(10) Déantar foráil i ndlí an Aontais d'eisceachtaí agus do theorainneacha áirithe lena gcumhdaítear úsáidí chun críocha taighde eolaíochta a bhféadfar feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
Tá na heisceachtaí agus na teorainneacha sin roghnach, áfach, agus níl siad oiriúnaithe go hiomlán d'úsáid na dteicneolaíochtaí i dtaighde eolaíochta.
Thairis sin, i gcás ina bhfuil rochtain dhleathach ag taighdeoirí ar inneachar, mar shampla trí shíntiúis le foilseacháin nó trí cheadúnais oscailte, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí mianadóireacht téacsanna agus sonraí a eisiamh ó théarmaí na gceadúnas. Agus taighde á dhéanamh níos minice agus níos minice le cúnamh ó theicneolaíocht dhigiteach, tá baol ann, mura ndéanfar bearta chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil maidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, go mbeadh seasamh iomaíoch an Aontais mar limistéar taighde thíos leis.
- = -
(16) I bhfianaise líon mór iarrataí a d'fhéadfadh a bheith ann chun rochtain a fháil ar a saothair nó ar ábhar eile nó ar íoslódálacha díobh, ba cheart cead a thabhairt do shealbhóirí cirt bearta a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeadh riosca ann go bhféadfaí slándáil agus sláine a gcóras nó a mbunachar sonraí a chur i mbaol.
D'fhéadfaí na bearta sin a úsáid, mar shampla, chun a áirithiú nach bhféadfadh ach daoine a bhfuil rochtain dhleathach acu ar shonraí na sealbhóirí cirt rochtain a fháil orthu, lena n-áirítear trí bhailíochtú ar sheoladh IP nó fíordheimhniú úsáideora.
Ba cheart go leanfadh na bearta sin de bheith comhréireach leis na rioscaí i gceist agus níor cheart gur mhó iad ná a bhfuil riachtanach chun go saothrófar an sprioc chun slándáil agus sláine an chórais a áirithiú agus níor cheart go mbainfidís an bonn de chur i bhfeidhm éifeachtach na heisceachta.
- = -
(18) Sa bhreis ar an tábhacht atá leo i gcomhthéacs taighde eolaíoch, baineann eintitis phríobháideacha agus eintitis phoiblí araon úsáid fhorleathan as teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí chun anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí i réimsí éagsúla den saol agus ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí rialtais, cinntí casta gnó agus forbairt feidhmchlár nó teicneolaíochtaí nua.
Ba cheart do shealbhóirí cirt leanúint de bheith in ann úsáidí a gcuid saothar nó ábhar eile a cheadúnú, ar saothair agus ábhar eile iad a thagann lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sainordaithí dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch agus na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha atá ann cheana agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE.
Ag an am céanna, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfaí go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d'úsáideoirí teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí i dtaobh an féidir atáirgí agus asbhaintí arna ndéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích ar shaothair nó ar ábhar eile arna rochtain go dleathach, go háirithe nuair nach gcomhlíonann na hatáirgí nó na hasbhaintí arna ndéanamh chun críocha an phróisis theicniúil coinníollacha uile na heisceachta atá ann cheana maidir le gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Treoir 2001/29/CE.
Chun foráil a dhéanamh maidir le breis deimhneachta dlíthiúla i gcásanna den sórt sin agus chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach freisin, ba cheart, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht nó le teorainn i gcás atáirgí agus asbhaintí saothar nó ábhair eile, chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí, agus ba cheart cead a thabhairt na cóipeanna a choinneáil a fhad is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
- = -
(19) Le pointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE, ceadaítear do na Ballstáit eisceacht nó teorainn a thabhairt isteach ar na cearta atáirgthe, ar shaothar nó ábhar eile a chur in iúl don phobal agus a chur ar fáil don phobal sa chaoi is go bhféadfaidh daoine den phobal rochtain a fháil orthu ó áit nó ag am atá roghnaithe acu ina n-aonar, chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin.
Sa bhreis air sin, ceadaítear, le pointe (b) d'Airteagal 6(2) agus le pointe (b) d'Airteagal 9 de Threoir 96/9/CE, úsáid bunachair sonraí agus asbhaint cuid shuntasach dá ábhair chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc.
Tá raon feidhme na n-eisceachtaí nó na dteorainneacha sin mar atá feidhm acu maidir le húsáidí digiteacha doiléir.
Sa bhreis air sin, tá easpa soiléireachta ann i dtaobh an mbeadh feidhm ag na heisceachtaí nó ag na teorainneacha sin i gcás go gcuirfí an teagasc ar fáil ar líne agus ar mhodh cianoideachais. Thairis sin, ní dhéantar foráil leis an gcreat dlí atá ann cheana maidir le héifeacht trasteorann.
Féadfaidh an cúinse sin treampán a chur ar fhorbairt gníomhaíochtaí teagaisc a bhfuil tacaíocht dhigiteach ag gabháil leo agus ar chianfhoghlaim.
Dá bhrí sin, is gá eisceacht shainordaitheach nua nó teorainn shainordaitheach nua a thabhairt isteach chun a áirithiú go dtairbheoidh forais oideachais de dheimhneacht dhlíthiúil iomlán nuair a bhíonn saothair nó ábhar eile á n-úsáid acu i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha, lena n-áirítear ar líne agus thar theorainneacha.
- = -
(21) Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear leis an eisceacht nó leis an teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin úsáidí digiteacha saothar nó ábhair eile chun tacú leis an teagasc, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí foghlama, chun é a shaibhriú nó chun é a chomhlánú.
Ba cheart dáileadh bogearraí a cheadaítear faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin a bheith teoranta do tharchur digiteach na mbogearraí.
