search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA Art. 7 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 151

 

Airteagal 7

Incháilitheacht le haghaidh fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomh-shainaitheantais

Beidh scéim ríomh-shainaitheantais cáilithe le fógra a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 9(1) ar choinníoll go ndéanfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gurb é an Ballstát a thugann an fógra a eiseoidh na modhanna ríomh-shainaitheantais:

(i)

faoin scéim sin,

(ii)

faoi shainordú ón mBallstát atá ag tabhairt an fhógra, nó

(iii)

neamhspleách ar an mBallstát atá ag tabhairt an fhógra agus go dtugann an Ballstát sin aitheantas dó;

(b)

gur féidir an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim ríomh-shainaitheantais a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhís amháin ar a laghad arna cur ar fáil ag comhlacht earnála poiblí lena bhfuil ríomh-shainaitheantas de dhíth sa Bhallstát atá ag tabhairt an fhógra;

(c)

go gcomhlíonfaidh an scéim ríomh-shainaitheantais agus an modh ríomh-shainaitheantais a eisítear fúithi na ceanglais de cheann amháin ar a laghad de na leibhéil dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhmedtagraítear in Airteagal 8(3);

(d)

go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go luafar sonraí uathúla sainaitheantais an duine atá i gceist, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhmedtagraítear in Airteagal 8(3), leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 an tráth céanna a n-eiseofar an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(e)

go n-áiritheoidh an páirtí a bhfuil an modh ríomh-shainaitheantais á eisiúint aige faoin scéim sin go luafar an modh ríomh-shainaitheantais leis an duinedtagraítear i bpointe (d) den Airteagal seo i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhmedtagraítear in Airteagal 8(3);

(f)

go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go bhféadfar fíordheimhniú a fháil ar líne, le go mbeidh aon pháirtí is úsáideoir atá bunaithe i gcríoch Ballstáit eile in ann sonraí faisnéise pearsanta a fhaightear i bhfoirm leictreonach a dheimhniú.

Maidir le páirtithe is úsáideoir seachas comhlachtearnála poiblí, féadfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra na téarmaí rochtana ar an bhfíordheimhniú sin a shainiú. Cuirfear an fíordheimhniú trasteorann sin ar fáil saor in aisce i gcás seirbhís ar líne a chuireann comhlacht poiblí ar fáil.

Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon saincheanglais theicniúla a bheidh neamhréireach ar pháirtithe is úsáideoir a bhfuil intinn acu ar fíordheimhniú den sórt sin a dhéanamh, i gcás ina gcoiscfear leis na ceanglais sin idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó i gcás ina gcuirtear bac ar an idir-inoibritheacht sin;

(g)

go dtabharfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra tuairisc ar an scéim sin do na Ballstáit eile, chun críocha na hoibleagáide faoi Airteagal 12(5), ar a laghad sé mhí sula dtabharfar an fógra de bhun Airteagal 9(1), i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta arna mbunú ag na gníomhartha cur chun feidhmedtagraítear in Airteagal 12(7);

(h)

go gcomhlíonfar leis an scéim ríomh-shainaitheantais na ceanglais a leagtar amach san ghnímh cur chun feidhmedtagraítear in Airteagal 12(8).


whereas









keyboard_arrow_down