir le híoslaghdú a dhéanamh ar an nochtadh ar chostais agus rioscaí a bhaineann le trádáil trasteorann ná go gcailltear deiseanna maidir leis an tráchtáil a leathnú agus barainneacht scála a chruthú.
Bíonn tionchar aige sin ar FBManna go háirithe.
- = -
(12) Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir le nithe inláimhsithe inbhogtha arb ionann iad agus earraí de réir an bhrí a leagtar síos sa Treoir seo.
Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit rialú a dhéanamh ar chonarthaí i ndáil le díolachán réadmhaoine dobhogtha, amhail foirgnimh chónaithe, agus ar a bpríomh-chomhpháirteanna atá beartaithe chun bheith mar pháirt mhór den réadmhaoin dhobhogtha sin.
- = -
(13) Ba cheart go mbeadh an Treoir seo agus Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) comhlántach lena chéile.
Cé go leagtar síos leis an Treoir (AE) 2019/770 rialacha i dtaca le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, leagtar síos leis an Treoir seo ceanglais áirithe maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí.
Dá réir sin, chun ionchais na dtomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun creat dlíthiúil soiléir agus simplí le haghaidh trádálaithe ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha a áirithiú, tá feidhm ag Treoir (AE) 2019/770 maidir le hábhar digiteach i leith soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha arna soláthar ar mheán inláimhsithe, amhail DVDanna, CDanna, méaróga cuimhne agus cártaí cuimhne, chomh maith leis an meán inláimhsithe féin, ar choinníoll nach bhfeidhmíonn an meán inláimhsithe ach mar iompróir an ábhair dhigitigh.
Os a choinne sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí i ndáil le díolachán earraí, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach de dhíth orthu chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.
- = -
(15) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí i ndáil le hearraí a dhíol, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina gcuirfí cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú in éagmais an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus i gcás ina soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin le hearraí faoin gconradh díolacháin i ndail leis na hearraí seo.
Cibé acu an cuid den chonradh díolacháin leis an díoltóir soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha nó nach ea, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar ábhar an chonartha sin.
Ba cheart a bheith san áireamh leis sin, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe nó idirnasctha a soláthar mar a cheanglaítear go sainráite leis an gconradh.
Ba cheart a bheith san áireamh ann freisin conarthaí díolacháin ar féidir a thuiscint ina leith go gcumhdaítear leo soláthar ábhair dhigitigh shonraigh nó seirbhíse digití sonraí, toisc gur gnáthearraí den chineál céanna iad agus go bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach leis an méid sin i bhfianaise chineál na n-earraí, agus aon ráitis phoiblí arna ndéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile nó thar a gceann i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear ag an táirgeoir, á gcur san áireamh.
Más rud é, mar shampla, go ndéanfaí teilifís chliste a fhógairt, agus á rá go n-áirítear léi fís-fheidhmchlár ar leith, bheadh an fhís-fheidhmchlár mar chuid den chonradh díolacháin.
Ba cheart feidhm a bheith aige sin is cuma cé acu atá an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach réamhshuiteáilte san earra féin nó is gá é nó í a íoslódáil ina dhiaidh sin ar fheiste eile agus gan é ach a bheith idirnasctha leis an earra.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh feidhmchlár caighdeánach réamhshuiteáilte ar fhón cliste faoin gconradh díolacháin, amhail feidhmchlár aláraim nó feidhmchlár ceamara.
D’fhéadfadh uaireadóir cliste a bheith ina shampla eile de sin.
I gcás den chineál sin, bheadh an t-uaireadóir féin ina earra ag a bhfuil eilimintí digiteacha, earra nach féidir a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ach le feidhmchlár a sholáthraítear faoin gconradh díolacháin ach ar gá don tomhaltóir í a íoslódáil ar fhón cliste; ansin b’ionann an feidhmchlár agus eilimint dhigiteach idirnasctha.
Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin chomh maith más rud é gurb é an tríú páirtí seachas an díoltóir féin a sholáthróidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ionchorpraithe de réir an chonartha díolacháin.
Chun éiginnteacht a sheachaint do dhíoltóirí agus do thomhaltóirí araon, i gcás amhras a bheith ann i dtaobh an bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ina chuid den chonradh díolacháin, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo.
