search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA cercato: 'dhéanamh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index dhéanamh:


whereas dhéanamh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 768

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha arb é is aidhm dóibh comhchuibhiú breise a dhéanamh ar dhlí an Aontais atá infheidhme maidir le cóipcheart agus le cearta gaolmhara faoi chuimsiú an mhargaidh inmheánaigh, agus úsáidí digiteacha agus trasteorann inneachair chosanta á gcur san áireamh go háirithe. Leagtar síos léi freisin rialacha maidir le heisceachtaí agus maidir le teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara, maidir le ceadúnais a éascú, mar aon le rialacha arb é is aidhm dóibh margadh dea-fheidhmithe a áirithiú chun saothair agus ábhar eile a shaothrú.

2.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, fágfaidh an Treoir seo slán na rialacha atá ann cheana a leagtar síos sna Treoracha atá i bhfeidhm faoi láthair sa réimse seo agus ní dhéanfaidh sí difear dóibh ar aon slí, go háirithe Treoracha 96/9/CE, 2000/31/CE, 2001/29/CE, 2006/115/CE, 2009/24/CE, 2012/28/AE agus 2014/26/AE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “eagraíocht taighde” ollscoil, lena n-áirítear a cuid leabharlanna, institiúid taighde nó eintiteas ar bith eile arb é a bpríomhsprioc taighde eolaíochta a sheoladh nó gníomhaíochtaí oideachais a dhéanamh a bhfuil i gceist leis na gníomhaíochtaí sin freisin taighde eolaíochta a sheoladh:

(a)

ar bhonn neamhbhrabúis nó trí na brabúis go léir a athinfheistiú ina taighde eolaíochta nó ina thaighde eolaíocht; nó

(b)

de bhun misean chun leasa an phobail atá aitheanta ag Ballstát;

ar bhealach a fhágann nach féidir gnóthas a imríonn tionchar cinntitheach ar eagraíocht den sórt sin rochtain a fháil ar na torthaí arna nginiúint le taighde eolaíochta den sórt sin ar bhonn fabhrach;

(2)

ciallaíonn “mianadóireacht téacsanna agus sonraí” teicníc anailíseach uathoibrithe ar bith arb é is aidhm di anailís a dhéanamh ar théacsanna agus ar shonraí i bhfoirm dhigiteach chun faisnéis a ghiniúint a áiríonn patrúin, treochtaí agus comhghaoil, ach nach bhfuil teoranta dóibh sin amháin;

(3)

ciallaíonn “institiúid oidhreachta cultúrtha” leabharlann nó músaem atá inrochtana don phobal, cartlann nó institiúid oidhreachta scannáin nó fuaime;

(4)

ciallaíonn “preasfhoilseachán” bailiúcháin atá comhdhéanta go príomha de shaothair liteartha de chineál iriseoireachta, ach ar féidir saothair nó ábhar eile a áireamh iontu, agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

is mír aonair é laistigh de thréimhseachán nó d'fhoilseachán a thugtar cothrom le dáta ar bhonn rialta faoi aon teideal amháin, amhail nuachtán nó iris spéise ginearálta nó iris sainspéise;

(b)

tá sé mar chuspóir aige faisnéis a sholáthar don phobal i gcoitinne a bhaineann le nuacht nó le topaicí eile; agus

(c)

foilsítear é i meán ar bith faoi thionscnamh soláthraí seirbhíse, faoina fhreagracht eagarthóireachta agus faoina rialú.

Tréimhseacháin a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíochta, ní preasfhoilseacháin iad chun críocha na Treorach seo;

(5)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” seirbhís de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 1(1) de Theoir (AE) 2015/1535;

(6)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise arb é a phríomhchuspóir nó ceann dá chuid príomhchuspóirí lear mór de shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ábhar cosanta eile, arna n-uaslódáil ag a úsáideoirí, a stóráil nó rochtain phoiblí orthu a thabhairt, agus arb é féin a eagraíonn an tseirbhís agus a chuireann chun cinn í chun críocha brabús a dhéanamh.

