(2) Na treoracha arna nglacadh i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, rannchuidíonn siad le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanann siad foráil maidir le ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt, éascaíonn siad imréiteach na gceart, agus cruthaíonn siad creat inar féidir saothair agus ábhar cosanta eile a shaothrú.
Cuireann an creat dlí comhchuibhithe sin le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh, agus spreagann sé nuálaíocht, cruthaíocht, infheistiú agus táirgeadh inneachair nua, sa timpeallacht dhigiteach freisin, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a sheachaint.
Chomh maith leis sin, cuireann an chosaint a chuirtear ar fáil leis an gcreat dlí sin le cuspóir an Aontais éagsúlacht chultúrtha a urramú agus a chur chun cinn, agus ag an am céanna comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a thabhairt chun suntais. Le hAirteagal 167(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar an Aontas aird a thabhairt ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht.
- = -
(3) Athraíonn an chaoi a ndéantar saothair agus ábhar eile a chruthú, a tháirgeadh, a dháileadh agus a shaothrú i gcónaí a bhuí le forbairtí gasta teicneolaíochta.
Bíonn samhlacha nua gnó agus gníomhairí nua ag teacht chun cinn an t-am ar fad.
Ní mór don reachtaíocht ábhartha a bheith in ann seasamh i bhfad na haimsire ionas nach gcuirfear srian leis an bhforbairt theicneolaíoch.
Tá na cuspóirí agus prionsabail a leagtar síos le creat cóipchirt an Aontais fónta i gcónaí.
Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann fós, áfach, do shealbhóirí cirt agus d'úsáideoirí araon, maidir le húsáidí áirithe de shaothair agus d'ábhar eile sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear úsáidí trasteorann.
Mar atá ráite i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2015 dar teideal Towards a modern, more European copyright framework (“I dtreo creat cóipchirt níos nua-aimseartha agus níos Eorpaí”), i réimsí áirithe is gá creat cóipchirt reatha an Aontais a oiriúnú agus a fhorlíonadh, agus ardleibhéal cosanta i dtaca le cóipcheart agus cearta gaolmhara á choinneáil.
Déantar foráil leis an Treoir seo maidir le rialacha chun eisceachtaí áirithe agus teorainneacha áirithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara a oiriúnú don timpeallacht dhigiteach agus don timpeallacht trasteorann, agus maidir le bearta chun cleachtais cheadúnaithe áirithe a éascú, go háirithe maidir le scaipeadh saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus ábhar eile agus maidir le saothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh a bheith ar fáil ar líne, ach gan bheith teoranta dóibh sin, d'fhonn rochtain níos fairsinge ar inneachar a áirithiú.
Tá rialacha ann freisin chun úsáid an inneachair san fhearann poiblí a éascú.
Chun margadh dea-fheidhmithe agus cothrom le haghaidh an chóipchirt a bhaint amach, ba cheart rialacha a bheith ann freisin maidir le cearta i bhfoilseacháin, maidir le húsáid saothar nó ábhair eile ag soláthraithe seirbhíse ar líne lena stóráiltear inneachar arna uaslódáil ag úsáideoirí agus lena dtugtar rochtain air, maidir le trédhearcacht chonarthaí na n-údar agus na dtaibheoirí, maidir le luach saothair údar agus taibheoirí, chomh maith le sásra chun na cearta a dhéanann údair agus taibheoirí a aistriú ar bhonn eisiach a chúlghairm.
- = -
(5) I réimsí na taighde, na nuálaíochta, an oideachais agus chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, ceadaíonn teicneolaíochtaí digiteacha cineálacha nua úsáidí nach gcumhdaítear go soiléir i rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le heisceachtaí agus le teorainneacha.
Sa bhreis air sin, d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cineál roghnach na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i dTreoracha 96/9/CE, 2001/29/CE agus 2009/24/CE sna réimsí sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Tá sé seo ábhartha go háirithe maidir le húsáidí trasteorann, atá ag éirí níos tábhachtaí sa timpeallacht dhigiteach.
Ba cheart, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na heisceachtaí agus ar na teorainneacha atá ann cheana i ndlí an Aontais is ábhartha i gcás taighde eolaíochta, nuálaíochta, múineadh agus chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, i bhfianaise na n-úsáidí nua sin.