I bhformhór na gcásanna, bheadh le tuiscint as coincheap an léirithe, dá bhrí sin, gur úsáid a bhaintear as codanna nó sleachta amháin atá i gceist, rud nach mbeadh ina mhalairt ar ábhair a cheannach atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais. Agus an eisceacht nó an teorainn á cur chun feidhme, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a shonrú, i gcás na gcineálacha éagsúla saothar nó ábhair eile, ar mhodh cothrom, cad é an cion de shaothar nó d'ábhar eile is féidir a úsáid chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin.
Ba cheart a thuiscint go bhfuil riachtanais rochtana shonracha daoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs an léirithe ar mhaithe le teagasc cumhdaithe in úsáidí a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn.
- = -
(23) Tá socruithe éagsúla, bunaithe ar chur chun feidhme na heisceachta nó na teorann dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE nó ar chomhaontuithe ceadúnaithe lena gcumhdaítear úsáidí breise, i bhfeidhm i roinnt Ballstát chun úsáidí oideachais saothar agus ábhair eile a éascú.
Is iondúil na socruithe sin a bheith forbartha tar éis riachtanais na bhforas oideachais agus na leibhéal éagsúil oideachais a bheith curtha san áireamh.
Cé gur den bhunriachtanas é go ndéanfar raon feidhme na heisceachta sainordaithí nua nó na teorann sainordaithí nua i ndáil le húsáidí digiteacha agus le gníomhaíochtaí teagaisc trasteorann a chomhchuibhiú, is féidir socruithe don chur chun feidhme a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, sa mhéid nach gcuireann siad bac ar chur i bhfeidhm éifeachtach na heisceachta nó na teorann nó na n-úsáidí trasteorann.
Mar shampla, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a éileamh go n-úrramófar cearta morálta údar agus taibheoirí le húsáidí saothar nó ábhair eile.
Ba cheart don mhéid sin ligean do na Ballstáit tógáil ar shocruithe atá cheana ann agus atá tugtha i gcrích ar an leibhéal náisiúnta.
Go háirithe, d'fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go mbeadh cur i bhfeidhm na heisceachta nó an teorannaithe, go hiomlán nó go páirteach, faoi réir ag ceadúnais oiriúnacha a bheith ar fáil, lena gcumhdaítear ar a laghad na húsáidí céanna a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás nach gcumhdaíonn ceadúnais ach na húsáidí a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn, go bhfanfadh na húsáidí eile faoi réir na heisceachta nó na teorann.
- = -
(31) Ba cheart sásraí dlíthiúla a bheith i bhfeidhm i ngach Ballstát lena gceadófar d'eagraíochtaí comhbhainistíochta atá ábhartha agus a dhéanann ionadaíocht leordhóthanach thar ceann institiúidí oidhreachta cultúrtha ceadúnais a eisiúint le haghaidh úsáidí áirithe saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, ar sásraí iad a mbeadh feidhm acu freisin maidir le cearta sealbhóirí cirt nach bhfuil sainordú tugtha acu d'eagraíocht chomhbhainistíochta a dhéanann ionadaíocht ina leith sin.
Ba cheart go bhféadfaí, de bhun na Treorach seo, gach Ballstát de chuid an Aontais a chumhdach leis na ceadúnais sin.
- = -
(32) Maidir le creat dlíthiúil oiriúnaithe is infheidhme maidir le comhcheadúnú, ní fhéadfaidh sé réiteach a sholáthar i gcomhair na gcásanna ar fad ina mbíonn deacrachtaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ó thaobh údaruithe uile na sealbhóirí cirt is gá a fháil le haghaidh úsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála.
D'fhéadfadh go mbeadh sé sin i gceist, mar shampla, nuair nach ann do chleachtas comhbhainistíochta ceart i gcás cineál áirithe saothar nó ábhar eile nó nuair nach bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ábhartha ionadaíoch a dóthain do chatagóir na sealbhóirí cirt agus na gceart lena mbaineann.
I gcásanna áirithe den sórt sin, ba cheart go mbeadh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá ina mbailiúchán ar líne ar bhonn buan a chur ar fáil ar líne i gcríocha uile an Aontais faoi eisceacht chomhchuibhithe nó faoi theorainn chomhchuibhithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara.
Tá sé tábhachtach nach dtarlóidh úsáidí faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin ach amháin i gcás go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le réitigh cheadúnúcháin a bheith ar fáil.
Níor cheart an easpa comhaontaithe maidir le coinníollacha an cheadúnais a léiriú mar easpa infhaighteachta réiteach ceadúnúcháin.
- = -
(33) Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit, laistigh den chreat dá bhforáiltear sa Treoir seo, chun rogha a dhéanamh ar chineál sonrach an tsásra ceadúnúcháin a chuirfidh siad ar bun, amhail comhcheadúnú leathnaithe nó toimhdí ionadaíochta, ar mhaithe le húsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ag institiúidí oidhreachta cultúrtha, i gcomhréir lena dtraidisiúin, a gcleachtais nó a gcúinsí dlíthiúla.
Ba cheart freisin go mbeadh solúbthacht ag na Ballstáit maidir leis na ceanglais a chinneadh chun go mbeadh eagraíochtaí comhbhainistíochta ionadaíoch a ndóthain, fad is atá sé sin bunaithe ar líon suntasach de shealbhóirí cirt a bhfuil baint acu leis an gcineál saothar nó ábhair eile agus a bhfuil sainordú tugtha acu maidir leis an gcineál ábhartha úsáide a cheadúnú.
Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit rialacha sonracha a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le cásanna ina bhfuil níos mó ná eagraíocht chomhbhainistíochta amháin ionadaíoch do na saothair nó ábhar eile is ábhartha, lena gceanglaítear, mar shampla, comhcheadúnais nó comhaontú idir na heagraíochtaí ábhartha a thabhairt i gcrích.
