search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA Art. 8 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 130

 

Airteagal 8

Leibhéil dearbhaithe scéimeanna ríomh-shainaitheantais

1.   Sonrófar i scéim ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 9(1) leibhéil dearbhaithe “íseal”, “suntasach” agus/nó “ard” do mhodhanna ríomh-shainaitheantais a eisítear faoin scéim sin.

2.   Comhlíonfaidh na leibhéil dearbhaithe “íseal”, “suntasach” agus “ard” na critéir a leanas faoi seach:

(a)

tagróidh leibhéal dearbhaithe “íseal” do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomhaitheantais, a chuireann leibhéal teoranta muiníne i gcéannacht mhaítedhearbhaithe duine, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go mbainfí mí-úsáid as an gcéannacht nó go n-athrófaí an chéannacht a laghdú go mór;

(b)

tagróidh leibhéal dearbhaithe “suntasach” do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomh-shainaitheantais, a chuireann leibhéal suntasach muiníne i gcéannacht mhaítedhearbhaithe duine, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go mbainfí mí-úsáid as an gcéannacht nó go n-athrófaí an chéannacht a laghdú go mór;

(c)

tagróidh leibhéal dearbhaithe atá ard do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomh-shainaitheantais, a chuireann leibhéal níos airde muiníne i gcéannacht mhaítedhearbhaithe duine ná mar a dhéanann modh ríomh-shainaitheantais ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe atá suntasach, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh mí-úsáid céannachta nó athrú ar an gcéannacht a chosc.

3.   Faoi 18 Meán Fómhair 2015, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus faoi réir mhír 2, leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, íos-sonraíochtaí teicniúla, íoschaighdeáin teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla ag tagairt do leibhéil dearbhaithe atá “íseal”, “suntasach” agus “ard” agus atá sonraithe do mhodhanna ríomh-shainaitheantais chun críocha mhír 1.

Leagfar amach na híos-sonraíochtaí teicniúla, na híoschaighdeáin teicniúla agus na híosnósanna imeachta teicniúla trí thagairt d’iontaofacht agus do cháilíocht an méid a leanas:

(a)

an nós imeachta trína dtugtar cruthúnas agus fíorú maidir le céannacht daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar mhodh ríomh-shainaitheantais;

(b)

an nós imeachta trína n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais a iarraidh;

(c)

an sásra fhíordheimhnithe, trína n-úsáideann an duine nádúrtha nó dlítheanach an modh ríomh-shainaitheantais chun a chéannacht a dheimhniú don pháirtí is úsáideoir;

(d)

an t-eintiteas a eisíonn an modh ríomh-shainaitheantais;

(e)

aon chomhlacht eile atá bainteach leis an iarratas ar mhodh ríomh-shainaitheantais a eisiúint; agus

(f)

sonraíochtaí teicniúla agus slándála an mhodha ríomh-shainaitheantais a eisítear.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).


whereas









keyboard_arrow_down