Soláthraithe seirbhíse, amhail ciclipéid ar líne neamhbhrabúsmhara, taisclanna oideachais agus eolaíochta neamhbhrabúsmhara, ardáin forbartha agus comhroinnte bogearraí foinse oscailte, soláthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972, margaí ar líne agus néalseirbhísí gnó le gnó agus néalseirbhísí a cheadaíonn d'úsáideoirí inneachar a uaslódáil dá n-úsáid féin, ní “soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” de réir bhrí na Treorach seo iad.

TEIDEAL II

BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN

Airteagal 3

Mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo i gcás atáirgí agus asbhaintí a dhéanann eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha chun mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar shaothair nó ar ábhar eile a bhfuil rochtain dhleathach acu orthu chun críocha taighde eolaíochta.

2.   Cóipeanna de shaothair nó d'ábhar eile a dhéantar i gcomhlíonadh mhír 1, déanfar iad a stóráil le leibhéal iomchuí slándála agus féadfar iad a choinneáil chun críocha taighde eolaíochta, lena n-áirítear chun torthaí taighde a fhíorú.

3.   Beidh cead ag sealbhóirí cirt bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil agus sláine na líonraí agus na mbunachar sonraí a áirithiú sa suíomh ina bhfuil na saothair nó an t-ábhar eile á óstáil nó á n-óstáil. Ní rachaidh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

4.   Déanfaidh na Ballstáit sealbhóirí cirt, eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha a spreagadh chun dea-chleachtais atá comhaontaithe i gcoiteann a shainiú i dtaca leis an oibleagáid agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi seach a chur i bhfeidhm.

Airteagal 5

Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go bhféadfar saothair agus ábhar eile a úsáid go digiteach chun iad a léiriú le haghaidh teagaisc agus chuige sin amháin, a mhéid a bheidh call leis mar gheall ar an gcríoch neamhthráchtála atá le baint amach, ar choinníoll i dtaobh na húsáide sin:

(a)

go dtarlaíonn sí faoi fhreagracht forais oideachais, nó ina áitreabh nó ag ionaid eile, nó trí thimpeallacht leictreonach shlán nach bhfuil rochtain air ach ag daltaí nó mic léinn an fhorais oideachais agus foireann teagaisc an fhorais oideachais; agus

(b)

go mbíonn ag gabháil léi tásc i dtaobh na foinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh.

2.   D'ainneoin Airteagal 7(1), féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó ag an teorainn a ghlactar de bhun mhír 1 nó nach mbeidh feidhm aici a mhéid a bhaineann le húsáidí nó cineálacha sonracha saothar nó ábhair eile, amhail ábhar atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais nó bileoga ceoil, sa mhéid is go mbeidh fáil éasca sa mhargadh ar cheadúnais oiriúnacha lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a chlúdaíonn riachtanais agus sonraíochtaí na bhforais oideachais.

Na Ballstáit a chinneann leas a bhaint as an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na ceadúnais lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo infhaighte agus infheicthe ar bhealach iomchuí le haghaidh forais oideachais.

3.   Úsáid saothar agus ábhair eile chun críche léirithe le haghaidh teagaisc, agus chuige sin amháin, trí thimpeallachtaí leictreonacha slána a dhéantar i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta, arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, measfar nach mbeidh sí ar siúl ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil an foras oideachais bunaithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh cothrom do shealbhóirí cirt as úsáid a saothar nó a n-ábhair eile de bhun mhír 1.

Airteagal 6

Oidhreacht chultúrtha a chaomhnú

Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann cóipeanna a dhéanamh de shaothar ar bith nó d'ábhar eile ar bith atá ina mbailiúcháin go buan, i bhformáid ar bith nó i meán ar bith, chun na saothair sin nó an t-ábhar sin a chaomhnú agus a mhéid is gá chun iad a chaomhnú ar an dóigh sin.

