search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'sláine' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index sláine:


whereas sláine:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 580

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go leithleach, duine nádúrtha nó dlítheanach nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach;

(2)

Ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábhartha agus/nó neamhábhartha ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine, a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne a fhíordheimhniú;

(3)

ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí chun céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach, a shuíomh;

(4)

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh lena ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanach nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar dhaoine dlítheanacha;

(5)

ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas a fhágann go bhféadfar ríomh-shainaitheantas an duine nádúrtha nó dlítheanaigh a dheimhniú; nó foinse agus sláine ríomhshonraí a dheimhniú;

(6)

ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag brath ar chéannacht leictreonach nó ar sheirbhís iontaoibhe;

(7)

ciallaíonn “comhlacht poiblí” an stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na húdaráis sin nó ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, nó eintiteas príobháideach a bhfuil sainordú aige ó cheann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, de na comhlachtaí sin nó de na comhlachais sin seirbhísí poiblí a sholáthar ag feidhmiú dó faoi shainordú den sórt sin;

(8)

ciallaíonn “comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí” mar a shainítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(9)

ciallaíonn “sínitheoir” duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;

(10)

ciallaíonn “ríomhshíniú” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí i bhfoirm leictreonach eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;

(11)

ciallaíonn “ríomhshíniú ardleibhéil” ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 26;

(12)

ciallaíonn “ríomhshíniú cáilithe” ríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(13)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe” sonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;

(14)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshínithe” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe a nascadh le duine nádúrtha agus lena ndearbhaítear ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine sin;

(15)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe” deimhniú le haghaidh ríomhshínithe, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(16)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís a thugtar de ghnáth ar luach saothair a bhfuil na nithe seo leanas iontu:

(a)

ríomhshínithe, ríomhshéalaí, nó ríomhstampaí ama, ríomhsheirbhísí seachadta atá cláraithe agus na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin a chruthú, a fhíorú agus a bhailíochtú, nó

(b)

cruthú, fíorú agus bailíochtú na ndeimhnithe le haghaidh fíordheimhniú láithreán gréasáin, nó

(c)

caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí nó na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin;

(17)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe cháilithe” seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht a shainítear i bpointe 13 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, a bhfuil creidiúnú aige i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann sé ar fáil;

(19)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí iontaoibhe” duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháin nó níos mó ar fáil cibé acu mar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó mar sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe;

(20)

ciallaíonn “soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe” soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chuireann seirbhís iontaoibhe cáilithe amháin nó níos mó ar fáil agus a ndeonaíonn an comhlacht maoirseachta stádas mar sholáthraí cáilithe dó;

(21)

ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna de chrua-earraí nó de bhogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(22)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;

(23)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe” gléas cruthaithe ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(24)

ciallaíonn “cruthaitheoir séala” duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;

(25)

ciallaíonn “ríomhshéala” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú;

(26)

ciallaíonn “ríomhshéala ardleibhéil” ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36:

(27)

ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(28)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshéala” sonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;

(29)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshéala” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshéala a nascadh le duine dlítheanach agus lena ndearbhaítear ainm an duine sin;

(30)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala” deimhniú le haghaidh ríomhshéala a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(31)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshéala a chruthú;

(32)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe” gléas um chruthú ríomhshéala a chomhlíonann mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(33)

ciallaíonn “ríomhstampa ama” sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn shonraí eile i bhfoirm leictreonach d’am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí eile sin ann ag an am sin;

(34)

ciallaíonn “ríomhstampa ama cáilithe” ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42;

(35)

ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” aon ábhar a stóráiltear i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, mar thaifead amhairc nó mar thaifead closamhairc;

(36)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe” seirbhís a fhágann go bhféadfar sonraí a tharchur idir tríú páirtithe le ríomh-mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus/nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an riosca go ndéanfar iad a chailliúint, a ghoid, nó go ndéanfar damáiste dóibh nó athrú neamhúdaraithe orthu;

(37)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta cáilithe atá cláraithe” ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44;

(38)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú gréasáin” dearbhú trína bhféadfar gréasán a fhíordheimhniú agus trína nasctar an gréasán leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eisítear an deimhniú dó;

(39)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin” deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

(40)

ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a bhailíochtú;

(41)

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas trína bhfíoraítear agus trína ndeimhnítear go bhfuil ríomhshíniú nó ríomhshéala bailí.

Airteagal 17

Comhlacht maoirseachta

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.

Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.

3.   Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo;

4.   Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b)

anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1);

(c)

comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2);

(d)

tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(e)

iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(f)

comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí;

(g)

an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;

(h)

an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin;

(i)

a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2);

(j)

a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don Choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

7.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 19

Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha chun na rioscaí do shlándáil na seirbhísí iontaoibhe a chuirfidh siad ar fáil a bhainistiú. Ag féachaint do na himeachtaí is déanaí i gcúrsaí teicneolaíochta, déanfaidh na bearta sin a áirithiú go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála a chosc agus a laghdú a oiread is féidir agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le ainiarsmaí teagmhas den sórt sin.

2.   Tabharfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta agus i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha eile amhail an comhlacht náisiúnta inniúil don tslándáil faisnéise nó an t-údarás cosanta sonraí, gan aon mhoill míchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uaire an chloig tar éis scéal a fháil faoi, maidir le haon sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de a mbeidh tionchar mór aige ar an tseirbhís iontaoibhe a chuirtear ar fáil nó ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil faoin tseirbhís sin.

Nuair is móide, leis an sárú slándála nó leis an teip ó thaobh sláine, go ndéanfar difear diúltach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach dar cuireadh an tseirbhís iontaoibhe ar fáil, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse iontaoibhe fógra don duine nádúrtha nó dlítheanach faoin sárú slándála nó faoin teip ó thaobh sláine gan aon mhoill míchuí.

I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó fógra do na comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit eile lena mbaineann agus do ENISA.

Déanfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina measfar gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an teip ó thaobh sláine a nochtadh.

3.   Déanfaidh an comhlacht maoirseachta, uair amháin sa bhliain, achoimre ar na fógraí i leith sáruithe slándála nó teip ó thaobh sláine a fuarthas ó na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt do ENISA.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na bearta dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus

(b)

na formáidí agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear spriocdhátaí, a bheidh infheidhme chun críche mhír 2, a shainiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 3

Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

Airteagal 32

Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú

1.   Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;

(b)

soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;

(c)

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;

(d)

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;

(e)

i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;

(f)

gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;

(g)

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

(h)

trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26.

2.   Tabharfaidh an córas a úsáidtear chun an ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú toradh an phróisis bhailíochtaithe sin go cruinn don pháirtí is úsáideoir agus ligfidh sé don pháirtí sin aon shaincheist ábhartha slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí na ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 35

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí

1.   Ní shéanfar ar ríomhshéala éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe.

2.   Maidir le ríomhshéala cáilithe, toimhdeofar sláine na sonraí agus beachtas thionscnamh na sonraí sin a mbeidh nasc acu leis an ríomhshéala cáilithe.

3.   Maidir le ríomhshéala cáilithe a bheidh bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshéala cáilithe i ngach Ballstát eile.

Airteagal 41

Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama

1.   Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.

2.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.

3.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.

Airteagal 43

Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe

1.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, ní shéanfar orthu éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile na ríomhseirbhíse seachadta cláraithe.

2.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, toimhdeofar sláine na sonraí sin, seoladh na sonraí sin ag an seoltóir sainaitheanta agus fáil na sonraí ag an seolaí sainaitheanta agus cruinneas an dáta agus an ama a sheolfar agus a gheofar na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta cláraithe.


whereas









keyboard_arrow_down