- = -
(38) Agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh nach bhfuil saothair no ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála, ba cheart go mbeadh dícheall réasúnach ag teastáil chun measúnú a dhéanamh an bhfuil fáil ag an bpobal orthu trí na gnáthchainéil tráchtála, agus na saintréithe atá ag saothar nó ábhar eile nó sraith saothar ar leith nó ábhair eile á gcur san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh na bhfreagrachtaí i dtaca leis an dícheall réasúnach sin a dhéanamh.
Níor cheart go mbeadh sa dhícheall réasúnach gníomh atá le déanamh arís agus arís eile thar am, ach ba cheart mar sin féin go gcuirfí san áireamh freisin aon fhianaise atá inrochtana go héasca maidir le saothair nó ábhair eile a bheidh ar fáil go luath trí na gnáthchainéil thráchtála.
Níor cheart go mbeadh gá le measúnú saothar ar shaothar a dhéanamh ach amháin nuair a mheastar go bhfuil sé sin réasúnach i bhfianaise faisnéis ábhartha a bheith ar fáil, na dóchúlachta go mbeidh sé ar fáil ar bhonn tráchtála agus an chostais beartaíochta lena bhfuiltear ag súil.
Ba cheart go ndéanfaí an fíorú ar infhaighteacht saothair nó ábhair eile sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe, ach amháin má mheastar go bhfuil fíorú trasteorann réasúnach, mar shampla i gcás ina bhfuil faisnéis ar fáil go héasca gur céadfhoilsíodh saothar liteartha i leagan ar leith teanga i mBallstát eile.
I mórán cásanna, d'fhéadfaí stádas sraithe saothar nó ábhair eile mar shraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a chinneadh trí shásra comhréireach, amhail sampláil.
Maidir le saothar nó ábhar eile a bheith ar fáil ar bhonn teoranta, amhail é a bheith ar fáil i siopaí athláimhe, nó go bhféadfaí ceadúnas a fháil go teoiriciúil i gcás saothair nó ábhair eile, níor cheart a mheas gurb ionann an méid sin agus é a bheith ar fáil don phobal trí na gnáthchainéil tráchtála.
- = -
(39) Ar chúiseanna cúirtéise idirnáisiúnta, ba cheart nach mbeadh feidhm ag an sásra ceadúnúcháin agus an eisceacht nó an teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo le haghaidh saothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a dhigitiú agus a scaipeadh maidir le sraitheanna saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás ina bhfuil fianaise ar fáil lena thoimhdiú gurb éard atá iontu saothair nó ábhar eile de chuid tríú tíortha den chuid is mó, ach amháin i gcás ina bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta lena mbaineann ionadaíoch a dóthain don tríú tír sin, mar shampla trí chomhaontú ionadaíochta.
D'fhéadfadh an measúnú sin a bheith bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil tar éis an díchill réasúnaigh chun stádas na saothar a mheas mar shaothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, gan gá a bheith ann tuilleadh fianaise a lorg.
Níor cheart go mbeadh gá le measúnú “saothar ar shaothar” a dhéanamh ar thionscnamh na saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ach amháin a mhéid is gá chun infhaighteacht tráchtála a chinneadh leis an dícheall réasúnach.
- = -
(40) Ba cheart go mbeadh an saor-rogha i gcónaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha agus ag eagraíochtaí comhbhainistíochta raon feidhme críochach an cheadúnais, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcumhdófaí leis gach Ballstát, an táille ceadúnais agus na húsáidí atá ceadaithe a chomhaontú.
Níor cheart úsáidí a chumhdaítear leis an gceadúnas sin a bheith chun críche brabús a dhéanamh, lena n-áirítear nuair a bhíonn cóipeanna á ndáileadh ag an institiúid oidhreachta cultúrtha, amhail, mar shampla, ábhar bolscaireachta faoi thaispeántas. San am céanna, toisc gur féidir le hinfheistíochtaí suntasacha a bheith ag gabháil le digitiú bhailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha, níor cheart go gcuirfeadh aon cheadúnais arna ndeonú faoin sásra dá bhforáiltear sa Treoir seo bac ar institiúidí oidhreachta cultúrtha costais an cheadúnais a chumhdach mar aon leis na costais chun na saothair agus ábhar eile faoin gceadúnas a dhigitiú agus a scaipeadh.
- = -
(44) Le sásraí comhcheadúnaithe a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo, ceadaítear d'eagraíocht chomhbhainistíochta ceadúnais a thairiscint mar chomhlacht comhcheadúnúcháin thar ceann sealbhóirí cirt, gan beann ar cibé an bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht déanamh amhlaidh.
Cleachtas seanbhunaithe i méid áirithe Ballstát is ea córais a bhfuil na sásraí sin ina ndúshraith orthu, amhail comhcheadúnú leathnaithe, sainorduithe dlíthiúla nó toimhdí ionadaíochta agus féadfar iad a úsáid i réimsí éagsúla.
Má tá creat cóipchirt feidhmiúil a oibríonn do na páirtithe go léir chun bheith ann, caithfear sásraí comhréireacha dlíthiúla a bheith ar fáil le haghaidh saothair nó ábhair eile a cheadúnú.
Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na Ballstáit in ann brath ar réitigh, lena gceadaítear d'eagraíochtaí comhbhainistíochta ceadúnais a thairiscint lena gcumhdófaí méideanna móra saothar nó ábhar eile a d'fhéadfadh a bheith ann le haghaidh cineálacha áirithe úsáide, agus an t-ioncam a eascraíonn as na ceadúnais sin a dháileadh ar shealbhóirí cirt, i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE.
- = -
(46) I bhfianaise a thábhachtaí atá an cumas réitigh sholúbtha ceadúnaithe a thairiscint sa ré dhigiteach, agus i bhfianaise úsáid mhéadaithe na scéimeanna sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le sásraí ceadúnúcháin lena gceadaítear d'eagraíochtaí comhbhainistíochta ceadúnais a thabhairt i gcrích, ar bhonn deonach, gan beann ar cibé an bhfuil údarú tugtha ag gach sealbhóir cirt don eagraíocht déanamh amhlaidh.