Airteagal 8

Úsáid á baint ag institiúidí oidhreachta cultúrtha as saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

1.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh eagraíocht chomhbhainistíochta, i gcomhréir lena sainorduithe ó shealbhóirí cirt, ceadúnas neamheisiach a thabhairt i gcrích chun críocha neamhthráchtála le hinstitiúid oidhreachta cultúrtha chun saothair nó ábhar eile, atá go buan i mbailiúchán na institiúide sin, nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, a atáirgeadh, a dháileadh nó a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal, gan beann ar cibé a bhfuil sainordú tugtha don eagraíocht chomhbhainistíochta ag na sealbhóirí cirt go léir a chlúdaítear leis an gceadúnas, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá ina n-ábhar don cheadúnas; agus

(b)

go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt i ndáil le téarmaí an cheadúnais.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh insititiúidí oidhreachta cultúrtha in ann, chun críocha neamhthráchtála, saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá go buan ina mbailiúcháin a chur ar fáil, ar choinníoll:

(a)

go sonraítear ainm an údair nó aon sealbhóir cirt eile is inaitheanta, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh; agus

(b)

go ndéantar na saothair nó ábhar eile sin a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin neamhthráchtála.

3.   Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 ach amháin maidir le cineálacha saothair nó ábhar eile nach bhfuil aon eagraíocht chomhbhainistíochta ann ina leith agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 1.

4.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh na sealbhóirí cirt go léir, ag aon tráth agus go héasca agus go héifeachtúil, a saothar nó ábhar eile a eisiamh ón sásra ceadúnaithe atá leagtha amach i mír 1 nó ón eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 a chur i bhfeidhm, bíodh sin go ginearálta nó i gcásanna sonracha, lena n-áirítear tar éis ceadúnas a bheith tugtha i gcrích nó tar éis tús a bheith curtha leis an úsáid lena mbaineann.

5.   Measfar saothar nó ábhar eile gan a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás inar féidir a thoimhdiú de mheon macánta nach bhfuil an saothar nó an t-ábhar eile ina iomláine ar fáil don phobal trí ghnáthmhodhanna tráchtála agus tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta chun a dhéanamh amach an bhfuil sé ar fáil don phobal.

Féadfaidh na Ballstáit foráil do cheanglais shonracha, amhail dáta scoite, lena chinneadh an bhféadfar saothair nó ábhar eile a cheadúnú i gcomhréir le mír 1 nó an bhféadfar iad a úsáid faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2. Ní rachaidh na ceanglais sin thar a bhfuil riachtanach agus réasúnach, agus ní choiscfear leo an fhéidearthacht a chinneadh maidir le sraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil siad ina n-iomláine ar fáil ar bhonn tráchtála, i gcás inar réasúnach a thoimhdiú nach bhfuil na saothair agus ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála.

6.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach ceadúnas dá dtagraítear i mír 1 le lorg ó eagraíocht chomhbhainistíochta atá ina hionadaí don Bhallstát san áit a bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le sraitheanna de shaothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála más rud é, ar bhonn an díchill réasúnaigh dá dtagraítear i mír 5, go bhfuil fianaise ann go bhfuil na sraitheanna comhdhéanta den chuid is mó díobh seo a leanas:

(a)

saothair nó ábhar eile seachas saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a céadfhoilsíodh nó, in éagmais a bhfoilsithe, a céadchraoladh i dtríú tír;

(b)

saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a bhfuil a gceanncheathrú ag a léiritheoirí i dtríú tír, nó a bhfuil gnáthchónaí ar a léiritheoirí i dtríú tír; nó

(c)

saothair nó ábhar eile de chuid náisiúnaigh tríú tír i gcás, tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta, nárbh fhéidir Ballstát ná tríú tír a chinneadh, de bhun phointí (a) agus (b).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíoch a dóthain, de réir bhrí phointe (a) de mhír 1, do shealbhóirí cirt an tríú tír ábhartha.

Airteagal 12

Comhcheadúnú le héifeacht leathnaithe

1.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, a mhéid a bhaineann leis an úsáid ar a gcríoch náisiúnta agus faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear san Airteagal seo, nuair a dhéanann eagraíocht chomhbhainistíochta, atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme agus i gcomhréir lena sainorduithe ó na sealbhóirí cirt, comhaontú ceadúnaithe ar mhaithe le saothair nó ábhar eile a shaothrú:

(a)

go bhféadfar comhaontú den sórt sin a leathnú chun go mbeadh feidhm aige maidir le cearta na sealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht chomhbhainistíochta sin ionadaíocht a dhéanamh dóibh trí bhíthin sannta, ceadúnais nó aon socrú conarthach eile; nó

