keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 2 Sainmhínithe
- 1 Airteagal 13 Sásra caibidlíochta
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 17
- chun 10
- atá 7
- eolaíochta 6
- seirbhíse 6
- ciallaíonn 6
- taighde 5
- críocha 4
- arna 4
- eile 4
- siad 4
- airteagal 3
- amhail 3
- leis 3
- saothair 3
- faoi 3
- páirtithe 3
- faoina 3
- nach 3
- féidir 3
- ballstáit 3
- faisnéis 3
- dhéanamh 3
- bhonn 3
- treorach 3
- bith 3
- inneachar 3
- lena 3
- sainmhínithe 2
- phobal 2
- nuair 2
- thabhairt 2
- comhroinnt 2
- chlosamhairc 2
- oidhreachta 2
- chur 2
- fáil 2
- líne” 2
- neamhchlaonta 2
- úsáideoirí 2
- dhigiteach 2
- hidirghabhálaithe 2
- shaothair 2
- féin 2
- neamhbhrabúsmhara 2
- iris 2
- líne 2
- soláthraí 2
- bhaineann 2
- néalseirbhísí 2
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “eagraíocht taighde” ollscoil, lena n-áirítear a cuid leabharlanna, institiúid taighde nó eintiteas ar bith eile arb é a bpríomhsprioc taighde eolaíochta a sheoladh nó gníomhaíochtaí oideachais a dhéanamh a bhfuil i gceist leis na gníomhaíochtaí sin freisin taighde eolaíochta a sheoladh:
ar bhealach a fhágann nach féidir gnóthas a imríonn tionchar cinntitheach ar eagraíocht den sórt sin rochtain a fháil ar na torthaí arna nginiúint le taighde eolaíochta den sórt sin ar bhonn fabhrach; |
(2) | ciallaíonn “mianadóireacht téacsanna agus sonraí” teicníc anailíseach uathoibrithe ar bith arb é is aidhm di anailís a dhéanamh ar théacsanna agus ar shonraí i bhfoirm dhigiteach chun faisnéis a ghiniúint a áiríonn patrúin, treochtaí agus comhghaoil, ach nach bhfuil teoranta dóibh sin amháin; |
(3) | ciallaíonn “institiúid oidhreachta cultúrtha” leabharlann nó músaem atá inrochtana don phobal, cartlann nó institiúid oidhreachta scannáin nó fuaime; |
(4) | ciallaíonn “preasfhoilseachán” bailiúcháin atá comhdhéanta go príomha de shaothair liteartha de chineál iriseoireachta, ach ar féidir saothair nó ábhar eile a áireamh iontu, agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
Tréimhseacháin a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíochta, ní preasfhoilseacháin iad chun críocha na Treorach seo; |
(5) | ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” seirbhís de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 1(1) de Theoir (AE) 2015/1535; |
(6) | ciallaíonn “soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise arb é a phríomhchuspóir nó ceann dá chuid príomhchuspóirí lear mór de shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ábhar cosanta eile, arna n-uaslódáil ag a úsáideoirí, a stóráil nó rochtain phoiblí orthu a thabhairt, agus arb é féin a eagraíonn an tseirbhís agus a chuireann chun cinn í chun críocha brabús a dhéanamh. Soláthraithe seirbhíse, amhail ciclipéid ar líne neamhbhrabúsmhara, taisclanna oideachais agus eolaíochta neamhbhrabúsmhara, ardáin forbartha agus comhroinnte bogearraí foinse oscailte, soláthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972, margaí ar líne agus néalseirbhísí gnó le gnó agus néalseirbhísí a cheadaíonn d'úsáideoirí inneachar a uaslódáil dá n-úsáid féin, ní “soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” de réir bhrí na Treorach seo iad. |
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
Airteagal 13
Sásra caibidlíochta
I gcás páirtithe a mbeidh deacrachtaí acu a bhaineann le cearta a cheadúnú nuair a fhéachann siad le comhaontú a thabhairt i gcrích chun saothair chlosamhairc a chur ar fáil ar sheirbhísí físeáin ar éileamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad brath ar chúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaithe. An comhlacht neamhchlaonta arna bhunú nó arna ainmniú ag Ballstát chun críche an Airteagail seo agus na hidirghabhálaithe, tabharfaidh siad cúnamh do na páirtithe lena gcaibidlíochtaí agus cabhróidh siad leis na páirtithe teacht ar chomhaontuithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a chur faoina mbráid.
Tráth nach déanaí ná 7 Meitheamh 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1. I gcásanna inar roghnaigh Ballstáit dul ar iontaoibh idirghabhála, beidh ar áireamh san fhógra chuig an gCoimisiún, ar a laghad agus nuair a bhíonn fáil air, an fhoinse inar féidir faisnéis ábhartha a fháil i dtaobh na n-idirghabhálaithe a bhfuiltear ag gabháil ar a n-iontaoibh.
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
whereas