Ba cheart go mbeadh sé ar chumas na mBallstát scéimeanna den sórt sin a chothabháil agus a thabhairt isteach i gcomhréir lena dtraidisiúin, a gcleachtais nó a n-imthosca náisiúnta, faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais agus d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Ní bheadh éifeacht ag na scéimeanna sin ach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt i ndlí an Aontais. Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit maidir le roghnú chineál sonrach an tsásra lena gceadaítear ceadúnais do shaothair nó ábhar eile a leathnú chuig cearta sealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht a dhéanann an comhaontú a thabhairt i gcrích, ar choinníoll go bhfuil an sásra sin i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le comhbhainistíocht ar chearta dá bhforáiltear i dTreoir 2014/26/AE.
Go háirithe, ba cheart a áirithiú leis na scéimeanna sin freisin go mbeidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/26/AE maidir le sealbhóirí cirt nach bhfuil ina gcomhaltaí den eagraíocht a dhéanann an comhaontú a thabhairt i gcrích.
Féadfar comhcheadúnú leathnaithe, sainordú dlíthiúil agus toimhdí ionadaíochta a áireamh sna sásraí sin.
Níor cheart go ndéanfadh forálacha na Treorach seo maidir le comhcheadúnú difear do na féidearthachtaí atá ag na Ballstáit cheana comhbhainistíocht éigeantach ceart nó sásraí comhcheadúnúcháin eile a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo a chur i bhfeidhm, amhail í sin atá san áireamh in Airteagal 3 de Threoir 93/83/CEE ón gComhairle (12).
- = -
(47) Tá sé tábhachtach nach gcuirtear na sásraí sin i bhfeidhm ach i limistéir úsáide atá sainithe go maith, i gcásanna inar gnách go mbíonn sé an-deacair agus neamhphraiticiúil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair sa mhéid agus nach dócha go dtarlódh an t-idirbheart ceadúnúcháin is gá, eadhon ceann a bhaineann le ceadúnas lena gcumhdaítear na sealbhóirí cirt go léir lena mbaineann, de bharr chineál na húsáide nó chineálacha na saothar lena mbaineann.
Ba cheart na sásraí sin a bheith bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis an gcaoi a gcaitear le sealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí den chomheagraíocht bainistíochta iad.
Go háirithe, maidir le sealbhóirí cirt lena mbaineann, i gcás nach náisiúnaigh ná cónaitheoirí iad de Bhallstát an úsáideora a bhfuil ceadúnas á lorg acu, nó i gcás nach bhfuil siad bunaithe ann, níor cheart an fíoras sin ann féin a bheith ina chúis lena mheas go bhfuil imréiteach na gceart chomh trom agus chomh neamhphraiticiúil sin agus go mbeadh údar maith leis na sásraí sin a úsáid.
Tá sé chomh tábhachtach céanna nach ndéanfaidh úsáid ceadúnaithe difear díobhálach do luach eacnamaíoch na gceart ábhartha ná sochair thráchtála shuntasacha a bhaint de shealbhóirí cirt.
- = -
(49) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le cuspóir agus raon feidhme aon cheadúnais a dheonaítear mar thoradh ar na sásraí sin, chomh maith leis na húsáidí a d'fhéadfadh a bheith ann, gur cheart iad a bheith sainithe go cúramach i reachtaíocht nó, i gcás gur foráil ghinearálta í an reachtaíocht fholuiteach, sna cleachtais cheadúnaithe a chuirtear i bhfeidhm de thoradh na bhforálacha ginearálta sin, nó sna ceadúnais arna ndeonú.
Ba cheart freisin go mbeadh an cumas chun ceadúnas a oibriú faoi na sásraí sin teoranta do na heagraíochtaí comhbhainistíochta um chearta, ar eagraíochtaí iad atá faoi réir an dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2014/26/AE chun feidhme.
- = -
(51) Tá an acmhainn ag seirbhísí físeáin ar éileamh ról cinntitheach a bheith acu agus saothair chlosamhairc á scaipeadh ar fud an Aontais. Tá infhaighteacht na saothar sin fós teoranta, áfach, go háirithe saothair Eorpacha, ar sheirbhísí físeán ar éileamh.
D'fhéadfadh sé a bheith deacair comhaontuithe maidir le saothrú ar líne na saothar sin a thabhairt chun críche de bharr saincheisteanna a bhaineann le cearta a cheadúnú.
D'fhéadfadh na saincheisteanna sin teacht chun cinn, mar shampla, i gcás ina mbeadh dreasacht eacnamaíoch íseal ag sealbhóir na gceart i gcás críoch ar leith obair ar líne a shaothrú agus nach ndéanann an sealbhóir sin na cearta ar líne a cheadúnú nó a choimeád siar, rud d'fhéadfadh a bheith ina chúis le neamh-infhaighteacht na saothar closamhairc ar sheirbhísí físeán ar éileamh.
D'fhéadfadh saincheisteanna eile a bheith nasctha le deiseanna saothraithe.
- = -
(52) Chun ceadúnú na gceart i saothair chlosamhairc le haghaidh seirbhísí físeáin ar éileamh a éascú, ceanglaítear ar na Ballstáit leis an Treoir seo foráil a dhéanamh maidir le sásra caibidlíochta lena gceadaítear do pháirtithe, ar mian leo comhaontú a chur i gcrích, dul ar iontaoibh cúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaí amháin nó níos mó.
Chun na críche sin, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit comhlacht nua a bhunú nó brath ar cheann atá cheana ann agus a chomhlíonann na coinníollacha a bhunaítear leis an Treoir seo. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit údarás inniúil nó idirghabhálaí amháin nó níos mó a ainmniú.
Ba cheart go mbeadh cruinniú ag an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe leis na páirtithe chun cabhrú leis an gcaibidlíocht trí chomhairle ghairmiúil, neamhchlaonta agus sheachtrach a sholáthar.
