search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA cercato: 'institiúid' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index institiúid:


whereas institiúid:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 502

 

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “eagraíocht taighde” ollscoil, lena n-áirítear a cuid leabharlanna, institiúid taighde nó eintiteas ar bith eile arb é a bpríomhsprioc taighde eolaíochta a sheoladh nó gníomhaíochtaí oideachais a dhéanamh a bhfuil i gceist leis na gníomhaíochtaí sin freisin taighde eolaíochta a sheoladh:

(a)

ar bhonn neamhbhrabúis nó trí na brabúis go léir a athinfheistiú ina taighde eolaíochta nó ina thaighde eolaíocht; nó

(b)

de bhun misean chun leasa an phobail atá aitheanta ag Ballstát;

ar bhealach a fhágann nach féidir gnóthas a imríonn tionchar cinntitheach ar eagraíocht den sórt sin rochtain a fháil ar na torthaí arna nginiúint le taighde eolaíochta den sórt sin ar bhonn fabhrach;

(2)

ciallaíonn “mianadóireacht téacsanna agus sonraí” teicníc anailíseach uathoibrithe ar bith arb é is aidhm di anailís a dhéanamh ar théacsanna agus ar shonraí i bhfoirm dhigiteach chun faisnéis a ghiniúint a áiríonn patrúin, treochtaí agus comhghaoil, ach nach bhfuil teoranta dóibh sin amháin;

(3)

ciallaíonn “institiúid oidhreachta cultúrtha” leabharlann nó músaem atá inrochtana don phobal, cartlann nó institiúid oidhreachta scannáin nó fuaime;

(4)

ciallaíonn “preasfhoilseachán” bailiúcháin atá comhdhéanta go príomha de shaothair liteartha de chineál iriseoireachta, ach ar féidir saothair nó ábhar eile a áireamh iontu, agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

is mír aonair é laistigh de thréimhseachán nó d'fhoilseachán a thugtar cothrom le dáta ar bhonn rialta faoi aon teideal amháin, amhail nuachtán nó iris spéise ginearálta nó iris sainspéise;

(b)

tá sé mar chuspóir aige faisnéis a sholáthar don phobal i gcoitinne a bhaineann le nuacht nó le topaicí eile; agus

(c)

foilsítear é i meán ar bith faoi thionscnamh soláthraí seirbhíse, faoina fhreagracht eagarthóireachta agus faoina rialú.

Tréimhseacháin a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíochta, ní preasfhoilseacháin iad chun críocha na Treorach seo;

(5)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” seirbhís de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 1(1) de Theoir (AE) 2015/1535;

(6)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise arb é a phríomhchuspóir nó ceann dá chuid príomhchuspóirí lear mór de shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ábhar cosanta eile, arna n-uaslódáil ag a úsáideoirí, a stóráil nó rochtain phoiblí orthu a thabhairt, agus arb é féin a eagraíonn an tseirbhís agus a chuireann chun cinn í chun críocha brabús a dhéanamh.

Soláthraithe seirbhíse, amhail ciclipéid ar líne neamhbhrabúsmhara, taisclanna oideachais agus eolaíochta neamhbhrabúsmhara, ardáin forbartha agus comhroinnte bogearraí foinse oscailte, soláthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972, margaí ar líne agus néalseirbhísí gnó le gnó agus néalseirbhísí a cheadaíonn d'úsáideoirí inneachar a uaslódáil dá n-úsáid féin, ní “soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” de réir bhrí na Treorach seo iad.

TEIDEAL II

BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN

Airteagal 3

Mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo i gcás atáirgí agus asbhaintí a dhéanann eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha chun mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar shaothair nó ar ábhar eile a bhfuil rochtain dhleathach acu orthu chun críocha taighde eolaíochta.

2.   Cóipeanna de shaothair nó d'ábhar eile a dhéantar i gcomhlíonadh mhír 1, déanfar iad a stóráil le leibhéal iomchuí slándála agus féadfar iad a choinneáil chun críocha taighde eolaíochta, lena n-áirítear chun torthaí taighde a fhíorú.

