(2) Na treoracha arna nglacadh i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, rannchuidíonn siad le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanann siad foráil maidir le ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt, éascaíonn siad imréiteach na gceart, agus cruthaíonn siad creat inar féidir saothair agus ábhar cosanta eile a shaothrú.
Cuireann an creat dlí comhchuibhithe sin le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh, agus spreagann sé nuálaíocht, cruthaíocht, infheistiú agus táirgeadh inneachair nua, sa timpeallacht dhigiteach freisin, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a sheachaint.
Chomh maith leis sin, cuireann an chosaint a chuirtear ar fáil leis an gcreat dlí sin le cuspóir an Aontais éagsúlacht chultúrtha a urramú agus a chur chun cinn, agus ag an am céanna comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a thabhairt chun suntais. Le hAirteagal 167(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar an Aontas aird a thabhairt ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht.
- = -
(3) Athraíonn an chaoi a ndéantar saothair agus ábhar eile a chruthú, a tháirgeadh, a dháileadh agus a shaothrú i gcónaí a bhuí le forbairtí gasta teicneolaíochta.
Bíonn samhlacha nua gnó agus gníomhairí nua ag teacht chun cinn an t-am ar fad.
Ní mór don reachtaíocht ábhartha a bheith in ann seasamh i bhfad na haimsire ionas nach gcuirfear srian leis an bhforbairt theicneolaíoch.
Tá na cuspóirí agus prionsabail a leagtar síos le creat cóipchirt an Aontais fónta i gcónaí.
Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann fós, áfach, do shealbhóirí cirt agus d'úsáideoirí araon, maidir le húsáidí áirithe de shaothair agus d'ábhar eile sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear úsáidí trasteorann.
Mar atá ráite i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2015 dar teideal Towards a modern, more European copyright framework (“I dtreo creat cóipchirt níos nua-aimseartha agus níos Eorpaí”), i réimsí áirithe is gá creat cóipchirt reatha an Aontais a oiriúnú agus a fhorlíonadh, agus ardleibhéal cosanta i dtaca le cóipcheart agus cearta gaolmhara á choinneáil.
Déantar foráil leis an Treoir seo maidir le rialacha chun eisceachtaí áirithe agus teorainneacha áirithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara a oiriúnú don timpeallacht dhigiteach agus don timpeallacht trasteorann, agus maidir le bearta chun cleachtais cheadúnaithe áirithe a éascú, go háirithe maidir le scaipeadh saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus ábhar eile agus maidir le saothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh a bheith ar fáil ar líne, ach gan bheith teoranta dóibh sin, d'fhonn rochtain níos fairsinge ar inneachar a áirithiú.
Tá rialacha ann freisin chun úsáid an inneachair san fhearann poiblí a éascú.
Chun margadh dea-fheidhmithe agus cothrom le haghaidh an chóipchirt a bhaint amach, ba cheart rialacha a bheith ann freisin maidir le cearta i bhfoilseacháin, maidir le húsáid saothar nó ábhair eile ag soláthraithe seirbhíse ar líne lena stóráiltear inneachar arna uaslódáil ag úsáideoirí agus lena dtugtar rochtain air, maidir le trédhearcacht chonarthaí na n-údar agus na dtaibheoirí, maidir le luach saothair údar agus taibheoirí, chomh maith le sásra chun na cearta a dhéanann údair agus taibheoirí a aistriú ar bhonn eisiach a chúlghairm.
- = -
(5) I réimsí na taighde, na nuálaíochta, an oideachais agus chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, ceadaíonn teicneolaíochtaí digiteacha cineálacha nua úsáidí nach gcumhdaítear go soiléir i rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le heisceachtaí agus le teorainneacha.
Sa bhreis air sin, d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cineál roghnach na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i dTreoracha 96/9/CE, 2001/29/CE agus 2009/24/CE sna réimsí sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Tá sé seo ábhartha go háirithe maidir le húsáidí trasteorann, atá ag éirí níos tábhachtaí sa timpeallacht dhigiteach.
Ba cheart, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na heisceachtaí agus ar na teorainneacha atá ann cheana i ndlí an Aontais is ábhartha i gcás taighde eolaíochta, nuálaíochta, múineadh agus chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, i bhfianaise na n-úsáidí nua sin.
Ba cheart eisceachtaí sainordaitheacha nó teorainneacha sainordaitheacha a thabhairt isteach i gcás úsáidí teicneolaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí, i gcás léiriú ar mhaithe le teagasc sa timpeallacht dhigiteach agus i gcás chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
Ba cheart do na heisceachtaí agus na teorainneacha atá ann cheana i ndlí an Aontais leanúint d'fheidhm a bheith acu, lena n-áirítear i ndáil le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, oideachas agus gníomhaíochtaí caomhnaithe, fad is nach gcuireann siad teorainn le raon feidhme na n-eisceachtaí sainordaitheacha nó na dteorainneacha sainordaitheacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, ar gá do na Ballstáit iad a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE a leasú.
- = -
(15) I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé go gcaithfeadh eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha, mar shampla, i gcás fíorú iardain torthaí taighde eolaíoch, cóipeanna a dhéantar faoin eisceacht a choinneáil chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích.
I gcásanna den sórt sin, ba cheart na cóipeanna a stóráil i dtimpeallacht shlán.
Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, ar an leibhéal náisiúnta agus i ndiaidh plé leis na geallsealbhóirí ábhartha, maidir le tuilleadh socruithe sonracha chun na cóipeanna a choinneáil, lena n-áirítear an cumas comhlachtaí iontaofa a cheapadh chun críche na cóipeanna sin a stóráil.