I gcás ina mbeidh baint ag páirtithe as Ballstáit éagsúla leis an gcaibidlíocht, ba cheart do na páirtithe sin teacht ar chomhaontú roimh ré maidir leis an mBallstát inniúil, más rud é go bhfuil sé cinntithe acu brath ar an sásra caibidlíochta.
D'fhéadfadh an comhlacht nó na hidirghabhálaithe teacht le chéile leis na páirtithe chun tús a chur leis an gcaibidlíocht nó le linn na caibidlíochta chun comhaontú a thabhairt chun críche.
Maidir le rannpháirtíocht sa sásra caibidlíochta agus tabhairt chun críche na gcomhaontuithe ina dhiaidh sin, ba cheart iad a bheith deonach agus níor cheart go ndéanfaidís difear do shaoirse chonarthach na bpáirtithe.
Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit breith a thabhairt ar fheidhmiú nithiúil an tsásra caibidlíochta, lena n-áirítear uainiú agus ré an chúnaimh don chaibidlíocht agus na costais arna dtabhú.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ualaí riaracháin agus airgeadais comhréireach i gcónaí chun éifeachtúlacht an tsásra caibidlíochta a ráthú.
Gan é a bheith ina oibleagáid orthu, ba cheart do na Ballstáit idirphlé idir eagraíochtaí ionadaíocha a spreagadh.
- = -
(56) Chun críocha na Treorach seo, is gá an coincheap do phreasfhoilseacháin a shainmhíniú ar bhealach nach gcumhdófaí leis ach foilseacháin iriseoireachta amháin, arna bhfoilsiú i meáin ar bith, lena n-áirítear ar pháipéar, i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíche arb ionann í agus soláthar seirbhísí faoi dhlí an Aontais. I measc na bpreasfhoilseachán atá le cumhdach, bheadh, mar shampla, nuachtáin laethúla, irisí seachtainiúla nó míosúla ar ábhair ghinearálta nó shainspéise, lena n-áirítear irisí bunaithe ar shíntiúis, agus suíomhanna gréasáin nuachta.
Saothair liteartha den chuid is mó a bhíonn le fáil i bpreasfhoilseacháin, ach níos mó agus níos mó bíonn cineálacha eile saothar agus ábhair eile le fáil iontu, go háirithe grianghraif agus físeáin.
Níor cheart go gcumhdófaí foilseacháin thréimhsiúla a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíocha, leis an gcosaint a dheonaítear do phreasfhoilseacháin faoin Treoir seo. Níor cheart ach oiread go mbeadh feidhm ag an gcosaint sin maidir le suíomhanna gréasáin, amhail blaganna, a sholáthraíonn faisnéis mar chuid de ghníomhaíocht nach gcuirtear i gcrích faoi thionscnamh, faoi fhreagracht eagarthóireachta agus faoi rialú an tsoláthraí seirbhíse, amhail foilsitheoir nuachta.
- = -
(57) Ba cheart go mbeadh an raon feidhme céanna ag na cearta a dheonaítear d'fhoilsitheoirí preasfhoilseacháin faoin Treoir seo agus ag na cearta a ghabhann le hatáirgeadh agus le cur ar fáil don phobal dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE, a mhéid a bhaineann sé le húsáidí ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí na faisnéise.
Níor cheart na cearta a dheonaítear d'fhoilsitheoirí preasfhoilseachán a leathnú chuig hipearnascadh.
Níor cheart iad a leathnú ach oiread chuig díreach fíorais a bheith á dtuairisciú i bpreasfhoilseacháin.
Ba cheart freisin go mbeidís faoi réir na bhforálacha céanna maidir le heisceachtaí agus le teorainneacha agus atá na cinn sin is infheidhme maidir leis na cearta dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE, lena n-áirítear an eisceacht i gcás athfhriotal chun críocha critice nó léirmheastóireachta, mar shampla, arna leagan síos i bpointe (d) d'Airteagal 5(3) den Treoir sin.
- = -
(59) Níor cheart go ndéanfadh an chosaint a dheonaítear d'fhoilsitheoirí preasfhoilseacháin faoin Treoir seo difear do chearta na n-údar agus na sealbhóirí cirt eile i leith na saothar agus ábhar eile arna n-ionchorprú iontu, lena n-áirítear maidir lena mhéid is féidir le húdair agus le sealbhóirí cirt eile a saothair nó ábhar eile a shaothrú go neamhspléach ó phreasfhoilseacháin ina bhfuil siad ionchorpraithe.
Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh foilsitheoirí preasfhoilseacháin in ann an chosaint a dheonaítear dóibh a agairt i gcoinne údar agus sealbhóirí cirt eile nó i gcoinne úsáideoirí údaraithe eile na saothar agus ábhar eile céanna.
Níor cheart dochar a bheith sa mhéid seo do shocruithe conarthacha a thugtar chun críche idir foilsitheoirí preasfhoilseacháin, ar thaobh amháin, agus údair agus sealbhóirí cirt, ar an taobh eile. Údair a bhfuil a saothair ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán, ba cheart go mbeidís i dteideal sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí preasa as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.
Níor cheart dochar a bheith sa mhéid seo do dhlíthe na mBallstát maidir le húinéireacht nó feidhmiú na gceart i gcomhthéacs conarthaí fostaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais.
- = -
(65) Nuair a bhíonn soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoi dhliteanas as gníomhaíochtaí cumarsáide leis an bpobal nó nuair a dhéanann siad inneachar a chur ar fáil don phobal faoi na coinníollacha a bhunaítear faoin Treoir seo, níor cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE maidir leis an dliteanas a eascraíonn as an bhforáil sa Treoir seo maidir le úsáid inneachair chosanta ag soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne.
Níor cheart go ndéanfadh an méid sin difear d'Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthraithe seirbhíse sin chun na gcríoch atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.