3.   Beidh cead ag sealbhóirí cirt bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil agus sláine na líonraí agus na mbunachar sonraí a áirithiú sa suíomh ina bhfuil na saothair nó an t-ábhar eile á óstáil nó á n-óstáil. Ní rachaidh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

4.   Déanfaidh na Ballstáit sealbhóirí cirt, eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha a spreagadh chun dea-chleachtais atá comhaontaithe i gcoiteann a shainiú i dtaca leis an oibleagáid agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi seach a chur i bhfeidhm.

Airteagal 6

Oidhreacht chultúrtha a chaomhnú

Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann cóipeanna a dhéanamh de shaothar ar bith nó d'ábhar eile ar bith atá ina mbailiúcháin go buan, i bhformáid ar bith nó i meán ar bith, chun na saothair sin nó an t-ábhar sin a chaomhnú agus a mhéid is gá chun iad a chaomhnú ar an dóigh sin.

Airteagal 8

Úsáid á baint ag institiúidí oidhreachta cultúrtha as saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

1.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh eagraíocht chomhbhainistíochta, i gcomhréir lena sainorduithe ó shealbhóirí cirt, ceadúnas neamheisiach a thabhairt i gcrích chun críocha neamhthráchtála le hinstitiúid oidhreachta cultúrtha chun saothair nó ábhar eile, atá go buan i mbailiúchán na institiúide sin, nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, a atáirgeadh, a dháileadh nó a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal, gan beann ar cibé a bhfuil sainordú tugtha don eagraíocht chomhbhainistíochta ag na sealbhóirí cirt go léir a chlúdaítear leis an gceadúnas, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá ina n-ábhar don cheadúnas; agus

(b)

go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt i ndáil le téarmaí an cheadúnais.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh insititiúidí oidhreachta cultúrtha in ann, chun críocha neamhthráchtála, saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá go buan ina mbailiúcháin a chur ar fáil, ar choinníoll:

(a)

go sonraítear ainm an údair nó aon sealbhóir cirt eile is inaitheanta, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh; agus

(b)

go ndéantar na saothair nó ábhar eile sin a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin neamhthráchtála.

3.   Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 ach amháin maidir le cineálacha saothair nó ábhar eile nach bhfuil aon eagraíocht chomhbhainistíochta ann ina leith agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 1.

4.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh na sealbhóirí cirt go léir, ag aon tráth agus go héasca agus go héifeachtúil, a saothar nó ábhar eile a eisiamh ón sásra ceadúnaithe atá leagtha amach i mír 1 nó ón eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 a chur i bhfeidhm, bíodh sin go ginearálta nó i gcásanna sonracha, lena n-áirítear tar éis ceadúnas a bheith tugtha i gcrích nó tar éis tús a bheith curtha leis an úsáid lena mbaineann.

5.   Measfar saothar nó ábhar eile gan a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás inar féidir a thoimhdiú de mheon macánta nach bhfuil an saothar nó an t-ábhar eile ina iomláine ar fáil don phobal trí ghnáthmhodhanna tráchtála agus tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta chun a dhéanamh amach an bhfuil sé ar fáil don phobal.

Féadfaidh na Ballstáit foráil do cheanglais shonracha, amhail dáta scoite, lena chinneadh an bhféadfar saothair nó ábhar eile a cheadúnú i gcomhréir le mír 1 nó an bhféadfar iad a úsáid faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2. Ní rachaidh na ceanglais sin thar a bhfuil riachtanach agus réasúnach, agus ní choiscfear leo an fhéidearthacht a chinneadh maidir le sraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil siad ina n-iomláine ar fáil ar bhonn tráchtála, i gcás inar réasúnach a thoimhdiú nach bhfuil na saothair agus ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála.

