search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA Art. 9 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 136

 

Airteagal 9

Fógra a thabhairt

1.   Tabharfaidh an Ballstát a thugann an fógra fógra don Choimisiún i leith na faisnéise seo a leanas gan mhoill mhíchuí, chomh maith le haon athruithe iardain a dhéanfar uirthi:

(a)

tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear a leibhéil dearbhaithe agus eisitheoir nó eisitheoirí an mhodha ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(b)

an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an méid a leanas:

(i)

an páirtí a eisíonn na meáin ríomh-shainaitheantais, agus

(ii)

an páirtí a fheidhmíonn an nós imeachta fíordheimhnithe;

(c)

an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith;

(d)

faisnéis maidir leis an eintiteas nó leis na heintitis a bhainistíonn clárú sonraí uathúla aitheantais duine;

(e)

tuairisc faoin mbealach a gcomhlíontar ceanglais a leagtar amach sa ghníomh chur chun feidhmedtagraítear in Airteagal 12(8);

(f)

tuairisc faoin bhfíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7;

(g)

socruithe i leith cúlghairm nó fhionraí na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, na fíordheimhnithe nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i mbaol.

2.   Bliain amháin ón dáta a gcuirfear i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhmedtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 12(8), foilseoidh an Coimisiún liosta de na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an mbunfhaisnéis ina dtaobh.

3.   Má fhaigheann an Coimisiún fógra tar éis dhul in éag na tréimhsedtagraítear i mír 2, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na leasuithe ar an liostadtagraítear i mír 2 laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear an fógra sin.

4.   Féadfaidh Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an scéim ríomh-shainaitheantais ar thug an Ballstát sin fógra ina leith a bhaint den liostadtagraítear i mír 2. Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh sé an iarraidh sin ón mBallstát.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta an fhógra faoi mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).


whereas









keyboard_arrow_down