search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA cercato: 'ballstáit' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin idir an tomhaltóir agus an díoltóir.

2.   Measfar freisin gur conarthaí díolacháin iad conarthaí idir an tomhaltóir agus an díoltóir chun earraí atá le monarú nó le táirgeadh chun críche na Treorach seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar. Beidh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar in earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (5)(b) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh; nó

(b)

nithe a dhíolfar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.

5.   Féadfaidh na ballstáit conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo:

(a)

díolachán earraí athláimhe a díoladh ag ceant poiblí; agus

(b)

ainmhithe beo.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a), beidh faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil go héasca do thomhaltóirí nach mbeidh feidhm ag na cearta a eascraíonn ón Treoir seo ina leith.

6.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát go rialóidh gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

7.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát ligean don tomhaltóir leigheas sonrach a roghnú más léir laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a sheachadadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar 30 lá, go bhfuil easpa comhréireachta ann maidir leis na hearraí. Ina theanta sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích.

Airteagal 4

Leibhéal an chomhchuibhithe

Ní choimeádfaidh na ballstáit forálacha ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos sa Treoir seo, lena n-áirítear forálacha a bheadh níos déine nó nach mbeadh chomh dian céanna chun leibhéal éagsúil cosanta tomhaltóra a áirithiú, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo.

Airteagal 9

Cearta tríú páirtí

Más rud é, mar gheall ar shrian a bheidh ann mar thoradh ar shárú ar aon cheart de chuid tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, go gcuirfear cosc nó teorainn ar úsáid na n-earraí i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7, déanfaidh na ballstáit a áirithiú go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna le haghaidh easpa comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 13, ach amháin má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta do neamhniú nó cealú an chonartha díolacháin i gcásanna den sórt sin.

Airteagal 10

Dliteanas an díoltóra

1.   Beidh an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir le haghaidh aon easpa comhréireachta a bheith ann tráth ar seachadadh na hearraí agus ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth sin. Gan dochar d’Airteagal 7(3), beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos mó ná 2 bhliain, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh díolacháin lena linn.

3.   Féadfaidh na ballstáit na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a choinneáil nó tréimhsí ama níos faide a thabhairt isteach.

4.   Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidh sí soiléir laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear sna míreanna sin.

5.   D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh na ballstáit tréimhse teorann a choinneáil nó a thabhairt isteach ach amháin le haghaidh na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 13. Áiritheoidh na ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreana 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidh sí soiléir le linn an tréimhse ama a luaitear sna míreanna sin.

6.   Is féidir leis na ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás earraí athláimhe, gur féidir leis an díoltóir agus an tomhaltóir teacht ar théarmaí conarthacha nó ar chomhaontuithe le tréimhse dhliteanais nó tréimhse theorann níos giorra ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus mír 5, ar choinníoll nach mbeidh na tréimhsí sin níos gaire ná aon bhliain amháin.

Airteagal 11

Dualgas cruthúnais

1.   Aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí, toimhdeofar go raibh sí ann an tráth ar seachadadh na hearraí, mura dtagann an toimhde sin salach ar chineál na n-earraí nó ar an gcineál easpa comhréireachta. Beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   Seachas an tréimhse 1 bhliana a leagtar síos i mír 1, féadfaidh na ballstáit tréimhse 2 bhliain a choinneáil nó a thabhairt isteach ón tráth ar seachadadh na hearraí.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé acu a bhí nó nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar easpa comhréireachta í a thagann chun solais laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear san Airteagal sin.

Airteagal 12

Oibleagáid fógra a thabhairt

Féadfaidh na ballstáit forálacha a thabhairt isteach lena sonraítear nach mór don tomhaltóir, chun leas a bhaint as cearta an tomhaltóra, an díoltóir a chur ar an eolas faoin easpa comhréireachta faoi cheann tréimhse 2 mhí ar a laghad ón dáta ar thug an tomhaltóir an easpa comhréireacha sin faoi deara.