Ionas nach gcuirfear srian míchuí le cur i bhfeidhm na heisceachta, ba cheart socruithe den sórt sin a bheith comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun na cóipeanna a choinneáil ar bhealach sábháilte agus chun úsáidí neamhúdaraithe a chosc.
Maidir le húsáid chun críche taighde eolaíoch, seachas mianadóireacht téacsanna agus sonraí, amhail athbhreithniú eolaíoch ag piaraí agus taighde comhpháirteach, ba cheart di leanúint de bheith cumhdaithe, i gcás inarb infheidhme, leis an eisceacht nó leis an teorainn dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE.
- = -
(22) Níor cheart úsáid na saothar nó an ábhair eile faoin eisceacht nó faoin teorainn n críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin tarlú ach i gcomhthéacs gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama amháin arna gcur i gcrích faoi fhreagracht foras oideachais, lena n-áirítear le linn scrúduithe nó gníomhaíochtaí teagaisc a tharlaíonn lasmuigh d'áitreabh foras oideachais, mar shampla i músaem, i leabharlann nó in institiúid oidhreachta cultúrtha eile, agus ba cheart í a bheith teoranta don mhéid is gá chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh.
Ba cheart a chumhdach leis an eisceacht nó leis an teorainn úsáidí saothar nó ábhair eile arna ndéanamh sa seomra ranga nó in ionaid eile trí mhodhanna digiteacha, mar shampla cláir bhána leictreonacha nó gléasanna digiteacha a d'fhéadfadh a bheith nasctha leis an idirlíon, mar aon le húsáidí a dhéantar go cianda trí thimpeallachtaí leictreonacha slána, amhail i gcomhthéacs cúrsaí ar líne nó rochtain ar ábhar teagaisc lena gcomhlánaítear cúrsa ar leith.
Ba cheart a thuiscint le timpeallachtaí leictreonacha slána gurb é atá i gceist leo rochtain ar thimpeallachtaí digiteacha teagaisc agus foghlama atá teoranta d'fhoireann teagaisc de chuid forais oideachais agus do na daltaí nó do na mic léinn atá cláraithe i gclár staidéir, go háirithe trí nósanna imeachta fíordheimhnithe iomchuí, lena n-áirítear fíordheimhniú bunaithe ar phasfhocal.
- = -
(28) Ní gá go mbeidh na hacmhainní teicniúla nó an saineolas teicniúil ag institiúidí oidhreachta cultúrtha chun na gníomhartha is gá a dhéanamh chun a mbailiúcháin féin a chaomhnú, go háirithe sa timpeallacht dhigiteach, agus dá bhrí sin, d'fhéadfaidís dul ar iontaoibh cúnamh ó institiúidí cultúrtha eile agus ó thríú páirtithe eile chun na críche sin.
Faoin eisceacht chun críocha caomhnaithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart a cheadú d'institiúidí oidhreachta cultúrtha brath ar thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann agus faoina bhfreagracht, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe i mBallstáit eile, chun cóipeanna a dhéanamh.
- = -
(53) Ar dhul in éag do thréimhse cosanta saothair, tagann an saothar sin isteach san fhearann poiblí agus téann na cearta arna soláthar don saothar sin faoi dlí cóipchirt an Aontais in éag.
I réimse na n-amharc-ealaíon, rannchuidíonn scaipeadh atáirgí dílse de shaothair san fhearann poiblí le rochtain ar an gcultúr agus le cur chun cinn an chultúir, agus rochtain ar oidhreacht chultúrtha.
Sa timpeallacht dhigiteach, tá cosaint na n-atáirgí sin trí chóipcheart nó cearta gaolmhara ar neamhréir le dul in éag chosaint chóipchirt na saothar.
Sa bhreis air sin, de bharr difríochtaí idir na dlíthe cóipchirt náisiúnta lena rialaítear cosaint na n-atáirgí sin, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann agus imrítear tionchar ar scaipeadh trasteorann saothar amharc-ealaíon san fhearann poiblí.
Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú nár cheart atáirgí áirithe saothar amharc-ealaíon sa fhearann poiblí a chosaint le cóipcheart nó le cearta gaolmhara.
Leis sin, níor cheart go gcoiscfí ar institiúidí oidhreachta cultúrtha atáirgí a dhíol, amhail cártaí poist.
- = -
(54) Tá preas saor agus iolraíoch bunriachtanach chun iriseoireacht ardchaighdeáin agus chun rochtain na saoránach ar fhaisnéis a áirithiú.
Soláthraíonn sé tacaíocht bhunúsach don phlé poiblí agus do dhea-oibriú na sochaí daonlathaí.
Tá seirbhísí nua ar líne tagtha chun cinn mar thoradh ar infhaighteacht fhorleathan na bpreasfhoilseachán ar líne, amhail comhbhailitheoirí nuachta nó seirbhísí faireacháin na meán, arb ionann athúsáid na bpreasfhoilseachán dóibh agus cuid thábhachtach dá samhlacha gnó agus foinse ioncaim.
Tá fadhbanna ag foilsitheoirí preasfhoilseachán maidir le ceadúnais a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí den sórt sin maidir le húsáid ar líne a bhfoilseachán, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos deacra dóibh a gcuid infheistíochtaí a fhorchúiteamh.
In éagmais foilsitheoirí preasfhoilseachán a aithint mar shealbhóirí cirt, is minic go mbíonn sé casta agus neamhéifeachtúil ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise na gcearta i bpreasfhoilseacháin maidir le húsáidí ar líne sa timpeallacht a cheadúnú agus a fhorfheidhmiú.
- = -