(10) Leis an Treoir seo, níor cheart go gcumhdófaí na rialacha is infheidhme maidir le díolacháin earraí, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ach amháin a mhéid a bhaineann siad leis na príomhghnéithe conarthacha a bhfuil gá leo chun na bacainní sa mhargadh inmheánach a bhaineann le dlí na gconarthaí a shárú.
Chun na críche sin, ba cheart comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na ceanglais maidir le comhréireacht, na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí i gcás easpa comhréireachta idir na hearraí agus an conradh, agus ar na príomh-mhodúlachtaí a bhaineann le feidhmiú na leigheasanna sin agus ba cheart an leibhéal cosanta do tomhaltóirí a mhéadú le hais an leibhéil dá bhforáiltear i dTreoir 1999/44/CE.
Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, bheadh sé níos éasca do ghnólachtaí, go háirithe FMBanna, a gcuid táirgí a thairiscint ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile.
Bainfidh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán.
- = -
(15) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí i ndáil le hearraí a dhíol, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina gcuirfí cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú in éagmais an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus i gcás ina soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin le hearraí faoin gconradh díolacháin i ndail leis na hearraí seo.
Cibé acu an cuid den chonradh díolacháin leis an díoltóir soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha nó nach ea, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar ábhar an chonartha sin.
Ba cheart a bheith san áireamh leis sin, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe nó idirnasctha a soláthar mar a cheanglaítear go sainráite leis an gconradh.
Ba cheart a bheith san áireamh ann freisin conarthaí díolacháin ar féidir a thuiscint ina leith go gcumhdaítear leo soláthar ábhair dhigitigh shonraigh nó seirbhíse digití sonraí, toisc gur gnáthearraí den chineál céanna iad agus go bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach leis an méid sin i bhfianaise chineál na n-earraí, agus aon ráitis phoiblí arna ndéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile nó thar a gceann i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear ag an táirgeoir, á gcur san áireamh.
Más rud é, mar shampla, go ndéanfaí teilifís chliste a fhógairt, agus á rá go n-áirítear léi fís-fheidhmchlár ar leith, bheadh an fhís-fheidhmchlár mar chuid den chonradh díolacháin.
Ba cheart feidhm a bheith aige sin is cuma cé acu atá an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach réamhshuiteáilte san earra féin nó is gá é nó í a íoslódáil ina dhiaidh sin ar fheiste eile agus gan é ach a bheith idirnasctha leis an earra.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh feidhmchlár caighdeánach réamhshuiteáilte ar fhón cliste faoin gconradh díolacháin, amhail feidhmchlár aláraim nó feidhmchlár ceamara.
D’fhéadfadh uaireadóir cliste a bheith ina shampla eile de sin.
I gcás den chineál sin, bheadh an t-uaireadóir féin ina earra ag a bhfuil eilimintí digiteacha, earra nach féidir a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ach le feidhmchlár a sholáthraítear faoin gconradh díolacháin ach ar gá don tomhaltóir í a íoslódáil ar fhón cliste; ansin b’ionann an feidhmchlár agus eilimint dhigiteach idirnasctha.
Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin chomh maith más rud é gurb é an tríú páirtí seachas an díoltóir féin a sholáthróidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ionchorpraithe de réir an chonartha díolacháin.
Chun éiginnteacht a sheachaint do dhíoltóirí agus do thomhaltóirí araon, i gcás amhras a bheith ann i dtaobh an bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ina chuid den chonradh díolacháin, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo.
Thairis sin, níor cheart go ndéanfaí difear do chaidreamh conarthach déthaobhach a fhionnadh idir an díoltóir agus an tomhaltóir, a bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha ina chuid de, díreach mar go gcaithfidh an tomhaltóir toiliú le comhaontú ceadúnúcháin le tríú páirtí chun leas a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
- = -
(16) Os a choinne sin, más rud é, d’ainneoin uireasa an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha, nach gcuirfí cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, nó dá gcuirfeadh an tomhaltóir conradh i gcrích i ndáil le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nach bhfuil ina chuid de chonradh a bhaineann le díolachán earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart an conradh sin a mheas ar leithligh ón gconradh i ndáil le díolachán earraí, fiú dá mbeadh an díoltóir ag gníomhú mar idirghabhálaí den dara conradh sin leis an soláthraí tríú páirtí, agus d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
Mar shampla, má íoslódálann an tomhaltóir feidhmchlár cluiche ón aipmhargadh ar fhón cliste, beidh an conradh i ndáil leis an bhfeidhmchlár cluiche a sholáthar ar leithligh ón gconradh i ndáil leis an bhfón cliste féin a dhíol.
Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir leis an gconradh díolacháin i dtaobh an fhóin chliste, ach ba cheart soláthar an fheidhmchláir cluiche teacht faoi raon Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
Sampla eile d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach nach bhfuil ina chuid den chonradh díolacháin agus nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, dá bhrí sin, a bheadh i gcás ina gcomhaontaítear go sainráite go gceannóidh an tomhaltóir fón cliste gan córas oibriúcháin sonrach agus go dtabharfaidh an tomhaltóir conradh i gcrích le haghaidh córas oibriúcháin a sholáthar ó thríú páirtí ina dhaidh sin.
I gcás den chineál sin, ní bheadh soláthair an chórais oibriúcháin a ceannaíodh ar leithligh mar chuid den chonradh díolacháin agus dá bhrí sin, ní thiocfadh sé faoi raon feidhme na Treorach seo ach d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme na Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
- = -
(20) Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor chun rialú a dhéanamh ar oibleagáidí faisnéise an díoltóra i dtaca le tabhairt i gcrích an chonartha nó dualgas an díoltóra rabhadh a thabhairt don tomhaltóir, mar shampla, faoi ghnéithe áirithe atá ag an earra, oiriúnacht na n-ábhar arna soláthar ag an tomhaltóir nó míbhuntáistí féideartha a bheadh mar thoradh ar iarrataí sonracha an tomhaltóra, amhail iarraidh ón tomhaltóir go n-úsáidfí éadach ar leith agus táilliúireacht á déanamh ar bhálghúna.
- = -
(31) I bprionsabal, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha má sholáthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, trí ghníomh aonair soláthair, níor cheart dliteanas a bheith ar an díoltóir ach amháin as easpa comhréireachta atá ann tráth an tseachadta.
Ba cheart, áfach, go leanfadh an oibleagáid i dtaca le nuashonruithe a sholáthar an treocht go mbíonn timpeallacht dhigiteach aon earra den sórt sin ag athrú de shíor.
Dá bhrí sin, is uirlis riachtanach iad nuashonruithe chun a áirithiú go mbeidh na hearraí in ann feidhmiú ar an mbealach céanna lenar fheidhmigh siad tráth an tseachadta.
Anuas air sin, i gcodarsnacht le hearraí traidisiúnta, níl earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha go hiomlán ar leithligh ó réimse an díoltóra, mar tá an díoltóir, nó tríú duine a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach faoin gconradh díolacháin, in ann nuashonrú a dhéanamh ar na hearraí go cianda, go hiondúil ar an idirlíon.
Dá bhrí sin, má sholáthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach trí oibríocht aonair soláthair, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir nuashonruithe a sholáthar, ar na nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le linn tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi, fiú má bhí na hearraí i gcomhréir tráth an tseachadta.
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi bunaithe ar shaghas agus ar chríoch na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha agus cúinsí agus cineál an chonartha dhíolacháin á gcur san áireamh.
bheadh tomhaltóir ag súil de ghnáth le nuashonruithe a fháil ar feadh tréimhse chomh fada ar a laghad leis an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an tréimhse a mbeadh an tomhaltóir ag súil go réasúnach léi a leathnú thar an tréimhse sin, de réir mar a bheadh i gceist, go háirithe i dtaca le nuashonruithe slándála.
I gcásanna eile, mar shampla, maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil teorainn ama ag gabháil lena gcríoch, ba ghnách gur cheart oibleagáid an díoltóra nuashonruithe a sholáthar go dtí an t-am sin.
- = -
(37) Chun go gcuirfear feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil do thomhaltóirí agus do dhíoltóirí araon, is gá léiriú soiléir a bheith ann maidir leis an tráth ar cheart comhréireacht na n-earraí a mheas.
Ba cheart gurbh é an tráth ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na n-earraí an tráth a seachadtar na hearraí.
Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin freisin maidir le hearraí a ionchorpraíonn ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arna soláthar trí oibríocht aonair soláthair, nó atá idirnasctha leo.
