search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA Art. 21 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 101

 

Airteagal 21

Seirbhís iontaoibhe cháilithe a thionscnamh

1.   Má tá intinn ag soláthraithe seirbhíse iontaoibhe, nach bhfuil stádas cáilithe acu, tosú ar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a chur ar fáil, tíolacfaidh siad fógra faoina n-intinn don chomhlacht maoirseachta in éineacht le tuarascáil ar mheasúnú a d’eisigh comhlacht measúnaithe comhréireachta.

2.   Fíoróidh an comhlacht maoirseachta cibé an bhfuil an soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé ag comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go háirithe, na ceanglais i gcomhair soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus i gcomhair na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad.

Má chinneann an comhlacht maoirseachta go ndéanann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe na ceanglaisdtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh agus go ndéantar iad a chomhlíonadh leis na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé, deonóidh an comhlacht maoirseachta an stádas cáilithe don soláthraí seirbhíse iontaoibhe agus do na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé. Chuirfidh sí an comhlachtdtagraítear in Airteagal 22(3) ar an eolas faoi sin chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhedtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an fógra i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de thrí mhí, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus luafaidh sé an tréimhse a thógfaidh sé an fíorú a chur i gcrích.

3.   Féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe tús a chur le soláthar na seirbhíse cáilithe iontaoibhe tar éis don stádas cáilithe a bheith curtha in iúl sna liostaí iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

4.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí agus na nósanna imeachta a shainmhíniú chun críocha mhír 1 agus mhír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).


whereas









keyboard_arrow_down