(b)

i ndáil le comhaontú den sórt sin, go bhfuil sainordú dlíthiúil ag an eagraíocht nó go dtoimhdítear go ndéanann sí ionadaíocht do shealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht dá réir.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar an sásra ceadúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach laistigh de réimsí dea-shainithe úsáide ina bhfuil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair go hiondúil dochraideach agus neamhphraiticiúil sa mhéid agus go bhfágtar an t-idirbheart ceadúnaithe atá ag teastáil neamhdhóchúil mar gheall ar chineál na húsáide nó na cineálacha saothar nó ábhar eile i dtrácht agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh an sásra ceadúnaithe sin leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt a choimirciú.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis na coimircí seo a leanas:

(a)

go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá faoi réir an cheadúnais don Bhallstát ábhartha;

(b)

go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt, lena n-áirítear i ndáil le téarmaí an cheadúnais;

(c)

go bhféadfaidh sealbhóirí cirt nár thug údarú don eagraíocht atá ag deonú an cheadúnais, tráth ar bith agus go héasca agus go héifeachtúil, a saothar nó ábhar eile a eisiamh as an sásra ceadúnaithe a bhunaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo; agus

(d)

go bhfuil bearta poiblíochta iomchuí déanta, ag tosú ó thréimhse réasúnach sula ndéantar na saothair nó ábhar eile a úsáid faoin gceadúnas, chun sealbhóirí cirt a chur ar an eolas i ndáil leis an gcumas atá ag eagraíocht chomhbhainistíochta saothair nó ábhar eile a chur faoi cheadúnas, faoin gceadúnú atá ag tarlú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus faoi na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá dtagraítear i bpointe (c). Beidh na bearta poiblíochta éifeachtach gan an gá ann gach sealbhóir cirt a chur ar an eolas duine ar dhuine.

4.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do chur i bhfeidhm sásraí comhcheadúnaithe ag a bhfuil éifeacht leathnaithe i gcomhréir le forálacha eile dhlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha a cheadaíonn d'eisceachtaí nó teorainneacha.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhbhainistiú éigeantach ar chearta.

Beidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/26/AE maidir leis an sásra ceadúnaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo.

5.   I gcás ina bhforálann Ballstát ina dhlí náisiúnta do shásra ceadúnaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát sin an Coimisiún ar chur ar an eolas i dtaobh raon feidhme na bhforálacha náisiúnta comhfhreagracha, faoi na críocha agus na cineálacha ceadúnais a fhéadfar a thabhairt isteach faoi na forálacha sin, faoi na mionsonraí teagmhála d'eagraíochtaí a eisíonn ceadúnais i gcomhréir leis an sásra ceadúnaithe, mar aon leis an mbealach inar féidir faisnéis i dtaobh an cheadúnaithe agus i dtaobh na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 a fháil. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin.

6.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus ar na comhairliúcháin laistigh den choiste teagmhála arna bhunú in Airteagal 12(3) de Threoir 2001/29/CE, déanfaidh an Coimisiún, faoin 10 Aibreán 2021, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le húsáid na sásraí ceadúnaithe sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san Aontas, an tionchar atá acu ar cheadúnú agus ar shealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí iad den eagraíocht a dheonaíonn na ceadúnais nó ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad nó atá ina gcónaí i mBallstát eile, a n-éifeachtúlacht a mhéid a bhaineann le scaipeadh inneachar cultúrtha a éascú, agus an tionchar atá acu ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear soláthar seirbhísí agus iomaíochas trasteorann. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach, lena n-áirítear i ndáil le héifeacht trasteorann na sásraí náisiúnta sin, ag gabháil leis an tuarascáil sin.

CAIBIDIL 3

Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh

Airteagal 22

Ceart cúlghairme

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás údar nó taibheoir a bhfuil a chuid nó a cuid cearta i saothar nó ábhar cosanta eile curtha faoi cheadúnas nó aistrithe aige ar bhonn eisiach, go bhféadfaidh an t-údar nó taibheoir an ceadúnas nó an t-aistriú ar chearta a chúlghairm ina iomláine nó go páirteach má tá easpa saothraithe ann i ndáil leis an obair nó leis an ábhar cosanta eile.