Thairis sin, níor cheart go ndéanfaí difear do chaidreamh conarthach déthaobhach a fhionnadh idir an díoltóir agus an tomhaltóir, a bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha ina chuid de, díreach mar go gcaithfidh an tomhaltóir toiliú le comhaontú ceadúnúcháin le tríú páirtí chun leas a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
- = -
(16) Os a choinne sin, más rud é, d’ainneoin uireasa an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha, nach gcuirfí cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, nó dá gcuirfeadh an tomhaltóir conradh i gcrích i ndáil le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nach bhfuil ina chuid de chonradh a bhaineann le díolachán earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart an conradh sin a mheas ar leithligh ón gconradh i ndáil le díolachán earraí, fiú dá mbeadh an díoltóir ag gníomhú mar idirghabhálaí den dara conradh sin leis an soláthraí tríú páirtí, agus d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
Mar shampla, má íoslódálann an tomhaltóir feidhmchlár cluiche ón aipmhargadh ar fhón cliste, beidh an conradh i ndáil leis an bhfeidhmchlár cluiche a sholáthar ar leithligh ón gconradh i ndáil leis an bhfón cliste féin a dhíol.
Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir leis an gconradh díolacháin i dtaobh an fhóin chliste, ach ba cheart soláthar an fheidhmchláir cluiche teacht faoi raon Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
Sampla eile d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach nach bhfuil ina chuid den chonradh díolacháin agus nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, dá bhrí sin, a bheadh i gcás ina gcomhaontaítear go sainráite go gceannóidh an tomhaltóir fón cliste gan córas oibriúcháin sonrach agus go dtabharfaidh an tomhaltóir conradh i gcrích le haghaidh córas oibriúcháin a sholáthar ó thríú páirtí ina dhaidh sin.
I gcás den chineál sin, ní bheadh soláthair an chórais oibriúcháin a ceannaíodh ar leithligh mar chuid den chonradh díolacháin agus dá bhrí sin, ní thiocfadh sé faoi raon feidhme na Treorach seo ach d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme na Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
- = -
(18) Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh don dlí náisiúnta a mhéid nach rialaítear leis an Treoir seo na hábhair lena mbaineann, go háirithe maidir le dlíthiúlacht na n-earraí, damáistí agus gnéithe ginearálta dhlí na gconarthaí amhail cruthú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí.
Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir leis na hiarmhairtí a thagann as an gconradh a fhoirceannadh agus maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le deisiú agus athsholáthar nach rialaítear leis an Treoir seo.
Agus rialú á déanamh ar chearta na bpáirtithe feidhmiú a n-oibleagáidí nó cuid díobh a choinneáil siar go dtí go bhfeidhmíonn an páirtí eile a oibleagáidí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor chun rialú a dhéanamh ar na coinníollacha agus na modúlachtaí maidir leis an bpraghas a bheith á choinneáil siar ag an tomhaltóir.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor freisin chun rialú a dhéanamh ar theidlíocht an tomhaltóra a mhéid a bhaineann le cúiteamh as damáistí arna dtabhú mar thoradh ar fhorálacha na Treorach seo a bheith á sárú ag an díoltóir.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích, eadhon ar rialacha iad ina ndéantar tagairt d’fhorálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an díoltóra i leith fabhtanna folaithe a leagan síos.
Ina theannta sin, níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra, i gcás ina mbeidh easpa comhréireachta earraí ann i gcoinne daoine i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, mar shampla monaróirí nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.
- = -
(19) Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Treoir seo do shaoirse na mBallstát a lamháil do thomhaltóirí leigheas sonrach a roghnú, más léir easpa comhréireachta na n-earraí go luath i ndiaidh seachadta, eadhon iad ag tagairt d’fhorálacha náisiúnta a d’fhéadfadh foráil a dhéanamh maidir le ceart an tomhaltóra diúltú don earra a bhfuil fabht aige agus caitheamh leis an gconradh amhail is dá mbeadh sé séanta nó athsholáthar láithreach a iarraidh, taobh istigh de thréimhse ghearr ama ar leith tar éis na hearraí a sheachadadh, ar tréimhse í nár cheart a bheith níos faide ná 30 lá.
- = -
(20) Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor chun rialú a dhéanamh ar oibleagáidí faisnéise an díoltóra i dtaca le tabhairt i gcrích an chonartha nó dualgas an díoltóra rabhadh a thabhairt don tomhaltóir, mar shampla, faoi ghnéithe áirithe atá ag an earra, oiriúnacht na n-ábhar arna soláthar ag an tomhaltóir nó míbhuntáistí féideartha a bheadh mar thoradh ar iarrataí sonracha an tomhaltóra, amhail iarraidh ón tomhaltóir go n-úsáidfí éadach ar leith agus táilliúireacht á déanamh ar bhálghúna.
- = -
(21) Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an Ballstáit cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú chun go gcumhdófaí conarthaí a eisítear ó raon feidhme na Treorach, nó na conarthaí sin a rialú ar shlí eile.
Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor an chosaint a thugtar do thomhaltóirí leis an Treoir seo a leathnú chun go gcuimseofaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha nach tomhaltóirí iad de réir bhrí na Treorach seo, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí nuathionscanta nó FBManna.
- = -
(23) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí chuig an tomhaltóir, nó a gheallann díoltóir amhlaidh.
