(22) Níor cheart úsáid na saothar nó an ábhair eile faoin eisceacht nó faoin teorainn n críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin tarlú ach i gcomhthéacs gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama amháin arna gcur i gcrích faoi fhreagracht foras oideachais, lena n-áirítear le linn scrúduithe nó gníomhaíochtaí teagaisc a tharlaíonn lasmuigh d'áitreabh foras oideachais, mar shampla i músaem, i leabharlann nó in institiúid oidhreachta cultúrtha eile, agus ba cheart í a bheith teoranta don mhéid is gá chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh.
Ba cheart a chumhdach leis an eisceacht nó leis an teorainn úsáidí saothar nó ábhair eile arna ndéanamh sa seomra ranga nó in ionaid eile trí mhodhanna digiteacha, mar shampla cláir bhána leictreonacha nó gléasanna digiteacha a d'fhéadfadh a bheith nasctha leis an idirlíon, mar aon le húsáidí a dhéantar go cianda trí thimpeallachtaí leictreonacha slána, amhail i gcomhthéacs cúrsaí ar líne nó rochtain ar ábhar teagaisc lena gcomhlánaítear cúrsa ar leith.
Ba cheart a thuiscint le timpeallachtaí leictreonacha slána gurb é atá i gceist leo rochtain ar thimpeallachtaí digiteacha teagaisc agus foghlama atá teoranta d'fhoireann teagaisc de chuid forais oideachais agus do na daltaí nó do na mic léinn atá cláraithe i gclár staidéir, go háirithe trí nósanna imeachta fíordheimhnithe iomchuí, lena n-áirítear fíordheimhniú bunaithe ar phasfhocal.
- = -
(26) Toisc gurb ann do chineálacha éagsúla cur chuige maidir le gníomhartha atáirgthe ar mhaithe le caomhnú ag institiúidí oidhreachta cultúrtha sna Ballstáit treampán ar chomhar trasteorann, ar chomhroinnt modhanna caomhnaithe agus ar bhunú líonraí caomhnaithe trasteorann sa mhargadh inmheánach ag na hinstitiúidí sin, as a leanann úsáid neamhéifeachtach acmhainní.
Is féidir tionchar diúltach a bheith ag an méid sin ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
- = -
(38) Agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh nach bhfuil saothair no ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála, ba cheart go mbeadh dícheall réasúnach ag teastáil chun measúnú a dhéanamh an bhfuil fáil ag an bpobal orthu trí na gnáthchainéil tráchtála, agus na saintréithe atá ag saothar nó ábhar eile nó sraith saothar ar leith nó ábhair eile á gcur san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh na bhfreagrachtaí i dtaca leis an dícheall réasúnach sin a dhéanamh.
Níor cheart go mbeadh sa dhícheall réasúnach gníomh atá le déanamh arís agus arís eile thar am, ach ba cheart mar sin féin go gcuirfí san áireamh freisin aon fhianaise atá inrochtana go héasca maidir le saothair nó ábhair eile a bheidh ar fáil go luath trí na gnáthchainéil thráchtála.
Níor cheart go mbeadh gá le measúnú saothar ar shaothar a dhéanamh ach amháin nuair a mheastar go bhfuil sé sin réasúnach i bhfianaise faisnéis ábhartha a bheith ar fáil, na dóchúlachta go mbeidh sé ar fáil ar bhonn tráchtála agus an chostais beartaíochta lena bhfuiltear ag súil.
Ba cheart go ndéanfaí an fíorú ar infhaighteacht saothair nó ábhair eile sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe, ach amháin má mheastar go bhfuil fíorú trasteorann réasúnach, mar shampla i gcás ina bhfuil faisnéis ar fáil go héasca gur céadfhoilsíodh saothar liteartha i leagan ar leith teanga i mBallstát eile.
I mórán cásanna, d'fhéadfaí stádas sraithe saothar nó ábhair eile mar shraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a chinneadh trí shásra comhréireach, amhail sampláil.
Maidir le saothar nó ábhar eile a bheith ar fáil ar bhonn teoranta, amhail é a bheith ar fáil i siopaí athláimhe, nó go bhféadfaí ceadúnas a fháil go teoiriciúil i gcás saothair nó ábhair eile, níor cheart a mheas gurb ionann an méid sin agus é a bheith ar fáil don phobal trí na gnáthchainéil tráchtála.
- = -
(39) Ar chúiseanna cúirtéise idirnáisiúnta, ba cheart nach mbeadh feidhm ag an sásra ceadúnúcháin agus an eisceacht nó an teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo le haghaidh saothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a dhigitiú agus a scaipeadh maidir le sraitheanna saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás ina bhfuil fianaise ar fáil lena thoimhdiú gurb éard atá iontu saothair nó ábhar eile de chuid tríú tíortha den chuid is mó, ach amháin i gcás ina bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta lena mbaineann ionadaíoch a dóthain don tríú tír sin, mar shampla trí chomhaontú ionadaíochta.
D'fhéadfadh an measúnú sin a bheith bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil tar éis an díchill réasúnaigh chun stádas na saothar a mheas mar shaothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, gan gá a bheith ann tuilleadh fianaise a lorg.
Níor cheart go mbeadh gá le measúnú “saothar ar shaothar” a dhéanamh ar thionscnamh na saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ach amháin a mhéid is gá chun infhaighteacht tráchtála a chinneadh leis an dícheall réasúnach.
- = -
(73) Ba cheart go mbeadh an luach saothair a fhaigheann údair agus taibheoirí iomchuí agus comhréireach leis an luach eacnamaíoch iarbhír nó féideartha a ghabhann le cearta faoi cheadúnas nó cearta aistrithe, ag cur san áireamh rannchuidiú an údair nó an taibheora i leith an tsaothair ina iomláine nó an ábhair ina iomláine agus imthosca uile an cháis, amhail cleachtais an mhargaidh nó saothrú iarbhír an tsaothair.
Is féidir le híocaíocht chnapshuime a bheith ina luach saothair comhréireach freisin, ach níor cheart gurb é sin a bheadh ann mar riail.
Ba cheart go mbeadh an saoirse ag na Ballstáit cásanna sonracha a shainiú ina bhféadfaí cnapshuimeanna a chur i bhfeidhm ag cur sonraíochtaí gach earnála san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh a chur chun feidhme trí shásraí éagsúla atá cheana ann nó a thabharfar isteach as an nua, agus a bhféadfadh cómhargáil nó sásraí eile a bheith san áireamh leo, ar choinníoll go bhfuil na sásraí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
- = -