- = -
(66) Á chur san áireamh go ndéanann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne rochtain a thabhairt d'inneachar nach iad féin ach a gcuid úsáideoirí a uaslódálann é, is iomchuí foráil do shásra dliteanais sonrach chun críocha na Treorach seo le haghaidh cásanna nach bhfuil údarú ar bith deonaithe ina leith.
Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar do na leigheasanna faoin dlí náisiúnta le haghaidh cásanna seachas dliteanas i gcás sáruithe ar chóipcheart ná don fhéidearthacht ag cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin urghairí a eisiúint i gcomhlíonadh dhlí an Aontais. Go háirithe, i gcás an chórais shonraigh is infheidhme i leith soláthraithe seirbhíse nua atá ag comhroinnt inneachar ar líne ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil atá faoi EUR 10 milliún agus nach mó a meánlíon de chuairteoirí uathúla míosúla san Aontas ná 5 mhilliún, níor cheart go ndéanfadh sé difear d'infhaighteacht na leigheasanna faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.
I gcás nach bhfuil aon údarú deonaithe do na soláthraithe seirbhíse, ba cheart go ndéanfaidís a lándícheall i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal chun go seachnófaí saothair neamhúdaraithe agus ábhar eile, amhail a bheidh aitheanta ag na sealbhóirí cirt ábhartha, a bheith ar fáil ar a gcuid seirbhísí.
Chun na críche sin, ba cheart do na sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach a sholáthar do na soláthraithe seirbhíse, á chur san áireamh dóibh, i measc tosca eile, líon na sealbhóirí cirt agus cineál a gcuid saothar agus ábhar eile.
Na céimeanna a ghlacann na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne i gcomhar leis na sealbhóirí cirt, níor cheart go leanfadh as go mbeadh cosc á chur ar inneachar neamhsháraitheach a bheith ar fáil, lena n-áirítear úsáid saothar nó ábhar cosanta eile atá clúdaithe ag comhaontú ceadúnaithe nó ag eisceacht nó teorainn ar chóipcheart.
Ar an tslí sin, níor cheart go ndéanfadh sé difear d'úsáideoirí a úsáideann seirbhísí na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun faisnéis a uaslódáil agus a rochtain go dleathach ar na seirbhísí sin.
- = -
(67) Ar bhealach comhchosúil le h Airteagal 16(2) de Threoir 2014/26/AE, tá feidhm ag an Treoir seo maidir le rialacha i dtaca le seirbhísí nua ar líne.
Tá na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo ceaptha an cás sonrach a bhaineann le cuideachtaí nuathionscanta a bhíonn ag obair le huaslódálacha úsáideoirí chun samhlacha nua gnó a fhorbairt a chur san áireamh.
An córas modhnaithe is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse nua ag a bhfuil láimhdeachas agus spriocphobal beag, ba cheart dó dul chun tairbhe fíor-fhiontar nua agus ba cheart dó, dá bhrí sin, scor d'fheidhm a bheith aige maidir leo 3 bliana tar éis do na seirbhísí sin a bheith ar fáil ar líne den chéad uair san Aontas. Níor cheart drochúsáid a bhaint as an gcóras in trí shocruithe a mbeadh sé mar aidhm leo a thairbhí a leathnú amach thar na chéad 3 bliana.
Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le seirbhísí nua-chruthaithe ná seirbhísí a sholáthraítear faoi ainm nua ach a shaothraíonn an ghníomhaíocht de chuid soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne atá cheana ann agus nach bhféadfadh tairbhiú den chóras sin nó nach dtairbhíonn a thuilleadh den chóras sin.
- = -
(68) Ba cheart na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bheith trédhearcach i leith na sealbhóirí cirt a mhéid a bhaineann leis na céimeanna a ghlacann siad i gcomhthéacs an chomhair.
De bhrí go bhféadadh na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, ba cheart dóibh faisnéis leormhaith a thabhairt do na sealbhóirí cirt, arna iarraidh sin dóibh, i dtaobh na gcineálacha gníomhaíochta atá déanta acu agus i dtaobh na caoi a bhfuil siad á gcur chun feidhme.
Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith sonrach a dóthain chun dóthain trédhearcachta a sholáthar do shealbhóirí cirt, gan dochar do rúin ghnó na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne.
Níor cheart, áfach, go mbeadh de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse faisnéis mhionsonraithe agus indibhidiúlaithe le haghaidh gach saothar agus ábhar eile atá sainaitheanta a sholáthar do shealbhóirí cirt.
Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do shocruithe conarthacha, a bhféadfadh forálacha níos sonraí a bheith iontu i dtaobh na faisnéise atá le soláthar i gcás ina ndéantar comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir soláthraithe seirbhíse agus sealbhóirí cirt.
- = -
(69) I gcás ina bhfaigheann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne údaruithe, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceadúnaithe, chun inneachar atá uaslódáilte ag úsáideoirí na seirbhíse a úsáid ar an tseirbhís, ba cheart go gclúdóidís freisin gníomhaíochtaí ábhartha cóipchirt i leith na n-uaslódálacha ag na húsáideoirí faoi réir raon feidhme an údaraithe a dheonaítear do na soláthraithe seirbhíse, ach é sin amháin i gcásanna ina ngníomhaíonn na húsáideoirí chun críocha neamhthráchtála, amhail a n-inneachar a chomhroinnt gan aon chríoch bhrabúsmhar, nó nuair a nach bhfuil an t-ioncam a ghineann a gcuid uaslódálacha suntasach a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht chóipchirt na n-úsáideoirí atá ábhartha maidir le cóipcheart agus a bhfuil siad clúdaithe ina leith.
Nuair a bhíonn údarú tugtha go sainráite ag sealbhóirí cirt d'úsáideoirí á rá go bhféadfaidh siad saothair nó ábhar eile a uaslódáil nó a chur ar fáil ar sheirbhís atá ag comhroinnt inneachar ar líne, tá an ghníomhaíocht trína ndéantar an tseirbhís a chur i láthair an phobail údaraithe faoi réir bhrí raon feidhme an údaraithe a bheidh deonaithe ag an sealbhóir cirt.