D’fhéadfadh soláthraithe ardán a mheas a bheith ina díoltóirí faoin Treoir seo má bhíonn siad ag gníomhú chun críocha a bhaineann lena ngnó féin agus mar pháirtí conarthach díreach an tomhaltóra le haghaidh díolachán earraí.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí soláthraithe ardán nach gcomhlíonann na ceanglais le go measfar iad a bheith ina dtrádálaí faoin Treoir seo.
- = -
(25) D’fhonn soiléireacht a chur ar fáil maidir leis an méid is féidir le tomhaltóir a bheith ag súil leis ó na hearraí agus an méid a mbeadh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith i gcás ina mainnítear an méid a raibh súil leis a chur ar fáil, tá sé riachtanach comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le comhréireacht earraí a dheimhniú.
Ba cheart tagairt a dhéanamh do chomhréireacht earraí leis an gconradh díolacháin le haon tagairt do chomhréireacht sa Treoir seo.
Chun leasanna dlisteanacha an dá pháirtí i gconradh díolacháin a choimirciú, ba cheart comhréireacht a mheasúnú bunaithe ar cheanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla araon maidir le comhréireacht.
- = -
(29) Chun go mbeidh siad i gcomhréir, ba cheart go gcomhlíonfadh na hearraí ní hamháin na ceanglais shuibiachtúil maidir le comhréireacht ach freisin na ceanglais oibiachtúla don chomhréireacht arna leagan amach sa Treoir seo.
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht, inter alia, agus breithniú á dhéanamh ar an gcríoch a n-úsáidfí earraí den saghas céanna de ghnáth ina leith, ar cibé acu a sholáthraítear iad nó nach soláthraítear iad leis na gabhálais agus na treoracha ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil lena bhfáil go réasúnach nó cibé acu a chomhfhreagraíonn siad nó nach gcomhfhreagraíonn siad don sampla nó don tsamhail a chuir an díoltóir ar fáil don tomhaltóir.
Ba cheart go mbeadh na cáilíochtaí agus na gnéithe ar gnách iad a bheith in earraí den chineál céanna agus ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil leo go réasúnach i bhfianaise chineál na n-earraí agus aon ráitis phoiblí a rinne an díoltóir nó duine eile nó a rinneadh thar ceann an díoltóra nó duine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart á gcur san áireamh.
- = -
(30) Anuas ar nuashonruithe arna gcomhaontú go conarthach, ba cheart don díoltóir nuashonruithe a sholáthar freisin, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, chun a áirithiú go bhfanfaidh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir.
Ba cheart oibleagáid an díoltóra a theorannú chun go gcuimseofar nuashonruithe atá riachtanach chun go gcoinneoidh earraí den sórt sin a gcomhréireacht leis na ceanglais oibiachtúla agus shuibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar síos sa Treoir seo.
Mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe go conarthach ag na páirtithe, níor cheart oibleagáid a bheith ar an díoltóir leaganacha nuashonraithe d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach na n-earraí a sholáthar ná feidhmiúlachtaí earraí a fheabhsú nó a leathnú níos faide ná mar atá sna ceanglais chomhréireachta.
Maidir le nuashonrú arna sholáthar ag an díoltóir nó ag tríú páirtí a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís faoin gconradh díolacháin, má chruthaíonn sé easpa comhréireachta maidir leis an earra ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir as an earra a thabhairt i gcomhréir arís.
Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an tomhaltóir i gcónaí na nuashonruithe sin a shuiteáil.
I gcás ina gcinnfidh an tomhaltóir gan na nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun go gcoinneoidh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a gcomhréireacht, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir ag súil leis go bhfanfaidh na hearraí sin i gcomhréir.
Ba cheart don díoltóir an tomhaltóir a chur an eolas, maidir le cinneadh an tomhaltóra gan nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, go mbeidh tionchar ag an gcinneadh sin ar dhliteanas an díoltóra i ndáil le comhréireacht na ngnéithe sin de na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil na nuashonruithe ábhartha ceaptha lena gcoinneáil i gcomhréir.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear d’oibleagáidí i dtaca le soláthar nuashonruithe slándála a leagtar síos i ndlí eile an Aontais nó i ndlí náisiúnta.
- = -
(31) I bprionsabal, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha má sholáthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, trí ghníomh aonair soláthair, níor cheart dliteanas a bheith ar an díoltóir ach amháin as easpa comhréireachta atá ann tráth an tseachadta.
Ba cheart, áfach, go leanfadh an oibleagáid i dtaca le nuashonruithe a sholáthar an treocht go mbíonn timpeallacht dhigiteach aon earra den sórt sin ag athrú de shíor.
Dá bhrí sin, is uirlis riachtanach iad nuashonruithe chun a áirithiú go mbeidh na hearraí in ann feidhmiú ar an mbealach céanna lenar fheidhmigh siad tráth an tseachadta.
