search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'aontais' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index aontais:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas aontais:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 551

 

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar thug Ballstát fógra ina leith, agus maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthar seirbhísí iontaoibhe a úsáidtear go heisiach i gcórais dhúnta atá mar thoradh ar dhlí náisiúnta nó ar chomhaontuithe idir fhoireann shainithe rannpháirtithe.

3.   Ní dhéanann an Rialachán seo difear don dlí náisiúnta ná do dhlí an aontais a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích ná le bailíocht na gconarthaí sin, ná le hoibleagáidí dlíthiúla eile ná le hoibleagáidí nós imeachta a bhaineann le foirm.

Airteagal 9

Fógra a thabhairt

1.   Tabharfaidh an Ballstát a thugann an fógra fógra don Choimisiún i leith na faisnéise seo a leanas gan mhoill mhíchuí, chomh maith le haon athruithe iardain a dhéanfar uirthi:

(a)

tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear a leibhéil dearbhaithe agus eisitheoir nó eisitheoirí an mhodha ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(b)

an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an méid a leanas:

(i)

an páirtí a eisíonn na meáin ríomh-shainaitheantais, agus

(ii)

an páirtí a fheidhmíonn an nós imeachta fíordheimhnithe;

(c)

an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith;

(d)

faisnéis maidir leis an eintiteas nó leis na heintitis a bhainistíonn clárú sonraí uathúla aitheantais duine;

(e)

tuairisc faoin mbealach a gcomhlíontar ceanglais a leagtar amach sa ghníomh chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8);

(f)

tuairisc faoin bhfíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7;

(g)

socruithe i leith cúlghairm nó fhionraí na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, na fíordheimhnithe nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i mbaol.

2.   Bliain amháin ón dáta a gcuirfear i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 12(8), foilseoidh an Coimisiún liosta de na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh mar aon leis an mbunfhaisnéis ina dtaobh.

3.   Má fhaigheann an Coimisiún fógra tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 2, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh na leasuithe ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear an fógra sin.

4.   Féadfaidh Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an scéim ríomh-shainaitheantais ar thug an Ballstát sin fógra ina leith a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 2. Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh sé an iarraidh sin ón mBallstát.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta an fhógra faoi mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 10

Sárú slándála

1.   I gcás ina ndéantar an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) nó fíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7 a shárú nó go gcuirtear a slándáil i scothbhaol ar bhealach ina mbeidh éifeacht aige ar iontaofacht fíordheimhniú trasteorann na scéime sin, déanfaidh Ballstát na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, an fíordheimhniú trasteorann nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i scothbhaol a chur ar fionraí nó déanfar iad a chúlghairm gan mhoill agus cuirfidh siad na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi.

2.   Nuair a réiteofar an sárú nó an scothbhaol dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra an fíordheimhniú trasteorann a athbhunú agus cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill mhíchuí.

3.   I gcás nach ndéanfaí an sárú nó an scothbhaol dá dtagraítear i mír 1 a réiteach laistigh de thrí mhí ón dáta fionraithe nó cúlghairme, cuirfidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra fógra maidir le tarraingt siar na scéime ríomh-shainaitheantais chuig na Ballstáit eile agus chuig an gCoimisiún maidir leis sin.

Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha a dhéanfar ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh gan aon mhoill mhíchuí.

Airteagal 27

Ríomhshínithe sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil, ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhíse ar líne atá á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshíniú ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshínithe ardleibhéil. Toimhdeofar go gcomhlíontar na ceanglais maidir le ríomhshínithe ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 26 tráth a gcomhlíonfaidh ríomhshíniú ardleibhéil na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshínithe ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 37

Ríomhshéalaí sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil, ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear san ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhís ar líne a bheidh á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshéala ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshéala cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 36 á gcomhlíonadh tráth a gcomhlíonfar na caighdeáin sin le ríomhshéala ardleibhéil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2)

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshéalaí ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 47

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a ghlacadh ar feadh tréimhse éiginnte amhail ón 17 Meán Fómhair 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 52

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2016, seachas maidir leis an méid a leanas:

(a)

beidh feidhm ag Airteagail 8(3), 9(5), 12(2) go (9), 17(8), 19(4), 20(4), 21(4), 22(5), 23(3), 24(5), 27(4) agus (5), 28(6), 29(2), 30(3) agus (4), 31(3), 32(3), 33(2), 34(2), 37(4) agus (5), 38(6), 42(2), 44(2), 45(2), agus Airteagal 47 agus Airteagal 48 ón 17 Meán Fómhair 2014;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagail 7, Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11, Airteagal 12(1), ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 12(8) i bhfeidhm;

(c)

Beidh feidhm ag Airteagal 6 ó trí bhliana ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 12(8) i bhfeidhm.

3.   I gcás ina n-áireofar an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith sa liosta a d’fhoilsigh an Coimisiún de bhun Airteagal 9 roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, bainfear amach an t-aitheantas a thabharfar don mhodh ríomhaitheantais faoin scéim sin de bhun Airteagal 6 tráth nach déanaí ná 12 mhí ó fhoilseofar an scéim sin ach tráth nach luaithe ná an dáta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo.