2.   Féadfar forálacha sonracha don sásra cúlghairme dá bhforáiltear i mír 1, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

sonraíochtaí na n-earnálacha éagsúla agus na cineálacha éagsúla saothar agus taibhithe; agus

(b)

i gcás ina bhfuil rannchuidiú ó níos mó ná údar nó taibheoir amháin i saothar nó ábhar eile, tábhacht choibhneasta na rannchuidithe aonair agus leasanna dlisteanacha na n-údar agus taibheoirí uile a ndéanfar difear dóibh ar scór chur i bhfeidm an tsásra cúlghairme ag údar nó taibheoir aonair.

Féadfaidh na Ballstáit saothair nó ábhar eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm an tsásra chúlghairme más rud é gur gnách do shaothair den sórt sin nó ábhar eile rannchuidithe ó roinnt údar nó taibheoirí a bheith iontu.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach féidir an sásra cúlghairme a chur i bhfeidhm ach amháin laistigh de chreat ama sonrach i gcás ina bhfuil an srianadh sin cuí-réasúnaithe ar scór shonraíochtaí na hearnála nó ar scór an chineáil saothair nó ábhair eile i dtrácht.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údair nó taibheoirí an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnas a chúlghairm nó na cearta a aistriú.

3.   Forálfaidh na Ballstáit nach bhféadfar an chúlghairm dá bhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin i ndiaidh tréimhse réasúnach ama tar éis an ceadúnas nó aistriú na gceart a bheith tugtha i gcrích. Tabharfaidh an t-údar nó an taibheoir fógra don duine chuig a bhfuil na cearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe, agus socróidh sé sprioc-am iomchuí a mbeidh saothrú na gceart faoi cheadúnas nó aistrithe le tarlú roimhe. I ndiaidh don sprioc-am sin a dhul in éag, féadfaidh an t-údar nó an taibheoir an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnas nó aistriú na gceart a chúlghairm.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 más ann d'easpa shaothrú na gceart go príomha mar gheall ar imthosca ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh an t-údar nó an taibheoir in ann iad a leigheas.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh aon fhoráil chonarthach a mhaolaíonn ón sásra cúlghairme dá bhforáiltear i mír 1 infhorfheidhmithe ach amháin má tá sí bunaithe ar chomhaontú cómhargála.

Airteagal 24

Leasuithe ar Threoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE

1.   Leasaítear Treoir 96/9/CE mar a leanas:

(a)

In Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

i gcás úsáid chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta agus chuige sin amháin, ar choinníoll go léireofar an fhoinse agus a mhéid a bhfuil údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí ná do na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).”"

(b)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

i gcás asbhaint chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta, ar choinníoll go léireofar an fhoinse agus a mhéid atá údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí ná do na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790;”.

2.   Leasaítear Treoir 2001/29/CE mar a leanas:

(a)

In Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

i leith gníomhartha sonracha atáirgthe arna ndéanamh ag leabharlanna, ag forais oideachais nó ag músaeim atá inrochtana don phobal, nó ag cartlanna, nach le haghaidh buntáiste eacnamaíoch nó tráchtála díreach nó indíreach iad, gan dochar do na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);”

(*2)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).”"

(b)

In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

úsáid chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta agus chuige sin amháin, ar choinníoll go léireofar an fhoinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh, agus a mhéid atá údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790;”.

(c)

In Airteagal 12(4), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(e)

tionchar thrasuí Threoir (AE) 2019/790 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a scrúdú, agus aird a tharraingt ar aon deacrachtaí trasuite;

(f)

malartú faisnéise a éascú ar fhorbairtí ábhartha sa reachtaíocht agus sa chásdlí mar aon le cur i bhfeidhm praiticiúil na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit chun Treoir (AE) 2019/790 a chur chun feidhme;

(g)

plé a dhéanamh ar aon cheisteanna eile a eascróidh as Treoir (AE) 2019/790 a chur i bhfeidhm;”.

Airteagal 29

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 7 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.


whereas









keyboard_arrow_down