Anuas air sin, i gcodarsnacht le hearraí traidisiúnta, níl earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha go hiomlán ar leithligh ó réimse an díoltóra, mar tá an díoltóir, nó tríú duine a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach faoin gconradh díolacháin, in ann nuashonrú a dhéanamh ar na hearraí go cianda, go hiondúil ar an idirlíon.
Dá bhrí sin, má sholáthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach trí oibríocht aonair soláthair, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir nuashonruithe a sholáthar, ar na nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le linn tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi, fiú má bhí na hearraí i gcomhréir tráth an tseachadta.
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi bunaithe ar shaghas agus ar chríoch na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha agus cúinsí agus cineál an chonartha dhíolacháin á gcur san áireamh.
Bheadh tomhaltóir ag súil de ghnáth le nuashonruithe a fháil ar feadh tréimhse chomh fada ar a laghad leis an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an tréimhse a mbeadh an tomhaltóir ag súil go réasúnach léi a leathnú thar an tréimhse sin, de réir mar a bheadh i gceist, go háirithe i dtaca le nuashonruithe slándála.
I gcásanna eile, mar shampla, maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil teorainn ama ag gabháil lena gcríoch, ba ghnách gur cheart oibleagáid an díoltóra nuashonruithe a sholáthar go dtí an t-am sin.
- = -
(32) Tá sé tábhachtach marthanacht earraí níos faide a áirithiú ionas go mbainfear amach pátrúin tomhaltais níos inbhuanaithe agus geilleagar ciorclach.
Ar an gcaoi chéanna, tá sé fíor-riachtanach earraí neamh-chomhlíontacha a choinneáil amach as margadh an Aontais tríd an bhfaireachas margaidh a neartú agus trí na dreasachtaí cuí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun go méadófar an iontaoibh as feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Chun na gcríoch sin, is í reachtaíocht tháirge-shonrach an Aontais an modh is iomchuí chun ceanglais maidir le marthanacht agus ceanglais eile atá bainteach le táirgí a thabhairt isteach i ndáil le cineálacha sonracha táirgí nó grúpaí sonracha táirgí, agus critéir oiriúnaithe á n-úsáid chun na críche sin.
Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir a bheith comhlántach leis na cuspóirí a leantar i reachtaíocht shonrach Aontais den sórt sin i dtaca le táirgí, agus ba cheart go n-áireofaí marthanacht inti mar chritéar oibiachtúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht earraí.
Ba cheart go dtagródh marthanacht sa Treoir seo do chumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a éilítear agus a bhfeidhmíocht a choinneáil trí ghnáthúsáid.
Chun go mbeidh earraí i gcomhréir, ba cheart go mbeadh marthanacht ag gabháil leo ar gnách é d’earraí den saghas céanna agus ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil léi go réasúnach i bhfianaise chineál na n-earraí sonracha, lena n-áirítear an gá féideartha go ndéanfaí cothabháil réasúnach ar na hearraí, amhail iniúchadh tráthrialta nó athrú scagairí i ngluaisteán, agus aon ráiteas poiblí a dhéanann aon duine ar nasc é de chuid shlabhra na n-idirbheart nó a dhéantar thar ceann an duine sin.
Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú gach cúinse ábhartha eile, amhail praghas na n-earraí agus déine nó minicíocht na húsáide a bhainfeadh an tomhaltóir as na hearraí.
Thairis sin, a mhéid a chuirtear faisnéis shonrach maidir le marthanacht in iúl in aon ráiteas réamhchonarthach ar cuid den chonradh díolacháin é, ba cheart don tomhaltóir a bheith in ann brath uirthi mar chuid de na ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta.
- = -
(34) Tá líon mór earraí tomhaltais ann a bheartaítear lena suiteáil sula bhféadfaidh an tomhaltóir úsáid éifeachtacht a bhaint astu.
Thairis sin, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, is gá suiteáil an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití de ghnáth chun go mbeidh an tomhaltóir in ann na hearraí sin a úsáid i gcomhréir lena gcríoch bheartaithe.
Dá bhrí sin, maidir le haon easpa comhréireachta a eascraíonn as suiteáil mhícheart na n-earraí, lena n-áirítear suiteáil mhícheart an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, ba cheart í a mheas mar easpa comhréireachta i gcás ina ndearna an díoltóir an tsuiteáil nó ina ndearnadh í faoi smacht an díoltóra.
I gcás inar beartaíodh go suiteálfadh an tomhaltóir na hearraí, ba cheart easpa comhréireachta a eascraíonn as suiteáil mhícheart a mheas mar easpa comhréireachta na n-earraí gan beann ar an tsuiteáil a bheith déanta ag an tomhaltóir nó ag tríú páirtí faoi fhreagracht an tomhaltóra, más mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a tharla an tsuiteáil mhícheart, ar easnaimh iad amhail neamhiomláine nó easpa soiléireachta, rud a chiallódh go mbeadh na treoracha suiteála deacair don ghnáth-thomhaltóir a úsáid.