Níor cheart, áfach, go mbeadh aon toimhde ann i bhfabhar na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne sa tuiscint go bhfuil na cearta ábhartha go léir imréitithe ag a gcuid úsáideoirí.
- = -
(70) Ba cheart go mbeadh na céimeanna a ghlacann na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gan dochar do chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha ar chóipcheart, lena n-áirítear go háirithe iadsan a ráthaíonn saorchead cainte na n-úsáideoirí.
Ba cheart go gceadófaí d'úsáideoirí inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí go sonrach ar mhaithe le hathlua, critic, léirmheas, scigmhagadh, scigaithris nó paistís a uaslódáil agus a chur ar fáil.
Tá tábhacht ar leith leis seo chun cóimheá a aimsiú idir na cearta bunúsacha atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirse cainte agus saoirse na n-ealaíon, agus an ceart chun maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil.
Ar na cúiseanna sin, ba cheart go mbeadh na heisceachtaí sin éigeantach chun a áirithiú go bhfaigheann úsáideoirí cosaint aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbíonn sásra éifeachtach gearáin agus sásaimh á oibriú ag seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun tacú leis na húsaidí chun na gcríoch sonrach sin.
- = -
(71) A luaithe agus is féidir i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, idirphléite a eagrú idir geallsealbhóirí chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach do oibleagáid an chomhair idir soláthraithe seirbhíse roinnte ábhair ar líne agus sealbhóirí cirt a áirithiú agus chun sárchleachtais i leith chaighdeáin iomchuí an díchill ghairmiúil sa tionscal a bhunú.
Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí úsáideoirí agus soláthraithe teicneolaíochta, agus aird a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh.
Ba cheart freisin go mbeadh rochtain ag eagraíochtaí úsáideoirí ar fhaisnéis i dtaobh gníomhaíochtaí a dhéanann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun inneachar ar líne a bhainistiú.
- = -
(73) Ba cheart go mbeadh an luach saothair a fhaigheann údair agus taibheoirí iomchuí agus comhréireach leis an luach eacnamaíoch iarbhír nó féideartha a ghabhann le cearta faoi cheadúnas nó cearta aistrithe, ag cur san áireamh rannchuidiú an údair nó an taibheora i leith an tsaothair ina iomláine nó an ábhair ina iomláine agus imthosca uile an cháis, amhail cleachtais an mhargaidh nó saothrú iarbhír an tsaothair.
Is féidir le híocaíocht chnapshuime a bheith ina luach saothair comhréireach freisin, ach níor cheart gurb é sin a bheadh ann mar riail.
Ba cheart go mbeadh an saoirse ag na Ballstáit cásanna sonracha a shainiú ina bhféadfaí cnapshuimeanna a chur i bhfeidhm ag cur sonraíochtaí gach earnála san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh a chur chun feidhme trí shásraí éagsúla atá cheana ann nó a thabharfar isteach as an nua, agus a bhféadfadh cómhargáil nó sásraí eile a bheith san áireamh leo, ar choinníoll go bhfuil na sásraí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
- = -
(75) Toisc gur gnách le húdair agus le taibheoirí a bheith sa riocht níos laige go conarthach nuair a dheonaíonn siad ceadúnais nó nuair a aistríonn siad a gcearta, tá faisnéis de dhíth orthu chun luach leantach eacnamaíoch a gceart a mheas, i gcomparáid leis an luach saothair a fuair siad don cheadúnas nó don aistriú, ach is minic a bhíonn easpa trédhearcachta rompu.
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh faisnéis leormhaith agus chruinn á roinnt ag a gcomhpháirtithe conarthacha nó ag a gcomharbaí i dteideal, le haghaidh na trédhearcachta agus na cothromaíochta sa chóras a rialaíonn luach saothair na n-údar agus na dtaibheoirí.
Ba cheart don fhaisnéis sin a bheith cothrom le dáta chun go bhféadfar sonraí úrnua a rochtain, ábhartha do shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, agus cuimsitheach ar bhealach go gclúdódh sé na foinsí uile ioncaim is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta.
Ar feadh na tréimhse a mhaireann an saothrú, ba cheart do chontrapháirtithe conarthacha na n-údar agus na dtaibheoirí an fhaisnéis atá ar fáil dóibh i dtaobh na modhanna uile saothraithe agus gach ioncam ábhartha ar fud an domhain a sholáthar ag eatraimh rialta atá iomchuí san earnáil ábhartha, ach é sin a dhéanamh ar a laghad uair sa bhliain.
Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach atá cuimsitheach don údar nó don taibheoir agus ba cheart go bhfágfadh sé gur féidir measúnú éifeachtach a dhéanamh ar luach eacnamaíoch na gceart i dtrácht.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag oibleagáid na trédhearcachta ach amháin sa chás inar cearta ábhartha cóipchirt atá i gceist.
An phróiseáil ar shonraí pearsanta, amhail mionsonraí teagmhála agus faisnéis i dtaobh luach saothair, atá riachtanach chun údair agus taibheoirí a choinneáil ar an eolas i dtaobh shaothrú a saothar agus a dtaibhithe, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/679.
- = -
(76) Chun a áirithiú go ndéantar faisnéis a bhaineann leis an saothrú a sholáthar go cuí d'údair agus do thaibheoirí freisin sna cásanna ina bhfuil na cearta faoi fhochonradh chuig páirtithe eile a shaothraíonn na cearta, déanann an Treoir seo an teideal a thabhairt d'údair agus do thaibheoirí, i gcásanna ina bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil dóibh soláthraithe ag an gcéad chontrapháirtí conarthach ach nach leor an fhaisnéis a fuarthas chun luach eacnamaíoch a gceart a mheasúnú, faisnéis ábhartha bhreise a iarraidh maidir le saothrú a gceart.