Ba cheart eisceachtaí sainordaitheacha nó teorainneacha sainordaitheacha a thabhairt isteach i gcás úsáidí teicneolaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí, i gcás léiriú ar mhaithe le teagasc sa timpeallacht dhigiteach agus i gcás chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
Ba cheart do na heisceachtaí agus na teorainneacha atá ann cheana i ndlí an Aontais leanúint d'fheidhm a bheith acu, lena n-áirítear i ndáil le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, oideachas agus gníomhaíochtaí caomhnaithe, fad is nach gcuireann siad teorainn le raon feidhme na n-eisceachtaí sainordaitheacha nó na dteorainneacha sainordaitheacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, ar gá do na Ballstáit iad a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE a leasú.
- = -
(8) Cumasaíonn teicneolaíochtaí nua an uathanailís ríomhaireachtúil ar fhaisnéis i bhfoirm dhigiteach, amhail téacs, fuaimeanna, íomhánna nó sonraí, ar a dtugtar go ginearálta mianadóireacht téacsanna agus sonraí.
Le mianadóireacht téacs agus sonraí, is féidir méideanna móra faisnéise a phróiseáil d'fhonn eolas nua a ghnóthú agus treochtaí nua a fhionnadh.
Tá teicneolaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí coitianta ar fud an gheilleagair dhigitigh; glactar leis go forleathan, áfach, gur féidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí a bheith chun tairbhe an phobail taighde agus, le linn déanamh amhlaidh tacú le nuálaíocht.
Téann teicneolaíochtaí den sórt sin chun tairbhe na n-ollscoileanna agus na n-eagraíochtaí taighde eile agus na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha, ós rud é go bhféadfaidís freisin taighde a chur i gcrích i gcomhthéacs a bpríomhghníomhaíochtaí.
San Aontas, áfach, caithfidh eagraíochtaí agus institiúidí den sórt sin aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht dhlíthiúil ó thaobh a mhéid is féidir leo mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar inneachar.
I gcásanna áirithe, le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, is féidir gníomhaíochtaí a bheith i gceist atá faoi chosaint ag cóipcheart, ag ceart ar bhunachar sonraí sui generis nó ag an dá rud, go háirithe saothair nó ábhar eile a atáirgeadh, inneachar a asbhaint as bunachar sonraí nó an dá rud, rud a tharlaíonn mar shampla i gcás ina ndéantar na sonraí a normalú le linn phróiseas na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
I gcás nach ann d'eisceacht ná teorainn a bhfuil feidhm aici, tá gá le húdarú ó shealbhóirí cirt chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh.
- = -
(10) Déantar foráil i ndlí an Aontais d'eisceachtaí agus do theorainneacha áirithe lena gcumhdaítear úsáidí chun críocha taighde eolaíochta a bhféadfar feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
Tá na heisceachtaí agus na teorainneacha sin roghnach, áfach, agus níl siad oiriúnaithe go hiomlán d'úsáid na dteicneolaíochtaí i dtaighde eolaíochta.
Thairis sin, i gcás ina bhfuil rochtain dhleathach ag taighdeoirí ar inneachar, mar shampla trí shíntiúis le foilseacháin nó trí cheadúnais oscailte, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí mianadóireacht téacsanna agus sonraí a eisiamh ó théarmaí na gceadúnas. Agus taighde á dhéanamh níos minice agus níos minice le cúnamh ó theicneolaíocht dhigiteach, tá baol ann, mura ndéanfar bearta chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil maidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, go mbeadh seasamh iomaíoch an Aontais mar limistéar taighde thíos leis.
- = -
(19) Le pointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE, ceadaítear do na Ballstáit eisceacht nó teorainn a thabhairt isteach ar na cearta atáirgthe, ar shaothar nó ábhar eile a chur in iúl don phobal agus a chur ar fáil don phobal sa chaoi is go bhféadfaidh daoine den phobal rochtain a fháil orthu ó áit nó ag am atá roghnaithe acu ina n-aonar, chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin.
Sa bhreis air sin, ceadaítear, le pointe (b) d'Airteagal 6(2) agus le pointe (b) d'Airteagal 9 de Threoir 96/9/CE, úsáid bunachair sonraí agus asbhaint cuid shuntasach dá ábhair chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc.
Tá raon feidhme na n-eisceachtaí nó na dteorainneacha sin mar atá feidhm acu maidir le húsáidí digiteacha doiléir.
Sa bhreis air sin, tá easpa soiléireachta ann i dtaobh an mbeadh feidhm ag na heisceachtaí nó ag na teorainneacha sin i gcás go gcuirfí an teagasc ar fáil ar líne agus ar mhodh cianoideachais. Thairis sin, ní dhéantar foráil leis an gcreat dlí atá ann cheana maidir le héifeacht trasteorann.
Féadfaidh an cúinse sin treampán a chur ar fhorbairt gníomhaíochtaí teagaisc a bhfuil tacaíocht dhigiteach ag gabháil leo agus ar chianfhoghlaim.