- = -
(36) Chun dóthain solúbthachta sna rialacha a áirithiú, mar shampla i dtaca le díolachán earraí athláimhe, ba cheart go mbeadh na páirtithe in ann imeacht ó na ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta dá dtagraítear sa Treoir seo.
Níor cheart go mbeifí in ann imeacht ó na ceanglais sa chaoi sin ach amháin más rud é go raibh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach faoi agus más rud é go nglacann an tomhaltóir leis sin ar leithligh ó ráitis nó comhaontuithe eile agus ar bhonn iompar gníomhach agus neamh-dhéchiallach.
- = -
(37) Chun go gcuirfear feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil do thomhaltóirí agus do dhíoltóirí araon, is gá léiriú soiléir a bheith ann maidir leis an tráth ar cheart comhréireacht na n-earraí a mheas.
Ba cheart gurbh é an tráth ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na n-earraí an tráth a seachadtar na hearraí.
Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin freisin maidir le hearraí a ionchorpraíonn ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arna soláthar trí oibríocht aonair soláthair, nó atá idirnasctha leo.
I gcás ina bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo le soláthar go leanúnach thar thréimhse ama, áfach, níor cheart gur pointe ama ábhartha a bheadh i gceist leis an tráth chun críche comhréireacht eilimint sin an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a shuí ach tréimhse ama, ag tosú tráth an tseachadta.
Ar chúiseanna na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart gurbh ionann an tréimhse ama sin agus an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta.
- = -
(40) Nuair is gá don díoltóir na hearraí a shuiteáil, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an tomhaltóir in ann na hearraí a úsáid ná fabht a thabhairt faoi deara sula mbeidh an tsuiteáil críochnaithe.
Dá réir sin, i gcás ina bhfuil na hearraí le suiteáil ag an díoltóir nó faoi fhreagracht an díoltóra faoin gconradh díolacháin, ba cheart a mheas na hearraí a bheith arna seachadadh don tomhaltóir nuair a bheidh an tsuiteáil críochnaithe.
- = -
(41) D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil do dhíoltóirí agus an mhuinín fhoriomlán atá ag tomhaltóirí as ceannacháin trasteorann a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le tréimhse a mbíonn an tomhaltóir i dteideal leigheasanna lena linn as aon easpa comhréireachta atá ann ag an tráth atá ábhartha chun comhréireacht a shuí. Ós rud é go ndearna formhór na mBallstát foráil do thréimhse 2 bhliain le linn Treoir 1999/44/CE a bheith á cur chun feidhme agus go measann rannpháirtithe margaidh gur tréimhse réasúnach í sin i gcleachtas, ba cheart an tréimhse sin a choinneáil.
Ba cheart feidhm a bheith ag an tréimhse chéanna i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos faide ná 2 bhliain, áfach, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal leigheasanna as aon easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama ar lena linn a bheidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh.
Chun solúbthacht a áirithiú do na Ballstáit chun an leibhéal cosanta do thomhaltóirí a mhéadú ina ndlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh saoirse ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí ama níos faide do dhliteanas an díoltóra ná na tréimhsí a leagtar síos sa Treoir seo.
- = -
(42) Ar mhaithe le comhleanúnachas le córais dlí náisiúnta atá ann cheana, ba cheart an saoirse a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dliteanas a bheith ar an díoltóir as easpa comhréireachta ar léir é laistigh de thréimhse shonrach ama, a d’fhéadfadh a bheith ceangailte le tréimhse theorann, nó maidir le leigheasanna an tomhaltóra a bheith faoi réir tréimhse teorann.
Sa chéad chás díobh sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtéitear timpeall ar an tréimhse le haghaidh dhliteanas an díoltóra leis an tréimhse theorann le haghaidh leigheasanna an tomhaltóra.
Cé nár cheart, dá bhrí sin, pointe tosaigh na dtréimhsí teorann náisiúnta a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, ba cheart a áirithiú léi nach gcuirfear srian leis na tréimhsí sin le ceart na dtomhaltóirí a leigheasanna a fheidhmiú d’aon easpa comhréireachta a thiocfaidh chun solais i rith na tréimhse ar lena linn a bheidh an díoltóir faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta.
Sa dara cás díobh sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann tréimhse teorann a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcomhair leigheasanna an tomhaltóra gan tréimhse shonrach a thabhairt isteach ina mbeadh gá ann gur léir an easpa comhréireachta chun go mbeadh dliteanas ar an díoltóir.
