(10) Déantar foráil i ndlí an Aontais d'eisceachtaí agus do theorainneacha áirithe lena gcumhdaítear úsáidí chun críocha taighde eolaíochta a bhféadfar feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
Tá na heisceachtaí agus na teorainneacha sin roghnach, áfach, agus níl siad oiriúnaithe go hiomlán d'úsáid na dteicneolaíochtaí i dtaighde eolaíochta.
Thairis sin, i gcás ina bhfuil rochtain dhleathach ag taighdeoirí ar inneachar, mar shampla trí shíntiúis le foilseacháin nó trí cheadúnais oscailte, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí mianadóireacht téacsanna agus sonraí a eisiamh ó théarmaí na gceadúnas. Agus taighde á dhéanamh níos minice agus níos minice le cúnamh ó theicneolaíocht dhigiteach, tá baol ann, mura ndéanfar bearta chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil maidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, go mbeadh seasamh iomaíoch an Aontais mar limistéar taighde thíos leis.
- = -
(19) Le pointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE, ceadaítear do na Ballstáit eisceacht nó teorainn a thabhairt isteach ar na cearta atáirgthe, ar shaothar nó ábhar eile a chur in iúl don phobal agus a chur ar fáil don phobal sa chaoi is go bhféadfaidh daoine den phobal rochtain a fháil orthu ó áit nó ag am atá roghnaithe acu ina n-aonar, chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin.
Sa bhreis air sin, ceadaítear, le pointe (b) d'Airteagal 6(2) agus le pointe (b) d'Airteagal 9 de Threoir 96/9/CE, úsáid bunachair sonraí agus asbhaint cuid shuntasach dá ábhair chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc.
Tá raon feidhme na n-eisceachtaí nó na dteorainneacha sin mar atá feidhm acu maidir le húsáidí digiteacha doiléir.
Sa bhreis air sin, tá easpa soiléireachta ann i dtaobh an mbeadh feidhm ag na heisceachtaí nó ag na teorainneacha sin i gcás go gcuirfí an teagasc ar fáil ar líne agus ar mhodh cianoideachais. Thairis sin, ní dhéantar foráil leis an gcreat dlí atá ann cheana maidir le héifeacht trasteorann.
Féadfaidh an cúinse sin treampán a chur ar fhorbairt gníomhaíochtaí teagaisc a bhfuil tacaíocht dhigiteach ag gabháil leo agus ar chianfhoghlaim.
Dá bhrí sin, is gá eisceacht shainordaitheach nua nó teorainn shainordaitheach nua a thabhairt isteach chun a áirithiú go dtairbheoidh forais oideachais de dheimhneacht dhlíthiúil iomlán nuair a bhíonn saothair nó ábhar eile á n-úsáid acu i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha, lena n-áirítear ar líne agus thar theorainneacha.
- = -
(30) Ba cheart d'institiúidí oidhreachta cultúrtha tairbhiú de chreat soiléir chun saothair nó ábhar eile a dhigitiú agus a scaipeadh, lena n-áirítear thar theorainneacha, ar saothair iad nó ar ábhar eile é a mheastar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála chun críocha na Treorach seo. Ciallaíonn saintréithe áirithe bhailiúcháin na saothar nó na n-ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, áfach, mar aon leis an méid saothar agus ábhar eile a bhfuil baint acu le holltionscadail digitithe, go bhféadfaidh sé a bheith an-deacair toiliú na sealbhóirí cirt aonair a fháil roimh ré.
Is féidir é sin bheith amhlaidh, mar shampla, de dheasca aois na saothar nó an ábhair eile, a luach teoranta trachtála nó toisc nár beartaíodh iad riamh le haghaidh úsáid tráchtála nó toisc nach ndearnadh riamh iad a shaothrú ar bhonn tráchtála.
Mar sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le bearta chun go n-éascófar úsáidí áirithe saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá i mbailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha ar bhonn buan.
- = -
(32) Maidir le creat dlíthiúil oiriúnaithe is infheidhme maidir le comhcheadúnú, ní fhéadfaidh sé réiteach a sholáthar i gcomhair na gcásanna ar fad ina mbíonn deacrachtaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ó thaobh údaruithe uile na sealbhóirí cirt is gá a fháil le haghaidh úsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála.
D'fhéadfadh go mbeadh sé sin i gceist, mar shampla, nuair nach ann do chleachtas comhbhainistíochta ceart i gcás cineál áirithe saothar nó ábhar eile nó nuair nach bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ábhartha ionadaíoch a dóthain do chatagóir na sealbhóirí cirt agus na gceart lena mbaineann.
I gcásanna áirithe den sórt sin, ba cheart go mbeadh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá ina mbailiúchán ar líne ar bhonn buan a chur ar fáil ar líne i gcríocha uile an Aontais faoi eisceacht chomhchuibhithe nó faoi theorainn chomhchuibhithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara.