4.   D’ainneoin phointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát a chinneadh go n-aithneofar modh ríomh-shainaitheantais faoi scéim ríomh-shainaitheantais ar thug Ballstát eile fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) sa chéad Bhallstát ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 12(8) i bhfeidhm. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2014.

Thar ceann na Parlaiminte

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  IO C 351, 15.11.2012, lch. 73.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Iúil 2014.

(3)  Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (IO L 13, 19.1.2000, lch. 12).

(4)  IO C 50 E, 21.2.2012, lch. 1.

(5)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(6)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta na n-othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(10)  Cinneadh 2009/767/CE ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar amach bearta chun úsáid nósanna imeachta a éascú le ríomh-mhodhanna trí “ionaid ilfhreastail” i gcomhréir le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 274, 20.10.2009, lch. 36).

(11)  Cinneadh 2011/130/AE ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena mbunaítear ceanglais íosta do phróiseáil trasteorann doiciméad atá ríomhshínithe ag údaráis inniúla faoi Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 53, 26.2.2011, lch. 66).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(14)  IO C 28, 30.1.2013, lch. 6.

(15)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE LE HAGHAIDH RÍOMHSHÍNITHE

Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe:

(a)

nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(b)

tacar sonraí a léiríonn gan débhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá ag eisiúint an deimhnithe cháilithe, lena n-áirítear ar a laghad, an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dlítheanach: ainm agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

ar a laghad ainm an tsínitheora, nó ainm bréige; má úsáidtear ainm bréige, léireofar sin go soiléir;

(d)

na sonraí bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe a fhreagraíonn do na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe;

(e)

sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(f)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(g)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(h)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;

(i)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí maidir le stádas bailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosruithe a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;

(j)

an láthair ar ghléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhfuil na sonraí cruthaithe ríomh-shainaitheantais bainteach le sonraí um bailíochtaithe ríomh-shainaitheantais, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE GLÉASANNA CRUTHAITHE RÍOMHSHÍNITHE CÁILITHE

1.

Áiritheoidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, trí bhíthin modhanna iomchuí teicniúla agus nós imeachta, an méid seo a leanas:

(a)

go ndéantar caomhnú réasúnta ar rúndacht na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe;

(b)

nach n-úsáidtear sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe ach aon uair amháin go praiticiúil;

(c)

nach féidir na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe, le cinnteacht réasúnta, a dhéanamh amach agus go bhfuil an síniú á chosaint go hiontaofa ar bhrionnú le teicneolaíocht atá ar fáil faoi láthair;

(d)

gur féidir leis an sínitheoir dlisteanach cosaint a dhéanamh le hiontaoibh ó úsáid pháirtithe eile ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe.

2.

Ní athróidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na sonraí a bheidh le síniú ná ní chuirfidh siad cosc leis na sonraí sin a chur i láthair an tsínitheora roimh an síniú.

3.

Is soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, agus an soláthraí sin amháin, a ghinfidh nó a bhainisteoidh sonraí maidir le cruthú sonraí ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora.

4.

Gan dochar do phointe (d) de mhír 1, féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bheidh ag bainistiú sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora na sonraí sin a mhacasamhlú chun críocha cúltaca, agus chucu sin amháin ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

caithfidh na tacair shonraí macasamhlaithe bheith ar aon leibhéal slándála leis an tacar sonraí bunaidh;

(b)

ní rachaidh líon na dtacar sonraí macasamhlaithe thar an líon is lú a bheidh riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú.


IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE LE HAGHAIDH RÍOMHSHÉALA

Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala:

(a)

comharthú, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh mar dheimhniú cáilithe an deimhniú a eisíodh do ríomhshéala;

(b)

foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

ar a laghad ainm chruthaitheoir an tséala agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(d)

sonraí bailíochtaithe ríomhshéalaí a chomhfhreagraíonn do na sonraí cruthaithe ríomhshéalaí;

(e)

sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(f)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(g)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(h)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;

(i)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí maidir le stádas bailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosruithe a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;

(j)

an láthair ar ghléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe a bhfuil na sonraí cruthaithe ríomhshéalaí atá bainteach le sonraí bailíochtaithe ríomhshéalaí, le comharthú oiriúnach de seo i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.


IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE AR FHÍORDHEIMHNIÚ LÁITHREÁN GRÉASÁIN

Beidh na nithe seo a leanas i ndeimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin:

(a)

nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin;

(b)

foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus, nuair is infheidhme, an cláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

i gcás daoine nádúrtha: ar a laghad ainm an duine ar eisíodh an deimhniú dó, nó ainm bréige. Má úsáidtear ainm bréige, sonrófar an méid a leanas go soiléir;

i gcás daoine dlítheanacha: ar a laghad ainm an duine dhlítheanaigh ar eisíodh an deimhniú dó agus, nuair is infheidhme, an cláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(d)

eilimintí den seoladh, lena n-áirítear ar a laghad an chathair agus an Stát lena mbaineann an duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó agus, nuair is infheidhme, mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(e)

ainm fearainn nó ainmneacha fearainn a oibríonn an duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó;

(f)

sonraí maidir le tús agus deireadh thréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(g)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(h)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(i)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (h) ar fáil saor in aisce;

(j)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí stádais bhailíochta deimhnithe ar féidir a úsáid chun stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe a fhiosrú.


whereas









keyboard_arrow_down