Airteagal 13

Leigheasanna ar easpa comhréireachta

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith curtha chun comhréireachta, nó laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear:

(a)

an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann;

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta; agus

(c)

an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthair gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

3.   Féadfaidh an díoltóir diúltú na hearraí a thabhairt chun comhréireachta dá mbeadh deisiú agus athsholáthar dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an díoltóir, agus na himthosca uile á gcur san áireamh lena n-áirítear iad a luaitear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 15 nó i dteideal an conradh díolacháin a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 16 sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní dhearna an díoltóir an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích nó, i gcás inarb infheidhme, an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3), nó dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

(b)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta;

(c)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghas nó leis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh; nó

(d)

tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nó gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

5.   Ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh mura bhfuil ach mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé an mioneaspa comhréireachta atá i gceist.

6.   Beidh sé de cheart ag an tomhaltóir íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an díoltóir oibleagáidí an díoltóra a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Féadfaidh na ballstáit na coinníollacha agus na modúlachtaí a chinneadh inar féidir leis an tomhaltóir an cheart chun an íocaíocht a choinneáil siar a fheidhmiú.

7.   Féadfaidh na ballstáit a rialú cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag rannchuidiú an tomhaltóra leis an easpa comhréireachta ar cheart an tomhaltóra chun leigheasanna agus méid an tionchair sin.

Airteagal 16

Foirceannadh an chonartha díolacháin

1.   Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh díolacháin a fhoirceannadh trí bhíthin ráiteas chuig an díoltóir ina gcuirfear an cinneadh in iúl an conradh díolacháin a fhoirceannadh.

2.   I gcás nach mbaineann an easpa comhréireachta ach le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh agus go bhfuil foras le foirceannadh an chonartha de bhun Airteagal 13, ní fhéadfaidh an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ach i ndáil leis na hearraí sin, agus maidir le haon earraí eile a fuair an tomhaltóir in éineacht leis na hearraí neamh-chomhréireacha i gcás nach féidir a bheith ag súil leis go nglacfaidh an tomhaltóir leis na hearraí comhréireacha amháin a choinneáil.

3.   I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ina iomláine nó, i gcomhréir le mír 2, i ndáil le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh:

(a)

tabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais don díoltóir, ar chostas an díoltóra; agus

(b)

déanfaidh an díoltóir, ar fháil na n-earraí nó na fianaise arna soláthar ag an tomhaltóir gur seoladh na hearraí ar ais, an praghas a íocadh as na hearraí a aisíoc leis an tomhaltóir.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh na ballstáit na modúlachtaí maidir le tabhairt ar ais agus aisíocaíocht na n-earraí a chinneadh.

Airteagal 17

Ráthaíochtaí tráchtála

1.   Beidh aon ráthaíocht tráchtála ina ceangal ar an ráthóir faoi na coinníollacha a leagtar síos sa ráiteas um ráthaíocht trachtála agus fógraíocht ghaolmhar tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin. Faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus gan dochar d’aon fhorálacha is infheidhme de chuid dhlí an Aontais nó de dhlí náisiúnta, i gcás ina dtáirgeann táirgeoir ráthaíocht tráchtála um marthanacht don tomhaltóir le haghaidh earraí áirithe ar feadh tréimhse áirithe ama, beidh an táirgeoir faoi dhliteanais go díreach ag an tomhaltóir, le linn na tréimhse ar fad den ráthaíocht tráchtála um marthanacht maidir le hearraí a dheisiú agus a athsholáthar i gcomhréir le hAirteagal 14. Féadfaidh an táirgeoir coinníollacha níos fabhraí a thairiscint don tomhaltóir sa ráiteas ráthaíochta tráchtála um marthanacht.

Má tá buntáiste níos lú le baint ag an tomhaltóir as an ráiteas ráthaíochta tráchtála, ná mar atá le baint as na coinníollacha a leagtar síos san fhógraíocht ghaolmhar, beidh an ráthaíocht tráchtála ina ceangal faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhógraíocht a bhaineann leis an ráthaíocht tráchtála, mura ndearnadh an ráiteas a cheartú ar an tslí chéanna nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é, sular dtabharfar an conradh chun críche.

