(1) Foráiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go mbunófar margadh inmheánach agus go gcuirfear ar bun córas a áirithíonn nach ndéanfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh.
Le comhchuibhiú tuilleadh ar dhlíthe na mBallstát maidir le cóipcheart agus le cearta gaolmhara, ba cheart rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí sin.
- = -
(3) Athraíonn an chaoi a ndéantar saothair agus ábhar eile a chruthú, a tháirgeadh, a dháileadh agus a shaothrú i gcónaí a bhuí le forbairtí gasta teicneolaíochta.
Bíonn samhlacha nua gnó agus gníomhairí nua ag teacht chun cinn an t-am ar fad.
Ní mór don reachtaíocht ábhartha a bheith in ann seasamh i bhfad na haimsire ionas nach gcuirfear srian leis an bhforbairt theicneolaíoch.
Tá na cuspóirí agus prionsabail a leagtar síos le creat cóipchirt an Aontais fónta i gcónaí.
Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann fós, áfach, do shealbhóirí cirt agus d'úsáideoirí araon, maidir le húsáidí áirithe de shaothair agus d'ábhar eile sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear úsáidí trasteorann.
Mar atá ráite i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2015 dar teideal Towards a modern, more European copyright framework (“I dtreo creat cóipchirt níos nua-aimseartha agus níos Eorpaí”), i réimsí áirithe is gá creat cóipchirt reatha an Aontais a oiriúnú agus a fhorlíonadh, agus ardleibhéal cosanta i dtaca le cóipcheart agus cearta gaolmhara á choinneáil.
Déantar foráil leis an Treoir seo maidir le rialacha chun eisceachtaí áirithe agus teorainneacha áirithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara a oiriúnú don timpeallacht dhigiteach agus don timpeallacht trasteorann, agus maidir le bearta chun cleachtais cheadúnaithe áirithe a éascú, go háirithe maidir le scaipeadh saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus ábhar eile agus maidir le saothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh a bheith ar fáil ar líne, ach gan bheith teoranta dóibh sin, d'fhonn rochtain níos fairsinge ar inneachar a áirithiú.
Tá rialacha ann freisin chun úsáid an inneachair san fhearann poiblí a éascú.
Chun margadh dea-fheidhmithe agus cothrom le haghaidh an chóipchirt a bhaint amach, ba cheart rialacha a bheith ann freisin maidir le cearta i bhfoilseacháin, maidir le húsáid saothar nó ábhair eile ag soláthraithe seirbhíse ar líne lena stóráiltear inneachar arna uaslódáil ag úsáideoirí agus lena dtugtar rochtain air, maidir le trédhearcacht chonarthaí na n-údar agus na dtaibheoirí, maidir le luach saothair údar agus taibheoirí, chomh maith le sásra chun na cearta a dhéanann údair agus taibheoirí a aistriú ar bhonn eisiach a chúlghairm.
- = -
(12) Cuimsíonn eagraíochtaí taighde ar fud an Aontais raon leathan eintiteas a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu taighde eolaíochta a dhéanamh nó é sin a dhéanamh i dteannta soláthar seirbhísí oideachais. Leis an téarma “taighde eolaíochta” de réir bhrí na Treorach seo, ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear na heolaíochtaí nádúrtha agus na heolaíochtaí daonna araon.
Mar thoradh ar éagsúlacht na n-eintiteas sin, tá sé tábhachtach comhthuiscint a bheith ann maidir le heagraíochtaí taighde.
Ba cheart a chumhdach leo, mar shampla, sa bhreis ar ollscoileanna nó institiúidí ardoideachais eile agus a leabharlanna, eintitis amhail institiúidí taighde agus ospidéil a dhéanann taighde.
D'ainneoin foirmeacha dlíthiúla éagsúla agus struchtúir dhlíthiúla éagsúla, go ginearálta tá sé comónta idir eagraíochtaí taighde sna Ballstáit go ngníomhaíonn siad ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misean chun leasa an phobail arna aithint ag an Stát.
D'fhéadfadh misean den sórt sin chun leasa an phobail, mar shampla, a bheith á léiriú trí chistiú poiblí nó trí fhorálacha i ndlíthe náisiúnta nó i gconarthaí poiblí.
