search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA Art. 31 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 66

 

Airteagal 31

Liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe a fhoilsiú

1.   Gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur i gcrích an deimhniúcháin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis in iúl don Choimisiún faoi ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, ar gléasanna iad a dheimhneoidh na comhlachtaídtagraítear in Airteagal 30(1). Gan moill míchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur ar ceal an deimhniúcháin, cuirfidh siad faisnéis in iúl don Choimisiún freisin maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe nach mbeidh deimhnithe a thuilleadh.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fhaightear, bunóidh, cothabhálfaidh agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta is infheidhme chun críche mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).


whereas









keyboard_arrow_down