I gcás ina bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo le soláthar go leanúnach thar thréimhse ama, áfach, níor cheart gur pointe ama ábhartha a bheadh i gceist leis an tráth chun críche comhréireacht eilimint sin an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a shuí ach tréimhse ama, ag tosú tráth an tseachadta.
Ar chúiseanna na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart gurbh ionann an tréimhse ama sin agus an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta.
- = -
(45) Ar feadh tréimhse bliana, nó ar feadh tréimhse 2 bhliain, má roghnaíonn na Ballstáit tréimhse 2 bhliain a chur i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú ach amháin nach bhfuil an t-earra i gcomhréir, gan an gá a bheith ann freisin a chruthú gurbh ann don easpa comhréireachta an tráth ábhartha chun comhréireacht a shuí.
Chun éileamh an tomhaltóra a bhréagnú, bheadh ar an díoltóir a chruthú nárbh ann don easpa comhréireachta an tráth sin.
Thairis sin, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh an toimhde gurbh ann don easpa comhréireachta an tráth ábhartha chun comhréireacht a shuí a bheith neamh-chomhoiriúnach le cineál na n-earraí nó le cineál na heaspa comhréireachta.
D’fhéadfadh an chéad cheann díobh sin a bheith i gceist le hearraí a théann ó mhaith mar thoradh ar a gcineál, amhail táirgí somheata, mar shampla bláthanna, nó earraí nach bhfuil beartaithe ach i gcomhair úsáid amháin.
Sampla den dara ceann díobh a bheadh ann ná easpa comhréireachta nach dtiocfadh ann ach mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinne an tomhaltóir nó gníomhaíocht fhollasach sheachtrach a tharla tar éis sheachadadh na n-earraí chuig an tomhaltóir.
Maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina ndéantar foráil do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir le linn na tréimhse ama lena mbaineann chun comhréireacht a shuí.
Chun éileamh an tomhaltóra a bhréagnú, bheadh ar an díoltóir a chruthú go raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir le linn na tréimhse sin.
- = -
(48) Maidir le na hearraí a thabhairt i gcomhréir, ba cheart don tomhaltóir rogha idir deisiú nó athsholáthar a theachtadh.
Trína chur ar chumas na dtomhaltóirí deisiú a éileamh, ba cheart go spreagfaí an tomhaltas inbhuanaithe agus d’fhéadfaí rannchuidiú le marthanacht a bheadh níos mó i gcás táirgí.
Níor cheart rogha an tomhaltóra idir deisiú agus athsholáthar a theorannú ach amháin i gcás ina mbeadh an rogha a dhéanfaí dodhéanta go dlíthiúil nó go fíorasach nó, go bhforchuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, i gcomparáid leis an rogha eile a bheadh ar fáil.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith díréireach a iarraidh go ndéanfaí earraí a athsholáthar mar gheall ar scríobadh beag i gcás ina gcruthódh an t-athsholáthar sin costais shuntasacha agus gurbh fhurasta an scríobadh a dheisiú.
- = -
(63) De bhrí go bhfuil an díoltóir faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra maidir le haon easpa comhréireachta sna hearraí de dheasca ghníomh nó neamhghníomh an díoltóra nó ag tríú páirtí, tá údar maith ann go bhféadfadh an díoltóir leigheasanna a lorg i leith an duine fhreagraigh a bhí páirteach i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart.
Ba cheart leigheasanna den sórt sin ar easpa comhréireachta atá mar thoradh ar neamhghníomh nuashonraithe a bheith san áireamh leis sin, lena n-áirítear nuashonrúchán slándála, a bheadh riachtanach chun na hearraí le gnéithe digiteacha a choimeád i gcomhréireacht.
Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do phrionsabal na saoirse conarthaí idir an díoltóir agus páirtithe eile i slabhra na n-idirbheart, áfach.
Ba cheart do na Ballstáit na sonraí a sholáthar maidir le feidhmiú an chirt sin, go háirithe maidir leis an duine a ndéanfar na leigheasanna sin a lorg ina leith agus an chaoi a ndéanfar iad a lorg agus cibé acu atá nó nach bhfuil na leigheasanna sin éigeantach ó thaobh cineáil de.
Ní rialaítear leis an Treoir seo an cheist an bhféadfadh an tomhaltóir éileamh a dhéanamh i gcoinne duine ag naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, seachas amháin sna cásanna ina dtáirgeann an táirgeoir ráthaíocht tráchtála le haghaidh na n-earraí don tomhaltóir.
- = -