Tá sé tábhachtach nach dtarlóidh úsáidí faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin ach amháin i gcás go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le réitigh cheadúnúcháin a bheith ar fáil.
Níor cheart an easpa comhaontaithe maidir le coinníollacha an cheadúnais a léiriú mar easpa infhaighteachta réiteach ceadúnúcháin.
- = -
(41) Aon fhaisnéis maidir le húsáid thodhchaíoch agus leanúnach na saothar nó ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ar bhonn na Treorach seo agus na socruithe atá i bhfeidhm i gcomhair na sealbhóirí cirt uile eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceadúnas nó na heisceachta ná na teorann maidir lena saothair nó ábhar eile, ba cheart í a phoibliú go leormhaith roimh agus le linn na húsáide faoi cheadúnas nó faoin eisceacht nó faoin teorainn, de réir mar is iomchuí.
Tá poibliú den sórt sin tábhachtach go háirithe nuair a tharlóidh úsáidí thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach.
Mar sin, is iomchuí foráil a dhéanamh chun tairseach aonair ar líne atá inrochtana go poiblí a chruthú chun go gcuirfidh an tAontas d'fhonn an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar feadh tréimhse réasúnach ama sula dtarlóidh an úsáid.
Ba cheart go n-éascófaí leis an tairseach sin an fhéidearthacht do shealbhóirí eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceadúnas nó na heisceachta nó na teorann maidir lena saothair nó ábhar eile.
Faoi Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), cuirtear cúraimí agus gníomhaíochtaí áirithe ar iontaoibh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, arna maoiniú trí úsáid a bhaint as a modhanna buiséadacha féin agus a bhfuil sé mar aidhm acu gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta, na hearnála poiblí agus institiúidí an Aontais a éascú agus tacú leo sa chomhrac in aghaidh sárú ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear an sárú a chosc.
Is iomchuí mar sin dul ar iontaoibh na Oifige sin chun an tairseach Eorpach a bhunú agus a bhainistiú lena gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil.
- = -
(43) Maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo chun comhcheadúnú na gceart maidir le saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá go buan i mbailiúcháin institiúidí oidhreachta cultúrtha a éascú, ba cheart na bearta sin a bheith gan dochar d'úsáid saothar nó ábhair eile faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó faoi cheadúnais eile a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo, i gcás nach bhfuil ceadúnú den sórt sin bunaithe ar stádas na saothar nó ábhair eile arna gcumhdach mar shaothair nó mar ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála.
Ba cheart na bearta sin a bheith gan dochar freisin do shásraí náisiúnta le haghaidh úsáid saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá bunaithe ar cheadúnais idir eagraíochtaí comhbhainistíochta agus úsáideoirí seachas institiúidí oidhreachta cultúrtha.
- = -
(60) Is minic a fheidhmíonn foilsitheoirí, lena n-áirítear foilsitheoirí preasfhoilseachán, leabhar nó foilseachán eolaíoch agus foilseachán ceoil, ar bhonn aistriú chearta an údair trí bhíthin comhaontuithe conarthacha nó forálacha reachtúla.
Sa chomhthéacs sin, déanann foilsitheoirí infheistíocht d'fhonn na saothair atá ina bhfoilseacháin a shaothrú agus d'fhéadfadh sé i roinnt cásanna go mbainfí ioncam díobh i gcás go n-úsáidfí na saothair sin faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha amhail na cinn le haghaidh cóipeáil phríobháideach agus reipreagrafaíochta, lena n-áirítear na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha atá ann cheana le haghaidh reipreagrafaíocht sna Ballstáit, nó faoi scéimeanna iasachta poiblí.
Roinntear an cúiteamh in úsáidí faoi na heisceachtaí sin idir údair agus foilsitheoirí i roinnt Ballstát.
Chun an staid sin a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do gach páirtí lena mbaineann, ceadaíonn an Treoir seo do na Ballstáit a bhfuil scéimeanna maidir le cúiteamh a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i bhfeidhm cheana acu na scéimeanna sin a choinneáil.
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin i gcás na mBallstát sin a raibh na sásraí sin le haghaidh cúiteamh a chomhroinnt acu roimh an 12 Samhain 2015.
I mBallstáit eile, áfach, ní dhéantar cúiteamh a chomhroinnt agus is leis na húdair amháin é, i gcomhréir le beartais chultúrtha náisiúnta.
Cé gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir leis na Ballstáit uile, ba cheart na traidisiúin sa réimse sin a urramú leis agus níor cheart a chur d'oibleagáid ar na Ballstáit sin nach bhfuil na scéimeanna sin um chomhroinnt cúitimh i bhfeidhm iontu faoi láthair iad a thabhairt isteach.
Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shocruithe sa Bhallstát atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le luach saothair i gcomhthéacs iasachtú poiblí.
- = -