6.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach ceadúnas dá dtagraítear i mír 1 le lorg ó eagraíocht chomhbhainistíochta atá ina hionadaí don Bhallstát san áit a bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le sraitheanna de shaothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála más rud é, ar bhonn an díchill réasúnaigh dá dtagraítear i mír 5, go bhfuil fianaise ann go bhfuil na sraitheanna comhdhéanta den chuid is mó díobh seo a leanas:

(a)

saothair nó ábhar eile seachas saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a céadfhoilsíodh nó, in éagmais a bhfoilsithe, a céadchraoladh i dtríú tír;

(b)

saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a bhfuil a gceanncheathrú ag a léiritheoirí i dtríú tír, nó a bhfuil gnáthchónaí ar a léiritheoirí i dtríú tír; nó

(c)

saothair nó ábhar eile de chuid náisiúnaigh tríú tír i gcás, tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta, nárbh fhéidir Ballstát ná tríú tír a chinneadh, de bhun phointí (a) agus (b).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíoch a dóthain, de réir bhrí phointe (a) de mhír 1, do shealbhóirí cirt an tríú tír ábhartha.

Airteagal 9

Úsáidí trasteorann

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh ceadúnais arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 8 a cheadú d'institiúidí oidhreachta cultúrtha in aon Bhallstát saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid.

2.   Maidir le húsáidí a bhaintear as saothair agus ábhar eile atá faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), measfar nach dtarlóidh siad ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil gnóthas na hinstitiúide oidhreachta cultúrtha bunaithe.

Airteagal 10

Bearta poiblíochta

1.   Maidir le faisnéis ó institiúidí oidhreachta cultúrtha, eagraíochtaí comhbhainistíochta nó údaráis phoiblí ábhartha chun críocha saothair nó ábhar eile a shainaithint nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá clúdaithe le ceadúnas arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó a úsáidtear faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), chomh maith le faisnéis maidir leis na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá bhforáiltear in Airteagal 8(4), agus, a luaithe a bhíonn fáil uirthi nó a bhíonn sí ábhartha, faisnéis maidir leis na páirtithe sa cheadúnas, na críocha atá clúdaithe agus na húsáidí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rochtain orthu sin a chur ar fáil go buan, go héasca agus go héifeachtúil as tairseach aonair phoiblí ar líne amháin ó 6 mhí ar a laghad sula ndéanfar na saothair nó an t-ábhar eile a dháileadh, a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an gceadúnas nó faoin eisceacht nó teorainn.

Déanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh an tairseach a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 386/2012.

2.   Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfar, más gá sin ar mhaithe le feasacht ghinearálta na sealbhóirí cirt, bearta poiblíochta iomchuí eile i ndáil leis an gcumas atá ag eagraíochtaí comhbhainistíochta saothair nó ábhar eile a chur faoi cheadúnas i gcomhréir le hAirteagal 8, i ndáil leis na ceadúnais a dheonaítear, agus i ndáil leis na húsáidí faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) agus i ndáil leis na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt a dtagraítear dóibh in Airteagal 8(4).

Déanfar na bearta poiblíochta iomchuí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seosa Bhallstát ina bhfuil an ceadúnas á lorg i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó, i gcás úsáidí faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe. Má tá fianaise ann, amhail tionscnamh na saothar nó an ábhair eile, a thabharfadh le tuiscint gur éifeachtúla a bheadh sé feasacht na sealbhóirí cirt a mhúscailt i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha, clúdóidh na bearta poiblíochta sin na Ballstáit agus na tríú tíortha sin freisin.

Airteagal 11

Idirphlé na ngeallsealbhóirí

Rachaidh na Ballstáit i gcomhchomhairle le sealbhóirí cirt, le heagraíochtaí comhbhainistíochta agus le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha i ngach earnáil sula mbunófar ceanglais shonracha de bhun Airteagal 8(5), agus spreagfaidh siad idirphlé ar bhonn rialta idir eagraíochtaí ionadaíocha na n-úsáideoirí agus na sealbhóirí cirt, lena n-áirítear eagraíochtaí comhbhainistíochta, agus aon eagraíochtaí geallsealbhóra ábhartha eile, ar bhonn earnáilsonrach, chun ábharthacht agus inúsáidteacht na sásraí ceadúnaithe a leagtar amach in Airteagal 8(1) a chothú agus chun a áirithiú go bhfuil na coimircí do shealbhóirí cirt dá dtagraítear sa Chaibidil seo éifeachtach.

CAIBIDIL 2

Bearta chun comhcheadúnú a éascú


whereas









keyboard_arrow_down