Ar an taobh eile den scéal, níor cheart eagraíochtaí a mheas mar eagraíochtaí taighde chun críocha na Treorach seo más eagraíochtaí iad a bhfuil tionchar cinntitheach ag gnóthais tráchtála orthu a fhágann gur féidir le gnóthais den sórt sin rialú a fheidhmiú mar gheall ar chúinsí struchtúrtha, amhail trína cáilíocht mar scairshealbhóir nó mar chomhalta, agus a bhféadfadh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh air sin.
- = -
(18) Sa bhreis ar an tábhacht atá leo i gcomhthéacs taighde eolaíoch, baineann eintitis phríobháideacha agus eintitis phoiblí araon úsáid fhorleathan as teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí chun anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí i réimsí éagsúla den saol agus ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí rialtais, cinntí casta gnó agus forbairt feidhmchlár nó teicneolaíochtaí nua.
Ba cheart do shealbhóirí cirt leanúint de bheith in ann úsáidí a gcuid saothar nó ábhar eile a cheadúnú, ar saothair agus ábhar eile iad a thagann lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sainordaithí dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch agus na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha atá ann cheana agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE.
Ag an am céanna, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfaí go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d'úsáideoirí teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí i dtaobh an féidir atáirgí agus asbhaintí arna ndéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích ar shaothair nó ar ábhar eile arna rochtain go dleathach, go háirithe nuair nach gcomhlíonann na hatáirgí nó na hasbhaintí arna ndéanamh chun críocha an phróisis theicniúil coinníollacha uile na heisceachta atá ann cheana maidir le gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Treoir 2001/29/CE.
Chun foráil a dhéanamh maidir le breis deimhneachta dlíthiúla i gcásanna den sórt sin agus chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach freisin, ba cheart, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht nó le teorainn i gcás atáirgí agus asbhaintí saothar nó ábhair eile, chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí, agus ba cheart cead a thabhairt na cóipeanna a choinneáil a fhad is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
- = -
(54) Tá preas saor agus iolraíoch bunriachtanach chun iriseoireacht ardchaighdeáin agus chun rochtain na saoránach ar fhaisnéis a áirithiú.
Soláthraíonn sé tacaíocht bhunúsach don phlé poiblí agus do dhea-oibriú na sochaí daonlathaí.
Tá seirbhísí nua ar líne tagtha chun cinn mar thoradh ar infhaighteacht fhorleathan na bpreasfhoilseachán ar líne, amhail comhbhailitheoirí nuachta nó seirbhísí faireacháin na meán, arb ionann athúsáid na bpreasfhoilseachán dóibh agus cuid thábhachtach dá samhlacha gnó agus foinse ioncaim.
Tá fadhbanna ag foilsitheoirí preasfhoilseachán maidir le ceadúnais a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí den sórt sin maidir le húsáid ar líne a bhfoilseachán, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos deacra dóibh a gcuid infheistíochtaí a fhorchúiteamh.
In éagmais foilsitheoirí preasfhoilseachán a aithint mar shealbhóirí cirt, is minic go mbíonn sé casta agus neamhéifeachtúil ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise na gcearta i bpreasfhoilseacháin maidir le húsáidí ar líne sa timpeallacht a cheadúnú agus a fhorfheidhmiú.
- = -
(61) Le roinnt blianta anuas, tá feidhmiú an mhargaidh ábhair ar líne éirithe níos casta.
Tá borradh tagtha faoi sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne lena soláthraítear rochtain ar mhéid mór inneachair atá faoi chosaint chóipchirt arna uaslódáil ag a n-úsáideoirí agus tá siad éirithe chun bheith ina bpríomhfhoinsí rochtana ar inneachar ar líne.
Ciallaíonn seirbhísí ar líne rochtain níos leithne ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha a sholáthar agus deiseanna iontacha a thabhairt do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha chun samhlacha nua gnó a fhorbairt.
Cé go gceadaíonn siad éagsúlacht agus éascaíocht maidir le rochtain ar inneachar, áfach, gineann siad dúshláin freisin nuair a uaslódáiltear inneachar faoi chosaint chóipchirt gan údarú roimh ré a fháil ó shealbhóirí cirt.
Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann i dtaobh an é go ndéanann soláthraithe na seirbhísí sin gníomhartha atá ábhartha do cóipcheart agus an gá dóibh údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt le haghaidh an inneachair atá uaslódáilte ag a n-úsáideoirí nach bhfuil na cearta ábhartha i seilbh acu san inneachar uaslódáilte, gan dochar do chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Leis an éiginnteacht sin, déantar difear d'fhéidearthachtaí na sealbhóirí cirt chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an úsáidfear a saothair agus ábhar eile agus cé na coinníollacha faoina n-úsáidfear iad, agus chomh maith leis sin an mbeidh siad ábalta luach saothair iomchuí a fháil ina leith.
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, forbairt an mhargaidh ceadúnúcháin idir sealbhóirí cirt agus soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a chothú.
Ba cheart na comhaontuithe ceadúnúcháin sin a bheith cothrom agus cóimheá réasúnta a choinneáil don dá pháirtí.
Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as úsáid a saothar nó ábhair eile.
Toisc nach ndéantar difear do shaoirse chonarthach leis na forálacha sin, áfach, níor cheart oibleagáid a chur ar na sealbhóirí cirt údarú a thabhairt ná comhaontuithe ceadúnúcháin a thabhairt i gcrích.
- = -
(62) Tá seirbhísí sochaí faisnéise áirithe, mar chuid dá ngnáthúsáid, deartha ar shlí go dtugann siad rochtain don phobal ar inneachar nó ábhar eile faoi chosaint chóipchirt arna uaslódáil ag a n-úsáideoir.
Leis an sainmhíniú a thugtar ar sheirbhís atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoin Treoir seo, níor cheart go ndíreofaí ach ar sheirbhísí ar líne a bhfuil ról tábhachtach acu i margadh an inneachair ar líne trína dhul san iomaíocht le seirbhísí inneachair ar líne eile, amhail seirbhísí sruthaithe fuaime agus físeáin ar líne, don lucht féachana céanna.
Is iad na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo na seirbhísí sin, arb é a bpríomhchuspóir nó ceann dá bpríomhchuspóirí méid mór inneachair atá faoi chosaint cóipchirt a stóráil agus cumasú d'úsáideoirí an t-inneachar sin a uaslódáil agus a roinnt chun críche brabús a fháil ón inneachar sin, go díreach nó go hindíreach, trína eagrú agus a chur chun cinn chun lucht féachana níos mó a mhealladh, lena n-áirítear é a chatagóiriú agus bolscaireacht spriocdhírithe a úsáid laistigh de.
Ní áirítear leis an sainmhíniú seirbhísí a bhfuil príomhchuspóir eile ag gabháil leo nach ionann é agus cumasú d'úsáideoirí méid mór inneachair faoi chosaint chóipchirt a uaslódáil agus a roinnt chun críche brabús a fháil ón ngníomhaíocht sin. Áirítear orthu sin, mar shampla, seirbhísí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, chomh maith le soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta gnólacht le gnólacht agus seirbhísí néalríomhaireachta, lena gceadaítear d'úsáideoirí inneachar a uaslódáil le haghaidh a n-úsáide féin, amhail cibearthaisceadáin, nó margaí ar líne arb é a bpríomhghnó miondíol ar líne, agus nach dtugann rochtain ar inneachar atá faoi chosaint chóipchirt.
- = -
(67) Ar bhealach comhchosúil le h Airteagal 16(2) de Threoir 2014/26/AE, tá feidhm ag an Treoir seo maidir le rialacha i dtaca le seirbhísí nua ar líne.
Tá na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo ceaptha an cás sonrach a bhaineann le cuideachtaí nuathionscanta a bhíonn ag obair le huaslódálacha úsáideoirí chun samhlacha nua gnó a fhorbairt a chur san áireamh.
An córas modhnaithe is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse nua ag a bhfuil láimhdeachas agus spriocphobal beag, ba cheart dó dul chun tairbhe fíor-fhiontar nua agus ba cheart dó, dá bhrí sin, scor d'fheidhm a bheith aige maidir leo 3 bliana tar éis do na seirbhísí sin a bheith ar fáil ar líne den chéad uair san Aontas. Níor cheart drochúsáid a bhaint as an gcóras in trí shocruithe a mbeadh sé mar aidhm leo a thairbhí a leathnú amach thar na chéad 3 bliana.
Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le seirbhísí nua-chruthaithe ná seirbhísí a sholáthraítear faoi ainm nua ach a shaothraíonn an ghníomhaíocht de chuid soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne atá cheana ann agus nach bhféadfadh tairbhiú den chóras sin nó nach dtairbhíonn a thuilleadh den chóras sin.
- = -