2.   Cuirfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála ar fáil don tomhaltóir ar mheán marthanach ar a dhéanaí tráth a seachadtar na hearraí. Sloinnfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála i dteanga shoiléir shothuigthe. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis:

(a)

ráiteas soiléir go mbeidh an tomhaltóir i dteideal de réir an dlí na leigheasanna ón díoltóir i gcás easpa comhréireachta maidir leis na hearraí agus nach mbeidh tionchar ag na leigheasanna sin ar an ráthaíocht tráchtála;

(b)

ainm agus seoladh an ráthóra;

(c)

an nós imeacht atá le leanúint ag an tomhaltóir chun cur chun feidhme na ráthaíochta tráchtála a fháil;

(d)

ainmniú na n-earraí a bhfuil feidhm ag an ráthaíocht tráchtála ina leith; agus

(e)

téarmaí na ráthaíochta tráchtála.

3.   Ní dhéanfaidh neamh-chomhlíonadh mhír 2 difear do chineál ceangailteach na ráthaíochta tráchtála don ráthóir.

4.   Féadfaidh ballstáit rialacha a leagan síos maidir le gnéithe eile a bhaineann le ráthaíochtaí trachtála nach rialaítear leis an Airteagal seo lena n-áirítear rialacha maidir leis an teanga nó na teangacha ina gcuirfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála ar fáil don tomhaltóir.

Airteagal 19

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú.

2.   Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na n-údarás inniúil riaracháin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:

(a)

comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe;

(b)

eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i dtomhaltóirí a chosaint;

(c)

eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt.

Airteagal 20

Faisnéis do thomhaltóirí

Déanfaidh na ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi chearta tomhaltóirí faoin Treoir seo, agus na cearta sin faoi na modhanna chun iad a fhorfheidhmiú, ar fáil do thomhaltóirí.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm maidir ón 1 Eanáir 2022.

Nuair a ghlacfaidh na ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

Déanfaidh na ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Ní bheidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le conarthaí arna gcur i gcrích roimh 1 Eanáir 2022.

Airteagal 27

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 264, 20.7.2016, lch. 57.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.

(3)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(4)  Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(6)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar, (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(9)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, Lch. 30).

(10)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 1999/44/EC

An Treoir seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 1(2)(b), an chéad fhleasc

Airteagal 3(4)(b)

Airteagal 1(2)(b), an dara fleasc agus an tríú fleasc

Airteagal 2, pointe (5)(a)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 1(2)(e)

Airteagal 2, pointe (12)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2, pointe (15) agus Airteagal 3(5)(a)

Airteagal 1(4)

Airteagal 3(2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 5

Airteagal 2(2)(a)

Airteagal 6, pointe (a) agus Airteagal 7(1) (b)

Airteagal 2(2)(b)

Airteagal 6, pointe (b)

Airteagal 2(2)(c)

Airteagal 7(1)(a)

Airteagal 2(2)(d)

Airteagal 7(1)(d)

Airteagal 2(3)

Airteagal 7(5)

Airteagal 2(4)

Airteagal 7(2)

Airteagal 2(5)

Airteagal 8

Airteagal 3(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 3(3), an chéad fhomhír

Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(1)(a)

Airteagal 3(3), an dara fomhír

Airteagal 13(2)

Airteagal 3(3), an triú fomhír

Airteagal 14(1)(b) agus (c)

Airteagal 3(4)

Airteagal 2, pointe (14)

Airteagal 3(5)

Airteagal 13(4)

Airteagal 3(6)

Airteagal 13(5)

Airteagal 4

Airteagal 18

Airteagal 5(1)

Airteagal 10(1), (2), (3), (4) agus (5)

Airteagal 5(2)

Airteagal 12

Airteagal 5(3)

Airteagal 11

Airteagal 6(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 17(2)

Airteagal 6(4)

Airteagal 17(4)

Airteagal 6(5)

Airteagal 17(3)

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír

Airteagal 21(1)

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 10(6)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(1)

Airteagal 3(6) agus (7)

Airteagal 8(2)

Airteagal 4

Airteagal 9

Airteagail 19 agus 20

Airteagal 10

Airteagal 22

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 24(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 24(1), an triú fomhír

Airteagal 11(2)

Airteagal 24(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 12

Airteagal 25

Airteagal 13

Airteagal 26

Airteagal 14

Airteagal 27


whereas









keyboard_arrow_down