Dá bhrí sin, is gá eisceacht shainordaitheach nua nó teorainn shainordaitheach nua a thabhairt isteach chun a áirithiú go dtairbheoidh forais oideachais de dheimhneacht dhlíthiúil iomlán nuair a bhíonn saothair nó ábhar eile á n-úsáid acu i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha, lena n-áirítear ar líne agus thar theorainneacha.
- = -
(28) Ní gá go mbeidh na hacmhainní teicniúla nó an saineolas teicniúil ag institiúidí oidhreachta cultúrtha chun na gníomhartha is gá a dhéanamh chun a mbailiúcháin féin a chaomhnú, go háirithe sa timpeallacht dhigiteach, agus dá bhrí sin, d'fhéadfaidís dul ar iontaoibh cúnamh ó institiúidí cultúrtha eile agus ó thríú páirtithe eile chun na críche sin.
Faoin eisceacht chun críocha caomhnaithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart a cheadú d'institiúidí oidhreachta cultúrtha brath ar thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann agus faoina bhfreagracht, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe i mBallstáit eile, chun cóipeanna a dhéanamh.
- = -
(46) I bhfianaise a thábhachtaí atá an cumas réitigh sholúbtha ceadúnaithe a thairiscint sa ré dhigiteach, agus i bhfianaise úsáid mhéadaithe na scéimeanna sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le sásraí ceadúnúcháin lena gceadaítear d'eagraíochtaí comhbhainistíochta ceadúnais a thabhairt i gcrích, ar bhonn deonach, gan beann ar cibé an bhfuil údarú tugtha ag gach sealbhóir cirt don eagraíocht déanamh amhlaidh.
Ba cheart go mbeadh sé ar chumas na mBallstát scéimeanna den sórt sin a chothabháil agus a thabhairt isteach i gcomhréir lena dtraidisiúin, a gcleachtais nó a n-imthosca náisiúnta, faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais agus d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Ní bheadh éifeacht ag na scéimeanna sin ach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt i ndlí an Aontais. Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit maidir le roghnú chineál sonrach an tsásra lena gceadaítear ceadúnais do shaothair nó ábhar eile a leathnú chuig cearta sealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht a dhéanann an comhaontú a thabhairt i gcrích, ar choinníoll go bhfuil an sásra sin i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le comhbhainistíocht ar chearta dá bhforáiltear i dTreoir 2014/26/AE.
Go háirithe, ba cheart a áirithiú leis na scéimeanna sin freisin go mbeidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/26/AE maidir le sealbhóirí cirt nach bhfuil ina gcomhaltaí den eagraíocht a dhéanann an comhaontú a thabhairt i gcrích.
Féadfar comhcheadúnú leathnaithe, sainordú dlíthiúil agus toimhdí ionadaíochta a áireamh sna sásraí sin.
Níor cheart go ndéanfadh forálacha na Treorach seo maidir le comhcheadúnú difear do na féidearthachtaí atá ag na Ballstáit cheana comhbhainistíocht éigeantach ceart nó sásraí comhcheadúnúcháin eile a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo a chur i bhfeidhm, amhail í sin atá san áireamh in Airteagal 3 de Threoir 93/83/CEE ón gComhairle (12).
- = -
(53) Ar dhul in éag do thréimhse cosanta saothair, tagann an saothar sin isteach san fhearann poiblí agus téann na cearta arna soláthar don saothar sin faoi dlí cóipchirt an Aontais in éag.
I réimse na n-amharc-ealaíon, rannchuidíonn scaipeadh atáirgí dílse de shaothair san fhearann poiblí le rochtain ar an gcultúr agus le cur chun cinn an chultúir, agus rochtain ar oidhreacht chultúrtha.
Sa timpeallacht dhigiteach, tá cosaint na n-atáirgí sin trí chóipcheart nó cearta gaolmhara ar neamhréir le dul in éag chosaint chóipchirt na saothar.
Sa bhreis air sin, de bharr difríochtaí idir na dlíthe cóipchirt náisiúnta lena rialaítear cosaint na n-atáirgí sin, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann agus imrítear tionchar ar scaipeadh trasteorann saothar amharc-ealaíon san fhearann poiblí.
Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú nár cheart atáirgí áirithe saothar amharc-ealaíon sa fhearann poiblí a chosaint le cóipcheart nó le cearta gaolmhara.
Leis sin, níor cheart go gcoiscfí ar institiúidí oidhreachta cultúrtha atáirgí a dhíol, amhail cártaí poist.
- = -