search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'choimisiún' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index choimisiún:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas choimisiún:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 442

 

Airteagal 9

Fógra a thabhairt

1.   Tabharfaidh an Ballstát a thugann an fógra fógra don choimisiún i leith na faisnéise seo a leanas gan mhoill mhíchuí, chomh maith le haon athruithe iardain a dhéanfar uirthi:

(a)

tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear a leibhéil dearbhaithe agus eisitheoir nó eisitheoirí an mhodha ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(b)

an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an méid a leanas:

(i)

an páirtí a eisíonn na meáin ríomh-shainaitheantais, agus

(ii)

an páirtí a fheidhmíonn an nós imeachta fíordheimhnithe;

(c)

an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith;

(d)

faisnéis maidir leis an eintiteas nó leis na heintitis a bhainistíonn clárú sonraí uathúla aitheantais duine;

(e)

tuairisc faoin mbealach a gcomhlíontar ceanglais a leagtar amach sa ghníomh chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8);

(f)

tuairisc faoin bhfíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7;

(g)

socruithe i leith cúlghairm nó fhionraí na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, na fíordheimhnithe nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i mbaol.

2.   Bliain amháin ón dáta a gcuirfear i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 12(8), foilseoidh an Coimisiún liosta de na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an mbunfhaisnéis ina dtaobh.

3.   Má fhaigheann an Coimisiún fógra tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 2, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na leasuithe ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear an fógra sin.

4.   Féadfaidh Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an scéim ríomh-shainaitheantais ar thug an Ballstát sin fógra ina leith a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 2. Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh sé an iarraidh sin ón mBallstát.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta an fhógra faoi mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 17

Comhlacht maoirseachta

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.

Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.

3.   Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo;

4.   Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b)

anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1);

(c)

comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2);

(d)

tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(e)

iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(f)

comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí;

(g)

an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;

(h)

an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin;

(i)

a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2);

(j)

a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

7.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 22

Liostaí iontaofa

1.   Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú ina mbeidh i measc nithe eile faisnéis faoi sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bhfuil sé freagrach ina leith chomh maith le faisnéis faoi na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad.

2.   Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bheidh ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bhunú, a chothabháil agus fhoilsiú ar bhealach slán, ar liostaí iad a bheidh i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don choimisiún, gan moill mhíchuí, faisnéis faoin gcomhlacht atá freagrach as liostaí iontaofa náisiúnta a bhunú, a choinneáil agus a fhoilsiú, agus mionsonraí maidir leis an áit ina bhfuil na liostaí sin foilsithe, faoi na deimhnithe a úsáideadh chun na liostaí iontaofa a shíniú nó a shéalú agus faoi aon athruithe a rinneadh orthu.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 3 a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015 sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus saineoidh sé na sonraíochtaí teicniúla agus na formáidí teicniúla do na liostaí iontaofa is infheidhme chun críocha mhír 1 go mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 30

Gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a dheimhniú

1.   Déanfaidh comhlachtaí iomchuí poiblí nó príobháideacha a ainmneofar chuige sin ag na Ballstáit comhréireacht gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II a dheimhniú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don choimisiún ainmneacha agus seoltaí an chomhlachta phoiblí nó phríobháidigh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

3.   Bunófar an deimhniúchán dá dtagraítear i mír 1 ar cheann amháin díobh siúd a leanas:

(a)

próiseas meastóireachta slándála a dhéanfar i gcomhréir le ceann de na caighdeáin le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht na faisnéise a áireofar i liosta arna bhunú i gcomhréir leis an dara fomhír; nó

(b)

próiseas seachas an próiseas dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go n-úsáidfear leibhéil inchomparáide slándála sa phróiseas sin agus go gcuirfidh an comhlacht poiblí nó príobháideach dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún ar an eolas faoin bpróiseas sin. Ní fhéadfar an próiseas sin a úsáid ach amháin in éagmais na gcaighdeán dá dtagraítear i bpointe (a) nó i gcás ina mbeidh próiseas meastóireachta slándála dá dtagraítear i bpointe (a) ar siúl.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, liosta caighdeán le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeacht dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

4.   Tabharfar an chumhacht don choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 47, a mhéid a bhainfidh le critéir shonracha a bhunú a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí a ainmneofar agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 31

Liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe a fhoilsiú

1.   Gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur i gcrích an deimhniúcháin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis in iúl don choimisiún faoi ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, ar gléasanna iad a dheimhneoidh na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1). Gan moill míchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur ar ceal an deimhniúcháin, cuirfidh siad faisnéis in iúl don choimisiún freisin maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe nach mbeidh deimhnithe a thuilleadh.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fhaightear, bunóidh, cothabhálfaidh agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta is infheidhme chun críche mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 47

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tugtar an chumhacht don choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a ghlacadh ar feadh tréimhse éiginnte amhail ón 17 Meán Fómhair 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas









keyboard_arrow_down