Ba cheart an iarraidh sin a dhéanamh go díreach ar fhocheadúnaithe nó trí chontrapháirtithe conarthacha na n-údar agus na dtaibheoirí..
Ba cheart go bhféadfadh údair agus taibheoirí agus a gcontrapháirtithe conarthacha a chomhaontú go ndéanfaí an fhaisnéis chomhroinnte a choinneáil i modh rúin, ach ba cheart i gcónaí go mbeadh an deis ag údair agus taibheoirí an fhaisnéis chomhroinnte a úsáid chun críche a gcearta faoin Treoir seo a fheidhmiú.
Ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, foráil do bhearta breise trí fhorálacha náisiúnta chun trédhearcacht d'údair agus do thaibheoirí a áirithiú.
- = -
(79) Is minic a bhíonn údair agus taibheoirí drogallach a gcearta a fhorfheidhmiú i gcoinne a gcomhpháirtithe conarthacha os comhair cúirte nó binse.
Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit foráil maidir le nós imeachta um réiteach malartach díospóide chun díriú ar éilimh ó údair agus taibheoirí nó óna n-ionadaithe thar a gceann agus a bhaineann le hoibleagáidí trédhearcachta agus leis an sásra coigeartaithe conartha.
Chun na críche sin, ba cheart do mbeadh Ballstáit ábalta comhlacht nó sásra nua a bhunú nó brath ar cheann atá cheana ann agus a chomhlíonann na coinníollacha a bhunaítear leis an Treoir seo gan beann ar na comhlachtaí nó na sasraí sin a bheith faoi threoir an tionscail nó faoi threoir an phobail, lena n-áirítear nuair atá an comhlacht nó sásra sin corpraithe sa chóras breithiúnais náisiúnta.
Ba cheart solúbthacht a bheith ag Ballstáit agus iad ag cinneadh cén chaoi ar cheart na costais a ghabhann le nós imeachta réitigh díospóide a leithdháileadh.
Ba cheart an nós imeachta um réiteach malartach díospóide sin a bheith gan dochar do cheart na bpáirtithe a gcearta a éileamh agus a chosaint trí chaingean a thabhairt os comhair cúirte.
- = -
(80) Nuair a dhéanann údair agus taibheoirí a gcearta a chur faoi cheadúnas nó a aistriú, bíonn siad ag súil leis go ndéanfar a saothar nó a dtaibhiú a shaothrú.
D'fhéadfadh sé tarlú, áfach, go mbíonn saothair nó taibhithe curtha faoi cheadúnas nó aistrithe agus nach ndéantar iad a shaothrú ar chor ar bith.
Nuair a bhíonn na cearta sin aistrithe ar bhonn eisiach, ní féidir le húdair agus taibheoirí iompú chuig comhpháirtí eile chun go ndéanfaí a gcuid oibre nó taibhithe a shaothrú.
Sa chás sin, agus tar éis tréimhse réasúnach ama a bheith caite, ba cheart go mbeadh údair agus taibheoirí in ann tairbhiú de shásra um chearta a chúlghairm, rud a thabharfadh an deis dóibh a gcearta a aistriú chuig duine eile nó iad a chur faoi cheadúnas ag duine eile. Ós rud é gur féidir leis an leibhéal saothraithe a dhéantar ar shaothair nó ar thaibhithe athrú ag brath ar na hearnálacha, d'fhéadfaí forálacha sonracha a leagan síos ar an leibhéal náisiúnta chun sonraíochtaí na n-earnálacha, amhail an earnáil closamhairc, nó na saothar nó na taibhithe a chur san áireamh, go háirithe ag foráil do chreataí ama le haghaidh an chirt cúlghairme.
Chun leasanna dlisteanacha na ndaoine a dhéanann cearta a chur faoi cheadúnas nó a aistriú a chosaint agus chun drochúsáidí a chosc, agus á chur san áireamh go bhfuil gá le méid áirithe ama sula ndéantar saothar nó taibhiú a shaothrú go hiarbhír, ba cheart go mbeadh údair agus taibheoirí in ann an ceart cúlghairme a fheidhmiú i gcomhréir le ceanglais nós imeachta áirithe agus nach bhféadfadh siad é sin a dhéanamh ach amháin i ndiaidh tréimhse áirithe ama tar éis don cheadúnas nó don chomhaontú aistrithe a bheith tugtha i gcrích.
Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit feidhmiú an chirt cúlghairme a rialáil faoin dlí náisiúnta i gcás saothair nó taibhithe a bhfuil níos mó ná údar amháin nó taibheoir amháin páirteach iontu, agus tábhacht ábhartha na rannchuidithe aonair á gcur san áireamh.
- = -
(81) Na forálacha amaidir le trédhearcacht, sásraí coigeartaithe conartha agus nósanna imeachta um réiteach malartach díospóide a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart iad a bheith de chineál éigeantach agus níor cheart go mbeadh páirtithe in ann maolú ó na forálacha conarthacha sin, bídís ar áireamh sna conarthaí idir údair, taibheoirí agus a gcontrapháirtithe conarthacha nó i gcomhaontuithe idir na contrapháirtithe sin agus tríú páirtithe, amhail comhaontuithe neamhnochta.
Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) sa mhéid agus má tá gach eilimint eile atá ábhartha don staid, ag an tráth a dhéantar an rogha maidir leis an dlí is infheidhme suite i mBallstát amháin nó níos mó nach ndéanfaidh rogha na bpáirtithe i dtaobh an dlí is infheidhme, seachas dlí Ballstáit, dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le trédhearcacht, sásraí coigeartaithe conartha agus nósanna imeachta um réiteach malartach díospóide a leagtar síos sa Treoir seo, de réir mar atá siad curtha chun feidhme i mBallstát an fhóraim.
- = -