Chun a áirithiú go bhfuil cosaint chomhchosúil ag na tomhaltóirí sna cásanna mar sin, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit nuair nach mbíonn feidhm ach ag tréimhse theorann go mbeadh tomhaltóirí fós in ann na leigheasanna a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta ar léir í ar a laghad le linn na tréimhse ama dá bhforáiltear sa Treoir seo mar thréimhse dhliteanais.
- = -
(43) Maidir le gnéithe áirithe, d’fhéadfadh údar cuí a bheith le caitheamh le hearraí athláimhe ar bhealach difriúil.
Cé go dtugann tréimhse dhliteanais nó teorann 2 bhliain nó níos faide leasanna an díoltóra agus an tomhaltóra le chéile de ghnáth, d’fhéadfadh sé go mbeadh cás eile i gceist maidir le hearraí athláimhe.
Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit na páirtithe a chumasú chun teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse dhliteanais nó teorann ghiorraithe d’earraí den sórt sin.
Tríd an gceist sin a fhágáil faoi chomhaontú conarthach idir na páirtithe, méadaítear an tsaoirse chonartha agus áirithítear gur cheart an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi chineál an earra mar earra athláimhe agus faoin tréimhse dhliteanais nó teorann ghiorraithe.
Níor cheart, áfach, tréimhse chomhaontaithe de réir conradh den sórt sin a bheith níos giorra ná 1 bliain amháin.
- = -
(44) Níor cheart don Treoir rialú a dhéanamh ar cheist na gcoinníollacha faoinar féidir an tréimhse dhliteanais, mar a fhoráiltear sa Treoir seo, nó tréimhse theorann a chur ar fionraí nó faoinar féidir cur isteach orthu.
Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir leis an tréimhse dhliteanais nó an tréimhse theorann a chur ar fionraí nó maidir le cur isteach orthu, mar shampla i gcás deisiú, athsholáthair nó caibidlíochtaí idir an díoltóir agus an tomhaltóir d’fhonn réiteach cairdiúil a bhaint amach.
- = -
(45) Ar feadh tréimhse bliana, nó ar feadh tréimhse 2 bhliain, má roghnaíonn na Ballstáit tréimhse 2 bhliain a chur i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú ach amháin nach bhfuil an t-earra i gcomhréir, gan an gá a bheith ann freisin a chruthú gurbh ann don easpa comhréireachta an tráth ábhartha chun comhréireacht a shuí.
Chun éileamh an tomhaltóra a bhréagnú, bheadh ar an díoltóir a chruthú nárbh ann don easpa comhréireachta an tráth sin.
Thairis sin, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh an toimhde gurbh ann don easpa comhréireachta an tráth ábhartha chun comhréireacht a shuí a bheith neamh-chomhoiriúnach le cineál na n-earraí nó le cineál na heaspa comhréireachta.
D’fhéadfadh an chéad cheann díobh sin a bheith i gceist le hearraí a théann ó mhaith mar thoradh ar a gcineál, amhail táirgí somheata, mar shampla bláthanna, nó earraí nach bhfuil beartaithe ach i gcomhair úsáid amháin.
Sampla den dara ceann díobh a bheadh ann ná easpa comhréireachta nach dtiocfadh ann ach mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinne an tomhaltóir nó gníomhaíocht fhollasach sheachtrach a tharla tar éis sheachadadh na n-earraí chuig an tomhaltóir.
Maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina ndéantar foráil do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir le linn na tréimhse ama lena mbaineann chun comhréireacht a shuí.
Chun éileamh an tomhaltóra a bhréagnú, bheadh ar an díoltóir a chruthú go raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir le linn na tréimhse sin.
- = -
(48) Maidir le na hearraí a thabhairt i gcomhréir, ba cheart don tomhaltóir rogha idir deisiú nó athsholáthar a theachtadh.
Trína chur ar chumas na dtomhaltóirí deisiú a éileamh, ba cheart go spreagfaí an tomhaltas inbhuanaithe agus d’fhéadfaí rannchuidiú le marthanacht a bheadh níos mó i gcás táirgí.
Níor cheart rogha an tomhaltóra idir deisiú agus athsholáthar a theorannú ach amháin i gcás ina mbeadh an rogha a dhéanfaí dodhéanta go dlíthiúil nó go fíorasach nó, go bhforchuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, i gcomparáid leis an rogha eile a bheadh ar fáil.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith díréireach a iarraidh go ndéanfaí earraí a athsholáthar mar gheall ar scríobadh beag i gcás ina gcruthódh an t-athsholáthar sin costais shuntasacha agus gurbh fhurasta an scríobadh a dheisiú.
- = -
(49) Ba cheart go mbeadh an díoltóir in ann diúltú na hearraí a thabhairt i gcomhréir más dodhéanta iad a dheisiú nó a athsholáthar nó dá bhforchuirfí costais dhíréireacha ar an díoltóir dá mbarr.
Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna más dodhéanta deisiú nó athsholáthar agus dá bhforchuirfí costais dhíréireacha ar an díoltóir de thoradh an leighis mhalartaigh.
Mar shampla, má tá earraí lonnaithe in áit atá difriúil ón áit inar seachadadh iad ar dtús, d’fhéadfadh costais an phoist agus an iompair a bheith díréireach don díoltóir.
- = -
(50) Nuair a thagann easpa comhréireachta chun cinn, ba cheart don tomhaltóir é sin a chur in iúl don díoltóir chun an deis a thabhairt don díoltóir an t-earra a thabhairt chun comhréireachta.
Ba cheart don díoltóir é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnach ama.
Dá réir sin, níor cheart, i bprionsabal, go mbeadh an tomhaltóir i dteideal laghdú a fháil ar an bpraghas nó an conradh a fhoirceannadh ach ba cheart don tomhaltóir tréimhse réasúnta a thabhairt don díoltóir chun an t-earra neamhchomhréireach a dheisiú nó a ionadú.
I gcás nach bhfuil an t-earra deisithe nó athsholáthraithe ag an díoltóir laistigh den tréimhse sin, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal laghdú ar an bpraghas a éileamh agus a bhrú tríd nó an conradh a fhoirceannadh gan a bheith ag feitheamh níos mó.
- = -
(51) I gcás nár tugadh le deisiú nó athsholáthar leigheas ceart don tomhaltóir ar an easpa comhréireachta, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal laghdú ar an bpraghas nó an conradh a fhoirceannadh.
Ba cheart gurb é sin an cás, go háirithe, nuair nach bhfuil deisiú nó athsholáthar curtha i gcrích ag an díoltóir nó is léir ó na himthosca nach dtabharfaidh an díoltóir an deisiú nó an t-athsholáthar i gcrích, nó gur dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta toisc go bhfuil deisiú agus athsholáthar dodheánta nó go gcuirfidís costais dhíréireacha ar an díoltóir.
- = -
(53) Chun cothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe conarthacha a choimeád, níor cheart go mbeadh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist.
- = -
(54) Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann rialáil a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir le duine eile feidhmíocht an fhéichiúnaí a chomhlíonadh, mar shampla na coinníollacha faoinar féidir leis an tomhaltóir nó le triú páirtí oibleagáid an díoltóra maidir le hearra a dheisiú a dhéanamh, ar chostas an díoltóra.
- = -
(55) Chun tomhaltóirí a chosaint in aghaidh riosca moilleanna fada, ba cheart go mbeadh aon deisiú nó athsholáthar tugtha chun críche go rathúil laistigh de thréimse ama réasúnta.
Ba cheart go mbeadh an rud a mheastar mar thréimhse réasúnach ama ag teacht leis an tréimhse ama is giorra agus is féidir chun an deisiú nó an t-athsholáthar a thabhairt chun críche.
Ba cheart an tréimhse ama sin a chinneadh go hoibiachtúil i bhfianaise chineál agus chastacht na n-earraí, chineál agus dhéine na heaspa comhréireachta, agus na hiarracht atá ag teastáil chun deisiú nó athsholáthar a thabhairt chun críche.
Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann coincheap na tréimhse réasúnaí ama le haghaidh deisiú nó athsholáthar a thabhairt chun críche a léirmhíniú, trí fhoráil a dhéanamh do thréimhsí áirithe ama, ar tréimhsí iad a d’fhéadfaí a mheas a bheith réasúnta le haghaidh deisiú nó athsholáthair, go háirithe maidir le catagóirí táirgí sonracha.
- = -
(56) Níor cheart don Treoir seo forálacha maidir le cásanna inar gá oibleagáidí an fhéichiúnaí a chomhlíonadh a leagan síos.
Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfaí leis an Treoir seo áit seachadta a shainmhíniú ná an áit inar cheart an deisiú nó an t-athsholáthar a dhéanamh a fhorordú, agus ba cheart go mbeadh ceisteanna den chineál sin fágtha faoin dlí náisiúnta.
- = -
(58) Ionas go mbeidh an ceart chun conradh a fhoirceannadh éifeachtach do thomhaltóirí, i gcásanna ina bhfaigheann an tomhaltóir go leor earraí agus nach bhfuil tionchar ag an easpa comhréireachta ach amháin ar chuid de na hearraí arna seachadadh faoin chonradh, ba cheart go mbeadh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh maidir leis na hearraí eile arna bhfáil le chéile leis na hearraí neamh-chomhréireacha, fiú má tá na hearraí sin i gcomhréir, mura féidir a bheith ag súil le réasún go nglacfadh an tomhaltóir le bheith in ann na hearraí comhréireacha amháin a choimeád.
