search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA Art. 19 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 157

 

Airteagal 19

Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha chun na rioscaí do shlándáil na seirbhísí iontaoibhe a chuirfidh siad ar fáil a bhainistiú. Ag féachaint do na himeachtaí is déanaí i gcúrsaí teicneolaíochta, déanfaidh na bearta sin a áirithiú go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála a chosc agus a laghdú a oiread is féidir agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le ainiarsmaí teagmhas den sórt sin.

2.   Tabharfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta agus i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha eile amhail an comhlacht náisiúnta inniúil don tslándáil faisnéise nó an t-údarás cosanta sonraí, gan aon mhoill míchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uaire an chloig tar éis scéal a fháil faoi, maidir le haon sárú slándálateip ó thaobh sláine de a mbeidh tionchar mór aige ar an tseirbhís iontaoibhe a chuirtear ar fáil nó ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil faoin tseirbhís sin.

Nuair is móide, leis an sárú slándálaleis an teip ó thaobh sláine, go ndéanfar difear diúltach do dhuine nádúrthadlítheanach dar cuireadh an tseirbhís iontaoibhe ar fáil, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse iontaoibhe fógra don duine nádúrthadlítheanach faoin sárú slándálafaoin teip ó thaobh sláine gan aon mhoill míchuí.

I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándálateip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógrafógra do na comhlachtmaoirseachta sna Ballstáit eile lena mbaineann agus do ENISA.

Déanfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina measfar gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an teip ó thaobh sláine a nochtadh.

3.   Déanfaidh an comhlacht maoirseachta, uair amháin sa bhliain, achoimre ar na fógraí i leith sáruithe slándálateip ó thaobh sláine a fuarthas ó na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt do ENISA.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na beartadtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus

(b)

na formáidí agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear spriocdhátaí, a bheidh infheidhme chun críche mhír 2, a shainiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 3

Seirbhísí iontaoibhe cáilithe


whereas









keyboard_arrow_down