- = -
(59) I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh mar gheall ar easpa comhréireachta, níor cheart go ndéanfaí leis an Treoir seo ach príomhéifeachtaí agus modúlachtaí an chirt chun foirceannadh a fhorordú, go háirithe an oibleagáid atá ar na páirtithe an méid a fuair siad a thabhairt ar ais.
Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar an trádálaí an praghas a fuair sé ón tomhaltóir a aisíoc agus ba cheart go dtabharfadh an tomhaltóir na hearraí ar ais.
- = -
(60) Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse go rialóidh na Ballstáit na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha seachas na cinn dá bhforáiltear sa Threoir seo, amhail iarmhairtí an laghdaithe ar luach na n-earraí, nó a scriosadh nó a gcaillteanas.
Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit modúlachtaí aisíocaíochta an phraghais a rialáil don tomhaltóir, mar shampla na modúlachtaí a bhaineann leis na modhanna a úsáidtear le haghaidh a leithéid d’aisíocaíocht nó na costais agus na táillí féideartha a thabhaítear mar thoradh ar an aisíocaíocht.
Ba cheart an tsaoirse a bheith ag Ballstáit freisin, mar shampla, foráil a dhéanamh do theorainneacha ama áirithe le haghaidh aisíocaíocht an phraghais nó thabhairt ar ais na n-earraí.
- = -
(61) Is gné riachtanach de chonarthaí díolacháin é an prionsabal a bhaineann le dliteanas an díoltóra i leith damáistí.
Dá bhrí sin, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh as díobháil mar thoradh ar shárú a rinne an díoltóir ar fhorálacha na Treorach seo, lena n-áirítear le haghaidh damáistí a bhain don tomhaltóir de thoradh easpa comhréireachta.
Leis an gcúiteamh sin, ba cheart go mbeadh imthosca an tomhaltóra mar an gcéanna, a oiread agus is féidir, amhail is dá mbeadh na hearraí i gcomhréireacht. Ós rud é go n-áirithítear an ceart sin i leith damáistí i ngach Ballstát cheana, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do rialacha náisiúnta maidir le cúiteamh tomhaltóirí as díobháil a rinneadh de thoradh sárú ar na rialacha sin.
Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit freisin teidlíocht an tomhaltóra chun cúitimh a rialáil i gcásanna inar cruthaíodh aon mhíchaoithiúlacht leis an deisiú nó leis an athsholáthar nó má bhí moill air.
- = -
(62) Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart go soláthrófaí ceanglais trédhearcachta áirithe maidir le ráthaíochtaí tráchtála, i dteannta ceanglas faisnéise réamhchonarthaí maidir le coinníollacha na ráthaíochtaí tráchtála a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE.
Ina theannta sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Treoir seo go mbeadh forlámhas ag na coinníollacha is buntáistí i gcás gur fabhraí don tomhaltóir na coinníollacha ráthaíochta tráchtála atá i bhfógraí gaolmhara ná an chuid a áirítear sa ráiteas ráthaíochta.
Ar deireadh, ba cheart leis an Treoir seo rialacha a chur ar fáil maidir le hábhar ráiteas na ráthaíochta agus leis an gcaoi ar cheart é a chur ar fáil do thomhaltóirí.
Mar shampla, ba cheart go n-áireodh an ráiteas ráthaíochta na ráthaíochta tráchtála agus go luafadh sé nach bhfuil tionchar ag an ráthaíocht tráchtála ar an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht, lena soiléirítear go bhfuil téarmaí na ráthaíochta tráchtála sa bhreis ar an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht.
Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le gnéithe a bhaineann le ráthaíochtaí tráchtála nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, mar shampla an fhéidearthacht féichiúnaithe, seachas an ráthóir, a cheangal leis an ráthaíocht tráchtála, ar choinníoll nach mbainfeadh na rialacha sin de thomhaltóirí an chosaint a dtugtar dóibh leis na forálacha lán-chomhchuibhithe maidir le ráthaíochtaí tráchtála sa Treoir seo.
Cé gur cheart go mbeadh sé fós de shaoirse ag na Ballstáit a chinneadh gur gá ráthaíochtaí tráchtála a bheith curtha ar fáil saor in aisce, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanann aon ghealltanas a thugann an díoltóir, a thagann faoi shainmhíniú na ráthaíochtaí tráchtála a leagtar síos sa Treoir seo, rialacha comhchuibhithe na Treorach seo a chomhlíonadh.
- = -
(66) Ba cheart Treoir 1999/44/CE a aisghairm.
Ba cheart dáta na haisghairme a ailíniú le dáta trasuite na Treorach seo.
D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm, go haonfhoirmeach, na rialacha, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a bheith ann le go mbeidh na Ballstáit in ann an Treoir seo a chomhlíonadh i leith conarthaí a thabharfar i gcrích tar éis dháta an trasuite ar aghaidh, níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a tugadh i gcrích roimh dháta a trasuite.
- = -